Liam Ó Loingsigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Liam Ó Loingsigh

Bhí Liam Ó Loingsigh (Béarla: Liam Lynch; 9 Samhain, 189310 Aibreán, 1923) ina oifigeach ar Óglaigh na hÉireann i rith Chogadh na Saoirse agus ina ghinearál ar na fórsaí a throid i gcoinne an chonartha i rith Chogadh Cathartha na hÉireann.

A óige[athraigh | athraigh vicithéacs]

Rugadh Liam i mBarr na nGabhar, sráidbhaile beag i gContae Luimneach, gar do Bhaile Mhistéala i gContae Chorcaí. Jeremiah agus Máire Ceallaigh Uí Loingsigh ab ea a thuistí. D'fhreastail sé ar Scoil Ghleann na gCreabhar agus é ina ghasúr óg.

Sa bhliain 1910, agus é seacht mbliana déag d'aois, thosaigh sé ar phrintíseacht i gcrua-earraí trádála Uí Néill i mBaile Mhistéala, áit a raibh sé ina bhall de Chonradh na Gaeilge agus d'Ord Ársa na nIbeirneach. Níos déanaí fuair sé post i gCeannaí Adhmaid de Barra i mBaile Mhainistir Fhear Maí. Díreach tar éis Éirí Amach na Cásca, 1916, bhí sé i láthair nuair a ghabháil agus mharaigh baill de chuid Chonstáblacht Ríoga na hÉireann David agus Richard Ceannt as Teach Bawnard.

Cogadh na Saoirse[athraigh | athraigh vicithéacs]

I gCorcaigh, chuir Ó Loingsigh eagar ar na hÓglaigh ansin sa bhliain 1919, agus i rith an chogaidh bhí sé ina Cheannfort ar Bhriogáid 2 den IRA. Chabhraigh Ó Loingsigh le gabháil an oifigigh Shasanaigh Ginearál Lucas i mí an Mheithimh, 1920. Lámhachadh Coirnéil Danford le linn na heachtra. D'éalaigh Lucas nuair a bhí sé ina chime ag fir an IRA as Contae an Chláir. Gabhadh é féin, agus oifigigh eile de chuid Bhriogáid 2, i Halla Cathrach Chorcaí i mí Lúnasa, 1920. Gabhadh Traolach Mac Suibhne, méara Chorcaí - a fuair bás de bharr stailc ocrais i bpríosún. Thug an Loingseach ainm bréige, agus ligeadh saor é trí lá níos déanaí. I rith an ama chéanna, bhí na Sasanaigh tar éis beirt a mharú, ag ceapadh gur Liam a bhí iontu (bhí an t-ainm céanna acu).

I mí Mheán Fómhair, 1920, chuaigh sé féin agus Ernie Ó Mháille, le buíon go Mala le ceanncheathrú saighdiúirí na Breataine sa bhaile sin a ghabháil. Ghabh siad na hairm go léir a bhí sa dún agus chuir siad an foirgneamh trí thine. Roimh dheireadh na bliana 1920, fuair briogáid Uí Loingsigh an bua ar fhórsaí na Sasanaigh i dhá luíochán. Lean sé leis an dtreallchogaíocht i dtús na bliana 1921. Ach maraíodh deichniúr óglach le linn an fheachtais, agus gabhadh ochtar eile i Mainistir Na Morna, agus theip ar luíochán ar traein ag Upton.

I mí Aibreáin 1921, atheagraíodh an t-IRA arís, ar bhonn réigiúnach. Bhí an méid sin clú agus cáil bainte amach ag Liam gur ceapadh é ina Cheannfort ar Chéad Rannán an Deiscirt. Ón am seo go dtí an sos cogaidh a chuir deireadh leis an gcogadh i mí Iúil 1921, bhí an rannán seo faoi bhrú de bharr méadú fórsaí na Sasanaigh sa Deisceart agus rinneadh atheagrú ar an bhfórsa seo mar threallchogaithe. Nuair a tháinig an sos cogaidh bhí Loingsigh sásta toisc an easpa airm a bhí aige, ach cheap sé go leanfadh an cogadh ar aghaidh ar ball.

Níor ghlac sé le téarmaí an Chonartha Angla-Éireannaigh agus throid sé in aghaidh an tSaorstáit sa Chogadh Cathartha a tháinig ina sála. Níor éirigh lena chuid iarrachtaí agus buadh ar na poblachtánaigh sa chogadh. Fuair sé bás de ghortaithe tar éis gur éirigh le fórsaí an tSaorstáit a chuid fear a thimpeallú i mí Aibreáin 1923. Nior mhair an cogadh i bhfad tar éis a bháis.