Baile Mhistéala

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Infotaula de geografia políticaBaile Mhistéala
Mitchelstown, 1978 geograph-3174900-by-Ben-Brooksbank.jpg
Edit the value on Wikidata

Suíomh
 52°15′56″N 8°16′12″W / 52.265636°N 8.269958°W / 52.265636; -8.269958
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Mumhan
Contae in ÉirinnContae Chorcaí Edit the value on Wikidata
Tíreolaíocht
Achar dromchla 2.83 km² Edit the value on Wikidata
Airde 103 m Edit the value on Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Eile

Láithreán gréasáin mitchelstown.eu Edit the value on Wikidata

Baile i gContae Chorcaí is ea Baile Mhistéala. Bhunaigh cuid de mhuintir Normannach FitzDavid de St Michel é sa 13ú haois, agus ainmníodh as Micheál Ardaingeal é. Baile tuaithe i ndeisceart na tíre atá ann, le daonra de 4,500, suite i sean-pharóiste Bhrí Gobhann. Tá Baile Mhistéala lonnaithe sa ghleann ó theas ó na Gaibhlte. Tá an baile 14 ciliméadar siar ó Phluaiseanna Bhaile Mhistéala atá i gContae Thiobraid Árann, agus timpeall 29 ciliméadar ón Chathair, Co. Thiobraid Árann, 59 ciliméadar ó chathair Luimnigh, agus 62 ciliméadar ó chathair Chorcaí. Tá cáil ar Bhaile Mhistéala mar gheall ar an gcáis a dhéantaí ann san fhichiú haois.