Proinséas Mhic Gearailt

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Frances Fitzgerald)
Infotaula de personaProinséas Mhic Gearailt

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith1 Lúnasa 1950
73 bliana d'aois
Cromadh, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Feisire de Pharlaimint na hEorpa
Ina hionadaí do: Fine Gael

2 Iúil 2019 –
Téarma parlaiminte: Naoú Parlaimint na hEorpa


Ionadaí an Tionóil Pharlaiminte de Chomhairle na hEorpa
Ina hionadaí do: Éire

21 Eanáir 2019 –
An tAire Post, Fiontar agus Nuálaíochta
14 Meitheamh 2017 – 28 Samhain 2017
← Mary Mitchell O'ConnorLeo Varadkar →
Tánaiste
6 Bealtaine 2016 – 28 Samhain 2017
← Joan BurtonSíomón Ó Cómhanaigh →
Teachta Dála
10 Márta 2016 – 28 Meitheamh 2019
Téarma parlaiminte: 32ú Dáil


An tAire Dlí agus Cirt
8 Bealtaine 2014 – 14 Meitheamh 2017
← Alan ShatterCharles Flanagan →
An tAire Leanaí agus Gnóthaí Óige
9 Márta 2011 – 7 Bealtaine 2014 – Charles Flanagan →
Teachta Dála
9 Márta 2011 – 3 Feabhra 2016 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 31ú Dáil


Seanadóir na hÉireann
23 Iúil 2007 – 25 Feabhra 2011
Téarma parlaiminte: 23ú Seanad Éireann

Toghcheantar: Rolla Oibreachais
Teachta Dála
26 Meitheamh 1997 – 25 Aibreán 2002 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 28ú Dáil


Teachta Dála
14 Nollaig 1992 – 15 Bealtaine 1997 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 27ú Dáil


Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síAn Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath
London School of Economics Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmpolaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaFine Gael Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
CéileMichael Fitzgerald (1990–) Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinfrancesfitzgerald.ie Cuir in eagar ar Wikidata
Facebook: FitzgeraldFrances Twitter: FitzgeraldFrncs Cuir in eagar ar Wikidata

Is polaiteoir Éireannach d'Fhine Gael í Proinséas Mhic Gearailt (Béarla: Frances Fitzgerald) (a rugadh ar 1 Lúnasa, 1950 ) a bhí ina Tánaiste agus ina hAire Dlí agus Cirt agus Comhionannais. Bhí sí ina Teachta Dála do cheantar Bhaile Átha Cliath Lár-Iarthar ó 2011.

Bhíodh sí ina ball den Seanad ar phainéal Pháirtí an Lucht Oibre ón mbliain 2007–11. Bhí ina TD roimhe sin arís do cheantar Bhaile Átha Cliath Theas-Thoir ón mbliain 1992 go 2002.

Is Feisire de Pharlaimint na hEorpa do Chathair agus Contae Bhaile Átha Cliath í Proinséas Mhic Gearailt agus tá sí ina Leas-Uachtarán ar Ghrúpa PPE i bParlaimint na hEorpa.

Bhí Proinséas ina Parlaiminteoir de chuid Fhine Gael ar feadh breis is 20 bliain sular toghadh chun Parlaimint na hEorpa í in 2019. Thug sí téarma ina Seanadóir agus ina T.D. i mBaile Átha Cliath Thiar-Meán (2007-2019) agus bhí sí ina T.D. de chuid Fhine Gael i mBaile Átha Cliath Thoir Theas (1992-2002) roimhe sin.

Bhí sí ina Tánaiste ó 2016 go dtí 2017, an post Stáit ba dhéanaí a bhí aici. Níor ceapadh riamh ach ceathrar ban chun bheith ina dTánaistí agus bhí Proinséas ar dhuine acu. Ina theannta sin, tá téarma tugtha aici mar an tAire Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta (2017); an tAire Dlí agus Cirt agus Comhionannais (2014-17) agus bhí sí ar an gcéad Aire Leanaí agus Gnóthaí Óige ag an Stát (2011-14).

Toghadh Proinséas chun Parlaimint na hEorpa i mbliain a 2019 mar chuid de Thoscaireacht Pháirtí an Phobail Eorpaigh (PPE). Tá sí ina lánchomhalta den Choiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne (FEMM) agus den Choiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (ECON) agus ina comhalta ionadaíoch den Choiste um Fhorbairt (DEVE) agus den Choiste Fiosrúcháin maidir le hÚsáid Pegasus agus Earraí Spiaireachta Faireachais Comhchosúla. Lena chois sin, tá Proinséas ina hurlabhraí ag PPE don Choiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]