Gerry Adams

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Gearóid Mac Ádhaimh)
Gerry Adams
Gerry Adams Pre Election Press Conference.jpg
ball de Thionól Thuaisceart Éireann 1982–89


Toghchán: 1982 Northern Ireland Assembly election (en) Aistrigh
Ball den 49ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe

Meitheamh 9, 1983 - Bealtaine 18, 1987
Dúiche: Béal Feirste Thiar
Toghchán: Olltoghchán na Ríochta Aontaithe 1983
Ceannaire Sinn Féin

Samhain 13, 1983 - Feabhra 10, 2018
Ruairí Ó Brádaigh - Mary Lou McDonald
Ball den 50ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe

Meitheamh 11, 1987 - Márta 16, 1992
Dúiche: Béal Feirste Thiar
Toghchán: Olltoghchán na Ríochta Aontaithe 1987
Ball den 52ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe

Bealtaine 1, 1997 - Bealtaine 14, 2001
Dúiche: Béal Feirste Thiar
Toghchán: Olltoghchán na Ríochta Aontaithe 1997
ball den 1ú Tionól i dTuaisceart Éireann 1973–74

Meitheamh 25, 1998 - Aibreán 28, 2003
Joe Hendron (en) Aistrigh
Dúiche: Béal Feirste Thiar (Toghcheantar Tionóil)
Toghchán: Toghchán Thionól Thuaisceart Éireann 1998
Ball den 53ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe

Meitheamh 7, 2001 - Aibreán 11, 2005
Dúiche: Béal Feirste Thiar
Toghchán: Olltoghchán na Ríochta Aontaithe 2001
ball den 2ú Tionól i dTuaisceart Éireann 1973–74

Samhain 26, 2003 - Eanáir 30, 2007
Dúiche: Béal Feirste Thiar (Toghcheantar Tionóil)
Toghchán: Toghchán Thionól Thuaisceart Éireann 2003
Ball den 54ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe

Bealtaine 5, 2005 - Aibreán 12, 2010
Dúiche: Béal Feirste Thiar
Toghchán: Olltoghchán na Ríochta Aontaithe 2005
ball den 3ú Tionól i dTuaisceart Éireann

Márta 9, 2007 - Nollaig 7, 2010 - Pat Sheehan
Dúiche: Béal Feirste Thiar (Toghcheantar Tionóil)
Toghchán: Toghchán Thionól Thuaisceart Éireann 2007
Ball den 53ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe

Bealtaine 6, 2010 - Eanáir 26, 2011
Dúiche: Béal Feirste Thiar
Toghchán: Olltoghchán na Ríochta Aontaithe 2010
Teachta Dála

Márta 9, 2011 - Feabhra 3, 2016
Dúiche:
Toghchán: Olltoghchán na hÉireann 2011
Teachta Dála

Márta 10, 2016 - Eanáir 14, 2020
Dúiche:
Toghchán: Olltoghchán 2016 in Éirinn
Saol
Eolas breitheBéal Feirste, 6 Deireadh Fómhair 1948 (74 bliain d’aois)
NáisiúntachtÉire
An Ríocht Aontaithe
Oideachas
Alma materSt. Mary's Christian Brothers' Grammar School, Belfast (en) Aistrigh
St Finian's Primary School (en) Aistrigh
Belleville High School (en) Aistrigh
Teangachaan Béarla
Gairm
Gairmpolaiteoir
Áit oibreLondain
Cleamhnú
ReiligiúinCaitliceachas
Páirtithe polaitíochtaSinn Féin
IMDbnm1128049
sinnfein.ie…
TwitterGerryAdamsSF

Is polaiteoir Éireannach é Gerry Adams (Gaeilge: Gearóid Mac Ádhaimh). Saolaíodh é ar an séú lá de Mhí Dheireadh Fómhair sa bhliain 1946 i mBaile Uí Mhurchú, Béal Feirste. Tá sé ina Theachta Dála don dáilcheantar An Lú (agus Oirthear na Mí.) Ba Uachtarán Shinn Féin é go dtí Feabhra 2018 nuair a d'éirigh sé as an ról agus toghadh Mary Lou McDonald ina hUachtarán ar an pháirtí.[1]

Saol polaitiúil[cuir in eagar | athraigh foinse]

D’éirigh sé gníomhach i ngluaiseacht na gceart sibhialta sna 1960idí, agus bhí sé gníomhach i bhfeachtais in aghaidh an idirdhealaithe maidir le cúrsaí tithíochta.

Rinneadh é a imtheorannú in 1972. I Mí Iúil sa bhliain 1972 scaoileadh saor é chun bheith páirteach i gcainteanna rúnda i Londain. Tar éis a athghabhadh, rinne sé iarracht éalú ach cuireadh i bpríosún é.

Ar an 21 Deireadh Fómhair 1982, toghadh Adams (agus Martin McGuinness) ar Chomhthionól Uladh. Baineadh geit as muintir na Bunaíochta[2].

Sa bhliain 1984 scaoileadh agus gortaíodh go dona é in ionsaí a rinne grúpa dílseacht a bhí ag obair i gclaonpháirteachas le forásaí faisnéise na Breataine.

Bhí Adams ina uachtarán ar Shinn Féin idir 1983-2018. Chomh maith leis sin, b'fheisire é i bParlaimint na Ríochta Aontaithe idir 1983-1992 agus arís idir 1997-2011. Ba chomhalta den Tionól Reachtach é i dtuaisceart na hÉireann idir 1998-2010. Ba Theachta Dála é thar ceann Chontae an Lú idir 2011-2020. D'éirigh sé as a ról mar ionadaí tofa in 2020.

Leabhair le Gerry Adams[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Falls Memories, (1982)
  • The Politics of Irish Freedom, (1986)
  • A Pathway to Peace, (1988)
  • An Irish Voice
  • Cage Eleven, (1990)
  • The Street and Other Stories, (1992)
  • Free Ireland: Towards a Lasting Peace, (1995)
  • Before the Dawn, 1996, Brandon Books, ISBN 0-434-00341-7
  • Selected Writings
  • Who Fears to Speak...?, 2001(Original Edition 1991), Beyond the Pale Publications, ISBN 1-900960-13-3
  • An Irish Journal, (2001), Brandon Books, ISBN 0-86322-282-X
  • Hope and History, (2003), Brandon Books, ISBN 0-86322-330-3
  • A Farther Shore, (2005), Random House
  • An Irish Eye, (2007), Brandon Books
  • An tSráid agus Scéalta Eile Tiontú Gaeilge ar Street and Other Stories, (1992)

Naisc Sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Eoin Ó Murchú (2018). "Laoch mór ár linne é Gerry Adams" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-12-28.
  2. Féach ar nuacht BBC ar Youtube