Éanna Ó Coinnigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Enda Kenny)
Éanna Ó Coinnigh
Ministru prezidents Valdis Dombrovskis tiekas ar Īrijas premjerministru Endu Keniju (8970532200) (cropped).jpg

In oifig
9 Márta 2011 - inniu
Réamhtheachtaí: Brian Ó Comhain
Comharba: (i seilbh oifige)

Ceannaire Fhine Gael
In oifig
2 Meitheamh 2002 – inniu
Réamhtheachtaí: Mícheál Ó Nuanáin
Comharba: (i seilbh oifige)

Aire Turasóireachta agus Trádála
In oifig
15 Nollaig 19946 Meitheamh 1997
Réamhtheachtaí: Cathal Mac Riabhaigh
Comharba: Séamus Mac Daibhéad

Ceannaire an Fhreasúra
In oifig
2 Meitheamh 2002 - 9 Márta 2011
Réamhtheachtaí: Micheál Ó Nuanáin
Comharba: Mícheál Ó Máirtín

Dáta breithe 24 Aibreán 1951
  Caisleán an Bharraigh
Páirtí Fine Gael
Gairm Múinteoir bunscoile
Céile Fionnuala O'Kelly
Suíomh gréasáin FineGael.ie - próifíl

Is polaiteoir Éireannach é Éanna Ó Coinnigh[1][2] (nó Éanna Ó Cionnaith uaireanta) (24 Aibreán, 1951 a rugadh é) nó Enda Kenny mar is fearr aithne air as Béarla. Is é an 12ú Taoiseach ar Phoblacht na hÉireann ó 9 Márta 2011 chomh maith le bheith ina cheannaire ar Fhine Gael. Vótáladh isteach don chéad uair é sa bhliain 1975 ó dháilcheantar Mhaigh Eo, agus é ag teacht i gcomharbas ar a athair, Henry Kenny.

Is é an Teachta Dála is faide seirbhís gan bhriseadh ('Athair na Dála') i nDáil Éireann faoi láthair agus is é an chéad cheannaire ar Fhine Gael ó rialtas Ghearóid Mhic Gearailt i 1982 ar éirigh leis dul i mbun rialtais trí olltoghchán a bhuachan.

Óige agus saol pearsanta[athraigh | edit source]

Rugadh Éanna Ó Coinnigh do Henry Kenny agus dá bhean chéile i 1951 i gCaisleán an Bharraigh agus tógadh é ar fheirm bheag a mhuintire i nDoire an Chuais i Maigh Eo. Is é an tríú páiste is sine de chúigear. D'fhreastail sé ar bhunscoil Phádraig, ar Choláiste Ghearailt i gCaisleán an Bharraigh, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, agus ar Choláiste Phádraig i nDroim Conrach, Baile Átha Cliath, áit ar cháiligh sé mar mhúinteoir bunscoile.

Bhí cáil ar a athair mar pheileadóir Gaelach a bhí páirteach san fhoireann as Maigh Eo a bhuaigh Craobh Uile-Éireann sa bhliain 1936. Bhí an fear céanna ina Theachta Dála de chuid Fhine Gael ó 1954, ach fuair sé bás d'ailse i 1975. Tá dúil mhór ag Éanna é féin sa pheil agus bhí sé ina pheileadóir agus ina thraenálaí sa chlub áitiúil in Oileán Éadaí nuair a bhí sé ina fhear óg. Roghnaíodh Éanna le seasamh ar son an pháirtí san fhothoghchán a ghaireadh chun an suíochán sin a líonadh agus d'éirigh leis é a bhuachan gan stró le 52.80% de na vótaí céadrogha.[3] Tá éirithe leis a shuíochán Dála a choinneáil i ngach aon olltoghchán ó shin. Cé gurb é 'Athair na Dála' faoi láthair, ba é 'Leanbh na Dála' nuair a toghadh ar dtús é, toisc é a bheith ar an Teachta Dála ab óige ag an am.

Phós sé Fionnuala O'Kelly sa bhliain 1992, tar éis dó aithne a chuir uirthi breis is deich mbliana roimhe sin, nuair a bhí sí ag obair i bpreasoifig Fhianna Fáil i dTeach Laighean. Tá cónaí orthu i Maigh Eo agus tá triúr páistí acu faoi láthair, mar atá, Aoibhinn, Ferdia agus Naoise.[4]

Taitníonn cnocadóireacht/sléibhteoireacht leis mar chaitheamh aimsire agus dhreap sé go mullach Kilimanjaro sa bhliain 2003 agus tá sléibhte eile ar fud na hÉireann dreaptha aige le blianta fada anuas. Is léitheoir cíocrach é chomh maith agus suim ar leith aige i leabhair staire. Is breá leis ceol Bruce Springsteen chomh maith.

Gairmréim go dtí 2001[athraigh | edit source]

Chaith Ó Coinnigh breis is deich mbliana ina chúlbhinseoir sular ceapadh é ina Aire Sóisearach Oideachais agus Saothair i rialtas Ghearóid Mhic Gearailt i 1986. D'oibrigh sé mar Aire Sóisearach Turasóireachta agus Trádála sa chomhrialtas bogha ceatha a mhair idir 1994 agus 1997 chomh maith.

Chuaigh sé san iomaíocht le bheith mar cheannaire Fhine Gael sa bhliain 2001, tar éis do Sheán de Briotún éirí as an bpost sin, ach thug Mícheál Ó Nuanáin, iar-Aire Sláinte, an svae leis sa chomórtas sin. D'éirigh go tubaisteach le Fine Gael in Olltoghchán 2002, áfach, nuair nach bhfuair siad ach 31 suíochán (laghdú 23 suíochán[5]) agus ba ghá don Nuanánach éirí as mar cheannaire chomh maith mar gheall ar an toradh sin. Sheas Ó Cionaoith arís i gcomórtas ceannaireachta 2002 agus d'éirigh leis an bua a fháil faoi dheireadh ansin.

Bhí de pholasaí aige féin agus ag Brian Hayes an Ghaeilge a dhéanamh éigeantach san Ardteist, polasaí a tharraing cáineadh géar ó mhuintir na hÉireann. Tar éis an cháinte seo, dúradh go ndéanfaí athbhreithniú ar mhúineadh na teanga agus ansin go mbreathnófaí arís ar a héigeantas.

Tréimhse mar cheannaire an fhreasúra[athraigh | edit source]

Nuair a toghadh Ó Coinnigh mar cheannaire Fhine Gael, bhí an páirtí go mór in ísle brí agus bhí cuid mhaith cainte ann faoi dheireadh a bheith ag teacht leis an bpáirtí, ach chuaigh sé i mbun oibre go díograiseach chun an príomhpháirtí freasúra a atógáil. Thaistil sé ar fud na tíre ar mhaithe le bualadh le baill agus grúpaí áitiúla Fhine Gael le bheith ag éisteacht agus ag plé leo, chomh maith le bheith ag iarraidh iad a spreagadh agus chun beocht nua a chur sa pháirtí. Dhírigh sé go speisialta ar atógáil an pháirtí ón mbonn aníos trí bhallra an pháirtí a mhéadú agus ar thiomsú airgid. Chuir sé deireadh leis an gcosc a bhí ar ghlacadh le síntiúis chorparáideacha a bhí curtha i bhfeidhm ag Mícheál Ó Nuanáin mar cheannaire roimhe sin, rud a chiallaigh go raibh Fine Gael in ann glacadh le hairgead ó lucht gnó arís.[6]

D'éirigh thar barr le Fine Gael i dtoghcháin áitiúla 2004 nuair a d'éirigh leo 293 suíochán údarás áitiúil a bhaint amach (16 breise) agus cuid mhaith de na suíochán tógtha acu ó Fhianna Fáil, páirtí ar bualadh go dona iad sna toghcháin chéanna (laghdú 80 suíochán). Anuas air sin, d'éirigh le Fine Gael níos mó suíochán a bhuachan ná Fianna Fáil i bParlaimint na hEorpa sna toghcháin Eorpacha a bhí ar siúl ag an am céanna leis na toghcháin áitiúla agus ba é seo an chéad uair riamh ar éirigh le Fine Gael Fianna Fáil a shárú i dtoghchán ar bith ó thaobh líon suíochán de (5 shuíochán as 13 cinn i gcomparáid le 4 cinn ag Fianna Fáil).

Rinne FG socrú le Páirtí an Lucht Oibre tar éis toghcháin áitiúla 2004 maidir le comhoibriú vótála in Olltoghchán 2007, rud ar a tugadh ' Comhaontú an Mhuilinn Chearr', ar mhaithe le cur in aghaidh pháirtithe an rialtais ag an am.

Nuair a bhí vótaí an olltoghcháin i 2007 comhairthe, ba léir go raibh dul chun cinn mór déanta ag Fine Gael ó thaobh líon suíochán de (méadú 20 suíochán go 51), ach níor leor é le dul i mbun rialtais, ó ba rud é go raibh níos mó suíocháin Dála ag Fianna Fáil go fóill agus ba ghá gach uile pháirtí sa fhreasúra a thabhairt le chéile chun comhrialtas nua a chruthú, rud nach raibh dóchúil i bhfianaise líon na ndreamanna éagsúla polaitiúla a bhí ag teastáil. D'éirigh le rialtas Bertie Ahern rialtas nua a chruthú leis an bPáirtí Daonlathach agus le páirtí comhrialtais nua, mar atá, An Comhaontas Glas.

Coimhlint an Cheannaire[athraigh | edit source]

Sa bhliain 2010, d'fhógair Richard Bruton nach raibh muinín aige as Kenny bheith mar cheannaire an pháirtí agus chuige sin go raibh sé féin ag dul chun cinn le cur isteach ar cheannaireacht an pháirtí. Bhris Kenny é óna áit ar bhinse tosaigh an pháirtí ach thacaigh naonúr le Bruton.

Polasaí ar an nGaeilge Éigeantach san Ardteistiméireacht[athraigh | edit source]

D'fhógair Ó Coinnigh gan choinne i Samhain 2005 gur chreid sé gur chóir go mbeadh an Ghaeilge mar ábhar roghnach san Ardteistiméireacht mar chuid de leasú iomlán ar churaclam na Gaeilge agus go mbeadh sé seo mar pholasaí Fhine Gael ar an gceist ón am sin i leith. Mhaígh sé gur chóir go mbeadh sé de rogha ag daltaí Ardteiste an Ghaeilge a roghnú toisc go bhfuil grá acu don teanga agus gur chóir go mbeadh cead ag daltaí nach bhfuil ag éirí go maith leo sa teanga sin ábhar eile a roghnú mar ábhar scrúdaithe tar éis don Teastas Sóisearach a bheith déanta acu. Tharraing an polasaí seo cáineadh géar ó eagraíochtaí Gaeilge agus ó pháirtithe polaitiúla áirithe toisc go bhfacthas dóibh gurbh ionann a leithéid agus ísliú stádais don teanga sa chóras oideachais agus go raibh an baol ann go dtiocfadh deireadh le múineadh na Gaeilge i scoileanna áirithe ar leibhéal na hArdteistiméireachta mar gheall ar chur i bhfeidhm an pholasaí seo.[7][8]

Tréimhse mar Thaoiseach[athraigh | edit source]

Toghadh Ó Coinnigh mar Thaoiseach ar an gcéad lá den 31ú Dáil, Dé Céadaoin 9 Márta 2011. Chaith 117 Teachta Dála vóta ar a shon agus 27 ina choinne tar éis dó a bheith ainmnithe ag a pháirtí féin.[9]

Tagairtí[athraigh | edit source]

Naisc sheachtracha[athraigh | edit source]