Jump to content

An Teastas Sóisearach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Scrúdú poiblí dara leibhéil a stiúrann Coimisiún na Scrúduithe Stáit is ea an Teastas Sóiséarach. Shuí os cionn 73,000 dalta scrúdaithe na sraithe sóisearaí in 2024.

Déantar an scrúdú sa tríú bliain sa mheánscoil agus ní mór do na hiarrthóirí a bheith ós cionn ceithre bliana déag d'aois. Déantar idir 10 agus 11 ábhar, agus tá Béarla, Gaeilge, Matamaitic agus teanga eile ina n-ábhair éigeantacha. Ní gnách le daltaí na hÉireann an scoil a fhágáil sula mbíonn an scrúdú seo déanta acu, agus téann an formhór ar aghaidh go ceann cúpla bliain eile chun an Ardteistiméireacht a dhéanamh, an scrúdú is gá a dhéanamh chun cáiliú don tríú leibhéal oideachais.

Tháinig an Teastas Sóisearach isteach in ionad na Meánteistiméireachta go hoifigiúil i 1992. Deirtear go raibh an cúrsa nua níos solúbtha agus nua-aimseartha. Go luath ina dhiaidh b'é an teastas an t-íoschoinníoll chun post a fháil. I 1999 tar éis 10 mbliana thosaigh an Roinn Oideachais ag déanamh athbhreithniú ar na scrúdaithe. Rinneadh seo ar stair agus tíreolaíocht go háirithe. Cuireadh Oideachas Reiligiúnach agus Oideachas S S & P leis na hábhair don teastas. Tháinig reiligiún isteach diaidh ar ndiaidh agus cúpla scoil á ghlacadh sa chéad bhliain. I 2002, cuireadh cúrsa nua eolaíochta i bhfeidhm. Cuireann an cúrsa nua níos mó béime ar rannpháirtíocht agus ranganna feidhme tríd na trí bliana. Ó 2004 bhí daltaí ábalta a gcuid torthaí a fháil ar an idirlíon.

D'fhógair an tAire Oideachais, Helen McEntee, in 2025 athrú ar bhandaí na ngrád is airde sa tsraith shóisearach. D'éirigh sé níos éasca ar dhaltaí sa tsraith shóisearach na gráid is airde a bhaint amach. Bronnfar pas le gradam ar dhaltaí a ghnóthaíonn os cionn 85%. Go dtí 2024, bhronntaí pas le gradam orthu siúd a raibh os cionn 90% bainte amach acu. Bronnfar pas le hardthuillteanas feasta ar dhaltaí atá idir 70% agus 85% bainte amach acu ina gcuid scrúdaithe, seachas orthu siúd a ghnóthaíonn idir 75% agus 90%. Dúirt an tAire McEntee in 2025, "Táimid ag súil go mbeidh tionchar dearfach ag na hathruithe seo ar dhaltaí scoile agus go mbainfidh níos mó daltaí na gráid is fearr amach agus go gcuirfear lena bhféinmhuinín dá bharr."[1]

Cúrsaí an Teastas Sóisearach

[cuir in eagar | athraigh foinse]
Leabhair chúrsa don Teastas

Tógann an cúrsa sóisearach trí bliana le déanamh. Is iad na céad trí bliana sa mheánscoil atá i gceist. De ghnáth is sa chéad agus sa dara bhliain a chlúdaíonn daltaí an siollabas ar an gcúrsa agus déantar dul siar agus ullmhúcháin sa tríú bhliain. Tá an cúrsa leathan go leor - mar shampla, tá staidéir ghnó, teicneolaíocht ábhair (adhmad), ealaíon, grafaic theicniúil srl air.

Ábhair ar fáil

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Seo liosta de na hábhair atá ar fáil don Teastas Sóisearach. Go minic, níl mórán de na hábhair seo ar fáil sna scoileanna. Tá na hábhair shainordaitheacha i gcló dubh, agus tá na leibhéil i lúibíní.

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. Nuacht RTÉ (2025-04-22). "Athrú le déanamh ar bhandaí na ngrád sa tsraith shóisearach" (as ga-IE).