Máire Uí Ruairc
Appearance
Is polaiteoir Éireannach í Máire Uí Ruairc (Béarla: Mary O'Rourke ) (31 Bealtaine 1937 a rugadh í). Toghadh ar dtús í chun na Dála in olltoghchán 1982 mar Theachta Dála le Fianna Fáil agus toghadh arís í go leanúnach go dtí gur chaill sí a suíochán in olltoghchán 2002. Chaith sí tréimhse mar cheannaire Fhianna Fáil sa Seanad ó 2002 go dtí 2007, nuair a d'éirigh léi suíochán Dála a bhuachan arís in Olltoghchán 2007. Bhí sí ina hAire Oideachais (1987-1991), ina hAire Sláinte (1991-1992) agus ina hAire Fiontair Phoiblí (1997-2002). Anuas air sin, ba í leas-ceannaire Fhianna Fáil ó 1994 go dtí 2002.
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Sonraí Mháire Uí Ruairc ar shuíomh gréasáin Fhianna Fáil Curtha i gcartlann 2007-11-19 ar an Wayback Machine
- Stair thoghchánaíochta Mháire Uí Ruairc ag ElectionsIreland.org
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |