Donnchadh Mac Fhionnlaoich

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaDonnchadh Mac Fhionnlaoich

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith27 Aibreán 1945
78 bliana d'aois
Gaoth Dobhair, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Teachta Dála
9 Márta 2011 – 3 Feabhra 2016 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 31ú Dáil


Teachta Dála
14 Meitheamh 2007 – 1 Feabhra 2011 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 30ú Dáil


Teachta Dála
6 Meitheamh 2002 – 26 Aibreán 2007 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 29ú Dáil


Teachta Dála
26 Meitheamh 1997 – 25 Aibreán 2002 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 28ú Dáil


Teachta Dála
14 Nollaig 1992 – 15 Bealtaine 1997 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 27ú Dáil


Teachta Dála
29 Meitheamh 1989 – 5 Samhain 1992 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 26ú Dáil


Teachta Dála
10 Márta 1987 – 25 Bealtaine 1989 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 25ú Dáil


Teachta Dála
14 Nollaig 1982 – 20 Eanáir 1987 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 24ú Dáil


Teachta Dála
9 Márta 1982 – 4 Samhain 1982 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 23ú Dáil


Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste Phádraig, Droim Conrach
An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmpolaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaFine Gael Cuir in eagar ar Wikidata

Twitter: DinnyMcG Cuir in eagar ar Wikidata

Is polaiteoir é Donnchadh Mac Fhionnlaoich[1][2]Dinny McGinley mar is fearr aithne air as Béarla (rugadh 27 Aibreán, 1945 i nGaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall) atá ina Theachta Dála agus ina Aire Stáit Gaeltachta. Is ball é den pháirtí polaitíochta Fine Gael.

Cúlra[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Mac Fhionnlaoich i nGaoth Dobhair, áit ina bhfuil cónaí air go fóill. Fuair sé a chuid oideachais dara leibhéal i gColáiste Íosagáin, Baile Bhúirne, Co. Chorcaí; Coláiste Phádraig, Droim Conrach; agus An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, áit ar bhain sé céim BA amach. D'oibrigh sé mar mhúinteoir bunscoile sula ndeachaigh sé leis an bpolaitíocht.

Bhí an post deireanach múinteoireachta aige i mbunscoil áitiúil i nGaoth Dobhair, Scoil Chonaill, An Bun Beag, áit ar chaith sé roinnt blianta ag feidhmiú mar phríomhoide.

Saol Polaitíochta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Toghadh Mac Fhionnlaoich den chéad uair go Dáil Éireann le linn an olltoghacháin i mí Feabhra, 1982. Bhí réimse leathan freagrachtaí air agus é ar bhinse tosaigh Fhine Gael: urlabharaí ar son Cúrsaí Óige (1987-88); An Ghaeltacht (1988-91); An Ghaeltacht agus Leas Imirceach (1991-94); Cúrsaí Óige (1994); Ealaíona, Oidhreacht, an Ghaeltacht agus na hOileáin (2001-02); Cosaint (2002-04); agus Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta (2004-07).

Ceapadh é mar Aire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta i mí an Mhárta 2011, tar éis d'Fhine Gael comhrialtas a bhunú le Páirtí an Lucht Oibre.

Bhí Mac Fhionnlaoich ina Chathaoirleach ar an gComhchoiste don Ghaeilge idir 1995 agus 1997. Is iarbhall é den Chomhchoiste Cúrsaí Sóisialacha agus Mionghnó agus tá sé ina bhall de Thionól Parlaiminte na Breataine agus na hÉireann ó bhí 1993 ann.

D'fhógair sé i mí an Mheithimh 2006 go mbeadh sé ag éirí as an bpolaitíocht ag Olltoghchán 2007, ach d'athraigh sé an cinneadh seo i mí Feabhra 2007 mar gur mheas sé go mbeadh seans níos fearr aigesean an dáilcheantar a chosaint ar son Fhine Gael ná mar a bheadh ag iarrthóir nua. D'éirigh leis an suíochán a bhaint in athuair san Olltoghchán i mí na Bealtaine 2007.

Chuaigh sé ar scor san Olltoghchán 2016.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Houses of the Oireachtas (2021-07-22). "Find a Debate – Houses of the Oireachtas" (en-ie). www.oireachtas.ie. Dáta rochtana: 2021-08-04.
  2. An Coimisinéir Teanga. "Baile" (ga). www.coimisineir.ie. Dáta rochtana: 2021-08-04.