John O'Mahony
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 8 Meitheamh 1953 Cill Mobhí, Éire |
Bás | 6 Iúil 2024 71 bliana d'aois |
Seanadóir na hÉireann | |
8 Meitheamh 2016 – Téarma parlaiminte: 25ú Seanad Éireann Toghcheantar: Baill ainmnithe de Sheanad Éireann | |
Teachta Dála | |
9 Márta 2011 – 3 Feabhra 2016 (díscaoileadh na parlaiminte) Téarma parlaiminte: 31ú Dáil Toghcheantar: Maigh Eo Toghadh i: Olltoghchán na hÉireann 2011 | |
Teachta Dála | |
14 Meitheamh 2007 – 1 Feabhra 2011 (díscaoileadh na parlaiminte) Téarma parlaiminte: 30ú Dáil Toghcheantar: Maigh Eo Toghadh i: Olltoghchán na hÉireann, 2007 | |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Coláiste Phádraig, Má Nuad |
Gníomhaíocht | |
Gairm | polaiteoir |
Ball de pháirtí polaitíochta | Fine Gael |
Suíomh gréasáin | johnomahony.ie |
Ba pholaiteoir Éireannach, iarbhainisteoir peile agus Teachta Dála do cheantar Mhaigh Eo é John O'Mahony (Gaeilge: Seán Ó Mathúna) (a rugadh ar an 8 Meitheamh 1953 agus a d'éag 6 Iúil 2024).[1] Bhí sé ina bhall d'Fhine Gael.
Beatha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ba as Cill Moibhí i gContae Mhaigh Eo ó thús é ach aithníodh é níos déanaí mar fhear Bhealach a’Doirín.[2] Bhí sé ag freastal ar an gColáiste i mbaile Bhealach a’Doirín.
Toghadh é mar TD in olltoghchán 2007. Bhí sé ina Chathaoirleach ar an gcoiste Oireachtais uilepháirtí a bhí ag plé le cúrsaí cumarsáide.
Bainistíocht peile
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí sé ina bhainisteoir ar Liatroim, nuair a bhuaigh siad Craobh Chonnachta sa bhliain 1994. Bua ar leith a bhí ann – an chéad uair a bhuaigh Liatroim an Chraobh ó 1927.
Bhí sé ina bhainisteoir ar fhoireann Mhaigh Eo sa pheil Ghaelach agus d'éirigh leis foireann na Gaillimhe a stiúradh go dhá chraobh uile-Éireann sa pheil sna blianta 1998 agus 2001.
Ainmníodh é mar an 114ú duine is mó tionchair sa CLG i liosta a cuireadh le chéile don Sunday Tribune dar teideal 125 Most Influential People In GAA History sa bhliain 2009.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Death Notice of John O’MAHONY (Ballaghaderreen, Mayo) | rip.ie" (en). rip.ie. Dáta rochtana: 2024-07-12.
- ↑ Mairéad Ní Nuadháin (12 Iúil 2024). "John O’Mahony – fear uasal agus ceannaire a d’fhíoraigh aislingí" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-07-12.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
- Daoine a rugadh i 1953
- Polaiteoirí na hÉireann
- Alumni Choláiste na hOllscoile, Gaillimh
- Alumni Choláiste Phádraig, Má Nuad
- Múinteoirí Éireannacha
- Baill den 31ú Dáil
- Baill den 30ú Dáil
- Baill den 25ú Seanad
- Daoine as Contae Mhaigh Eo
- Iarmhic Léinn Choláiste Phádraig, Droim Conrach
- Baill Fhine Gael
- Básanna in 2024
- Lucht CLG