Billy Lawless

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaBilly Lawless

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith4 Iúil 1951
72 bliana d'aois
Gaillimh, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Seanadóir na hÉireann
8 Meitheamh 2016 –
Téarma parlaiminte: 25ú Seanad Éireann

Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmpolaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtapolaiteoir neamhspleách Cuir in eagar ar Wikidata

Is Seanadóir agus fear gnó Éireannach é William Gordon "Billy" Lawless, a rugadh ar 4 Iúil 1951. Tá sé ina sheanadóir ó ainmnigh an Taoiseach sa phost sin ar 11 Bealtaine 2016 .[1]

Is as Ráthún, Contae na Gaillimhe é. Sna 1980idí bhí sé ina chathaoirleach ar Fhine Gael i dtoghcheantar na Gaillimhe Thiar. Sheas sé do Chomhairle Chathair na Gaillimhe sa bhliain 1991 ach níor éirigh leis.

Chuir sé aghaidh ar Chicago, sna Stáit Aontaithe sa bhliain 1998. Bhí rún aige ariamh gnólacht a chur ar siúil sa tír úd, agus nuair a fuair a iníon scoláireacht ramhaíochta ó Ollscoil Boston, shocraigh sé ar an deis a thapú dul anonn.

Tá ceithre bhialann ag Lawless in Chicago anois agus dhá cheann eile ar na bacáin aige. Tá suim faoi leith aige i gcás na n-imirceach Éireannach i Meiriceá.

Is é Lawless an chéad duine thar lear a ceapadh ina sheanadóir.

Tá Lawless pósta le bean darb ainm Katie, agus tá ceithre pháiste acu.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]