Niall Ó Donnghaile
(2016) | |
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | 28 Bealtaine 1985 41 bliana d'aois Béal Feirste, Northern Ireland |
| Seanadóir na hÉireann | |
| 29 Meitheamh 2020 – 22 Eanáir 2024 (éirí as) Téarma parlaiminte: 26ú Seanad Éireann Toghcheantar: An Rolla Riaracháin Toghadh i: 2020 Irish Seanad election (en) | |
| Seanadóir na hÉireann | |
| 8 Meitheamh 2016 – 27 Márta 2020 (díscaoileadh na parlaiminte) Téarma parlaiminte: 25ú Seanad Éireann Toghcheantar: An Rolla Riaracháin | |
| Faisnéis phearsanta | |
| Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Uladh Coláiste Feirste |
| Gníomhaíocht | |
| Gairm | polaiteoir |
| Ball de pháirtí polaitíochta | Sinn Féin |
Is polaiteoir Éireannach é Niall Ó Donnghaile, a rugadh agus a tógadh ar an Trá Ghearr, in oirthear Bhéal Feirste.
Toghadh é ina Ard-Mhéara ar Bhéal Feirste ar an 26 Bealtaine 2011, in aois 25 dó, rud a chiallaíonn gurb é an tArd-Mhéara is óige dá raibh ag an chathair riamh.[1] Tháinig Gavin Robinson mar chomharba air sa bhliain 2012.
Toghadh chun Seanad Éireann é i mí Aibreáin 2016.



Beathaisnéis
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh Ó Donnghaile in oirthear Bhéal Feirste, agus fuair sé a chuid bunoideachais agus meanoideachais go léir trí mheán na Gaeilge. Rinne sé céim sa pholaitíocht ar Ollscoil.
Bhí sé ina bhall de Shinn Féin ó bhí sé 16 bliain d'aois agus toghadh chun Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste i mí na Bealtaine 2011. [2]
Ba ghníomhaithe poblachtacha iad tuismitheoirí Uí Dhonnghaile freisin, agus cuireadh sa phríosún iad le linn na dTrioblóidí.[3]
Seanad Éireann
[cuir in eagar | athraigh foinse]Toghadh chun Seanad Éireann é i mí Aibreáin 2016 agus atofa in 2020. [4] I mí na Nollag 2023, d'fhógair sé go n-éireodh sé as an Seanad ar chúiseanna sláinte, [5] agus rinne sé amhlaidh ar an 22 Eanáir 2024 [6]
I mí Dheireadh Fómhair 2024, thug sé le fios gurbh eisean an ball de Shinn Féin a cuireadh ar fionraí as teachtaireachtaí míchuí a sheoladh chuig beirt fhireannach sna déaga, idir 16 agus 18 mbliana d'aois. Rinneadh teagmháil le Seirbhís Phóilíneachta Thuaisceart Éireann; ní bhfuarthas aon ghearán foirmiúil ó dhuine ar bith, áfach. Ina ráiteas, d'admhaigh Ó Donnghaile gur éiligh a ghníomhartha go n-éireodh sé as an Seanad agus as an bpáirtí. I ráiteas a d'fhoilsigh The Irish News, dúirt sé: "This would also give me the space to focus on improving my health and wellbeing, issues that I have been dealing with my doctor on since mid-2021. Ar an lá céanna, dúirt ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald leis an Dáil gur éirigh Ó Donnghaile as, tar éis líomhaintí faoi theachtaireachtaí míchuí a sheoladh chuig fear 17 mbliana d'aois.
I litir a d'fhoilsigh an Sunday Independent 20 Deireadh Fómhair, dúirt an déagóir go raibh sé 16 bliana d'aois ag an am,[7] agus d'iarr sé leithscéal ó Mhary Lou as “láimhseáil thubaisteach” ("disastrous handling"') an pháirtí ar a chás, ag rá go raibh a hómós do Ó Donnghaile nuair a d'éirigh sé as "cosúil le sá meabhrach".(" like a mental stab") [8][9]
Ar an 15 Deireadh Fómhair 2024, d'éirigh Ó Donnghaile as mar bhall de Shinn Féin mar gheall ar a chuid iompair. D'éirigh Ó Donnghaile as CLG Laochra Loch Lao chomh maith, mar uachtarán oinigh ar an gcumann.[10]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Suíomh idirlín Chomhairle Chathrach Bhéal Feirste". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2011-05-29. Dáta rochtana: 2011-06-10.
- ↑ "Suíomh idirlín South Belfast Sinn Féin". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2012-03-27. Dáta rochtana: 2011-06-10.
- ↑ Niall Ó Donnghaile faoi agallamh ag "Alan in Belfast"/Slugger O'Toole
- ↑ http://www.anphoblacht.com/contents/26109
- ↑ Tá ort na hargóintí 'teideal =' agus 'url =' a shonrú nuair a úsáideann tú {{ lua idirlín}}. "" (en). The Irish Times.
- ↑ "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 22 Eanáir 2024. Dáta rochtana: 4 Samhain 2025.
- ↑ Tá ort na hargóintí 'teideal =' agus 'url =' a shonrú nuair a úsáideann tú {{ lua idirlín}}. "". Irish Independent.
- ↑ Tá ort na hargóintí 'teideal =' agus 'url =' a shonrú nuair a úsáideann tú {{ lua idirlín}}. "". BBC News.
- ↑ Tá ort na hargóintí 'teideal =' agus 'url =' a shonrú nuair a úsáideann tú {{ lua idirlín}}. "". Irish Independent.
- ↑ "An t-iarsheanadóir agus cainteoir líofa Gaeilge Niall Ó Donnghaile an ball de Shinn Féin a sheol téacsanna ‘míchuí’" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-10-15). Dáta rochtana: 2024-10-15.