Ollscoil Uladh
|
|||||
![]() | |||||
Sonraí | |||||
---|---|---|---|---|---|
Cineál | ollscoil ![]() | ||||
Foirm dlí | |||||
Dáta a bunaíodh | 1984 | ||||
Gníomhaíocht | |||||
Ball de | Cumann Eorpach na nOllscoileanna ![]() | ||||
Rialachas corparáideach | |||||
Ceanncheathrú | |||||
Fochomhlacht | |||||
ISIL (en) ![]() | GB-UK-NeUU ![]() | ||||
Suíomh gréasáin | ulster.ac.uk ![]() | ||||
Bunaíodh Ollscoil Nua Uladh i gCúil Raithin, Contae Dhoire, sa bhliain 1968, tar éis do Thuarascáil Lockwood a mholadh go mbeadh an dara ollscoil i gCúige Uladh. Tá an campas suite ar bhruach thoir Abhainn na Banna, agus ghlac go leor de náisiúntóirí an tuaiscirt leis an chinneadh sin mar mhasla, mar gur shíl siad gur chóir don ollscoil a bheith suite i nDoire Cholmcille, áit a raibh Coláiste Mhig Aodha le blianta fada roimhe sin.
Ó thús bhí meascán maith mic léinn sa choláiste as gach cearn de Chúige Uladh, agus de réir a chéile mhéadaigh líon na mac léinn as ceantracha eile in Éirinn agus sa Bhreatain, agus ó thíortha eile san Eoraip agus níos faide i gcéin, rud a rinne campas ilchultúrach de go gasta.
Ba iad Liam Ó Dochartaigh agus Diarmaid Ó Doibhlin a bhí i mbun Roinn na Gaeilge san Ollscoil ag an tús agus chaith an teangeolaí clúiteach, Colmán Ó hUallacháin OFM na blianta ag obair ann chomh maith agus tamall mar cheann roinne. Chuir Mícheál Ó Murchú go mór le múineadh na Gaeilge san ollscoil , agus rinne Séamus Mac Mathúna a chion féin ann mar ollamh le Gaeilge.
I 1984 rinneadh Ollscoil Nua Uladh a nascadh le Polaiteicníc Bhaile Shiúrdáin agus tugadh Ollscoil Uladh uirthi.
Campais[cuir in eagar | athraigh foinse]
Iarscoláirí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- Gregory Campbell - polaiteoir aontachtach
- Mark Durkan - Feisire Parlaiminte
- Seán Gallagher - fear gnó Éireannach
- Michelle Gildernew - Feisire Parlaiminte
- Paul Givan - Céad Aire Thuaisceart Éireann
- Basil McCrea - polaiteoir aontachtach
- Doiminic Ó Brolcháin - polaiteoir
- Brian Ó Domhnaill - Seanadóir Éireannach
- Jennifer Whitmore - polaiteoir Éireannach