Ivana Bacik
Ivana Bacik | |||||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
![]() | |||||||||
Meán Fómhair 23, 2009 - Aibreán 25, 2011 District: Ollscoil Átha Cliath
Meán Fómhair 23, 2009 - Aibreán 25, 2011 District: Ollscoil Átha Cliath
Bealtaine 25, 2011 - Feabhra 9, 2016 District: Ollscoil Átha Cliath
Meitheamh 8, 2016 - District: Ollscoil Átha Cliath | |||||||||
Saol | |||||||||
Eolas breithe | Baile Átha Cliath, Bealtaine 25, 1968(52 bliain d’aois) | ||||||||
Náisiúntacht | Éire | ||||||||
Oideachas | |||||||||
Alma mater |
Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath London School of Economics | ||||||||
Teangacha | An Béarla | ||||||||
Gairm | |||||||||
Gairm | polaiteoir | ||||||||
Creideamh | |||||||||
Páirtithe polaitíochta | Páirtí an Lucht Oibre | ||||||||
ivanabacik.com |
Is polaiteoir agus acadamhaí Éireannach í Ivana Catherine Bacik. Rugadh í sa bhliain 1968. Is Ollamh Reid le Dlí Coiriúil, Coireolaíocht agus Pionóseolaíocht i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath í ón mbliain 1996. Rinneadh Comhalta de Choláiste na Trionóide í sa bhliain 2005.
Bhain sí suíochán amach i Seanad Éireann sa bhliain 2007 i ndáilcheantar Choláiste na Tríonóide.
Bhain sí céim dlí, LL. B., amach ó Choláiste na Tríonóide agus bhain sí céim LL. M. amach ón London School of Economics. Oibríonn sí mar abhcóide agus múineann sí cúrsaí sa Dlí Coiriúil, sa Choireolaíocht agus Phíonóseolaíocht, agus i dTeoiric an Fheimineachais agus an Dlí. Déanann sí taighde sa Dlí Coiriúil agus Coireolaíocht, sa Dlí Bunreachtúil, i dteoiricí an fheimineachais agus an dlí, i gCearta Daonna agus i gceisteanna cothromaíochta sa dlí. Is duine iomráiteach í ó na 1990í nuair a bhí sí i mbun feachtais chun go mbeadh an ginmhilleadh ar fáil mar rogha do mhná.
Ainmníodh í mí Bealtaine 2009 mar iarrthóir Pháirtí an Lucht Oibre don fhothoghchán i ndáilcheantar Bhaile Átha Cliath Lár ar an 5 Meitheamh 2009. Níor toghadh í. Fuair sí 4926 vóta ar an gcéad comhaireamh (17.33%).
Cónaíonn sí i mBaile Átha Cliath lena páirtí agus lena beirt iníonacha.