John Crown
Is oinceolaí comhairleach agus ba sheanadóir é an tOllamh John Crown (rugadh 1 Márta 1957 i Nua-Eabhrac).
Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]
Imircigh Éireannacha i Nua-Eabhrac a bhí i dtuismitheoirí John Crown. D'fhill siad ar Éirinn sa bhliain 1967.
Bhain Crown a dintiúraí leighis amach i gCOBÁC agus ina dhiaidh BSc i bpaiteolaíocht san ollscoil chéanna. Oiliú é i leigheas ginearálta agus oinceolaíocht i mBaile Átha Cliath, Sasana agus Nua-Eabhrac.
D'fhill sé go hOspidéal Naomh Uinseann agus Lúcas sa bhliain 1993. Is saineolaí é ar an oinceolaíocht agus é ag díriú isteach ar ailse brollaigh, meileanóma agus limfóma.
Is ollamh de chuid DCU é agus suim ar leith aige i dtaighde bainteach le hailse brollaigh.
Toghadh é go Seanad Éireann i 2011 ar phainéal NUI ach níor sheas sé arís i 2016.
Phós sé don tarna uair sa bhliain 2014 le Orla Murray agus rugadh mac, James, dó féin agus Orla sa bhliain 2015.
Tuairimí[cuir in eagar | athraigh foinse]
Dhearbhaigh John Crown sa bhliain 2011 go bhfuil míthuiscint ann gur tháinig méadú mór ar líon na bpáistí a rugadh le máchail sna blianta a lean an Tubaiste Shearnóbail, ach nach raibh na fíricí ann chun é sin a chruthú[1] agus dúirt sé nach raibh fianaise eolaíoch ann go ndearna tionóisc Chernobyl an méid dochair do shláinte phoiblí is a deirtear.
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ maynoothuniversity.ie. "Searnbail - Vifax". Dáta rochtana: 2020.