Tubaiste Shearnóbail

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Tubaiste Shearnóbail

Ar an 26 Aibreán 1986, tharla Tubaiste Shearnóbail (Chernobyl i mBéarla), an tubaiste núicléach ba mheasa ar domhan go dtí sin. Tá Searnóbail suite cóngarach do Pripyat san Úcráin.

Pléascadh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chernobyl Nuclear Power Plant.jpg

Phléasc imoibreoir uimhir a ceathair de chuid an stáisiúin. Chuaigh turgnamh ar an imoibreoir ar strae, cailleadh smacht ar theocht an bhreosla ann, leádh cuid mhaith den bhreosla sa chroíleacán, agus phléasc clúdach an imoibreora san aer.[1]

Scaoileadh cainníochtaí móra d’ábhar radaighníomhach isteach san atmaisféar, rud a d’éilligh earraí bia agus ábhair bheatha i roinnt tíortha Eorpacha ar leibhéil a bhí suntasach ó thaobh na sláinte de, rud ba chúis le breoiteachtaí agus riochtaí sláinte ba bhagairt do shaol daoine. Is ann i gcónaí d’ardleibhéil éilliúcháin radaighníomhaigh fós inniu.[2]

RBMK en.svg
Chernobyl Children's Project UK

Scaoileadh idir tríocha agus daichead oiread an méid radachuir sa phléascadh sin ná mar a scaipeadh i ndiaidh gur phléasc na buamaí adamhacha in Hiroshima agus Nagasaki sa bhliain 1945.[3] Seoladh ábhar contúirteach núicléach thuas sna spéartha os cionn iarthar an Aontais Shóivéadaigh agus na hEorpa. Thit an cleitín truaillithe faoin ngaoth ar thíortha éagsúla ar fud na hEorpa, ach ba iad na ceantair bá mhó a d’fhág sé a rian uafásach orthu ná an Bhealarúis, an Úcráine agus Iarthar na Rúise.

Dhearbhaigh na húdaráis ag an am gur cailleadh 31 duine sa tubaiste. Ach rinneadh dochar fadtéarmach do lucht an réigiúin mháguaird.

Leagáid dochraideach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá go leor ceachtanna le foghlaim ón tragóid Searnóbail mar fágtar an baol do na glúine a thagann inár ndiaidh mar fanfaidh na ceimiceáin a sceitheadh radaighníomhach ar feadh na mílte bliain. Caithfidh gach glúin amach anseo an ceantar a ghlanadh arís is arís, obair a bhfuil an-chostas ag baint léi, dár ndóigh.

Fiú sa lá atá inniu ann, níl an obair críochnaithe ag Searnóbail.[4] Tagann oibrithe faoina gcultacha bána isteach anois is arís chun sciath choincréiteach úrnua a thógáil in áit na chinn a tógadh cheana. Tá an tsean-sciath ag titim as a chéile an t-am go léir; caithfear mar sin an sciath a athnuachan chun an chontúirt a choinneáil faoi smacht.

Tá drochshláinte ar go leor daoine go fóill sna tíortha in aice leis an Úcráin agus tá sé doiligh fós an méid daoine a gheobhaidh bás a mheas.

In Éirinn[cuir in eagar | athraigh foinse]

San astitim ar Éirinn, bhí iseatóip radaighníomhacha éagsúla, ina measc caesiam-137 a bhfuil leathré 30 bliain aige[5]. Ionsúitear an dúil seo isteach sa bhféar ón ithir agus cruinníonn sí faoi dheireadh i mbainne na bó.

Bhí leibhéal radaighníomhaíochta suas go dtí 340 beicireil (Bq) de réir an líotair i mbainne sa tír seo ag an am, ach laghdaigh an leibhéal go tapa ina dhiaidh sin.

Bhí na leibhéil arda sin níos lú ná an leibhéal tairseachúil de 370 Bq sa líotar atá leagtha amach ag an gComhphobal Eorpach chun teorainneacha a chur ar úsáid bainne. Mar a tharlaíonn, bhí tromlach na radaighníomhaíochta seo sa bhainne bearrtha. Ba lú i bhfad a tiúchan sa tsaill nó táirgí na saille, imuachtar.

Sláinte[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá sé faighte amach ag saineolaithe nach raibh fianaise eolaíoch ann go ndearna tionóisc Chernobyl an méid dochair do shláinte phoiblí is a deirtear.[6] Mar shampla dhearbhaigh an iar-Sheanadóir agus dochtúir John Crown go bhfuil míthuiscint ann gur tháinig méadú mór ar líon na bpáistí a rugadh le máchail sna blianta a lean an tionóisc, ach nach raibh na fíricí ann chun é sin a chruthú.[7]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. scoilchaitrionafisic.weebly.com. "Fisic don Ré Nua". Dáta rochtana: 2020.
  2. europarl.europa.eu. "PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH". Dáta rochtana: 2020.
  3. "Adi Roche" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2020-04-26.
  4. Ó Dúfaigh, Breandán. "Ar Scáth a Chéile". Dáta rochtana: 2020.
  5. Hussey, Matt - Fréamh an Eolais (Coiscéim 2011)
  6. maynoothuniversity.ie. "Ceist 5". Dáta rochtana: 2020.
  7. maynoothuniversity.ie. "Searnbail - Vifax". Dáta rochtana: 2020.