Imoibreoir núicléach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Trealamh ina gcuirtear imoibriú núicléach eamhnaithe ar siúl faoi stiúir go mall rialta, agus an teas uaidh a úsáid chun uisce a fhiuchadh, tuirbín gaile a rothlú, agus leictreachas SA a ghiniúint. I lár baill bíonn feadáin ina bhfuil an breosla úráiniaim-235. Taobh leo, bíonn slata, déanta as ábhar éigin mar ghraifít, a fheidhmíonn mar mhaolaire ar na neodróin, á luasmhoilliú is á n-ionsú. Déantar an t-imoibriú a stiúradh leis na slata maolaire a tharraingt amach nó a shá isteach san imoibreoir. Bíonn píobáin ag rith tríd an imoibreoir chun uisce a iompar tríd agus teas a thógáil amach as. Fiuchtar is galaítear an t-uisce sna píobáin seo, agus téann an ghal, ag teocht ard is faoi bhrú ard, go dtí an tuirbín gaile. Rothlaíonn an tuirbín sin dineamó gineadóra leictreachais SA. Roimh thosú don imoibreoir, bíonn na slata maolaire go hiomlán isteach ann, gan an t-imoibriú slabhrúil a bheith ar siúl. Ansin tarraingítear na slata maolaire amach go mall as go dtosaíonn an t-imoibriú slabhrúil. Deirtear go mbíonn an t-imoibreoir criticiúil ansin. Timpeall ar an imoibreoir go léir bíonn soitheach láidir coincréite atá treisithe le cruach. Bíonn an soitheach seo ann chun an radaighníomhaíocht fhíordhian mharfach atá istigh san imoibreoir a choimeád ann, agus mar sin cosaint a thabhairt do dhaoine atá ag obair timpeall air. Tá saghsanna éagsúla imoibreoirí núicléacha ann. In imoibreoir uisce fhiuchta, úsáidtear an t-uisce fuaraithe féin, é galaithe, chun na tuirbíní a rothlú. In imoibreoir uisce bhrúchóirithe, bíonn an t-uisce fuaraithe faoi bhrú chomh hard sin nach ngalaíonn sé ag an teocht ard, agus úsáidtear é chun uisce a fhiuchadh i gciorcad tánaisteach feadán is na tuirbíní a rothlú. In imoibreoir gásfhuaraithe, dé-ocsaíd charbóingás eile a fhuaraíonn an t-imoibreoir, agus iompraíonn an gás an teasfhuinneamh don chiorcad tánaisteach uisce. I mearimoibreoir, ní bhíonn aon mhaolaire, agus úsáidtear sóidiam leachtach chun fuaraithe is chun an t-uisce sa chiorcad tánaisteach a théamh. I mearimoibreoir pórúcháin, úsáidtear U-238, saibhrithe le Pu-239, mar bhreosla, agus táirgeann sé tuilleadh Pu-239 mar fhotháirge. Is é seo an saghas imoibreora a úsáidtear chun ábhair eamhnaithe a ghiniúint i gcomhair buamaí núicléacha. Tá imoibreoirí ann atá dírithe ar thaighde amháin. Tá fuinneamh núicléach suntasach i soláthar cumhachta leictrí i dtíortha áirithe.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Imoibreoir núicléach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 365.