Fiadhúlra
Cuimsíonn an fiadhúlra an ilghnéitheacht bheatha ar fud an domhain.
An Fiadhúlra in Eirinn[cuir in eagar | athraigh foinse]
Shínigh Éire an Coinbhinsiún domhanda ar Éagsúlacht Bhitheolaíoch (CEB). Bhí an beartas bithéagsúlachta leagtha amach sa Phlean Náisiúnta Bithéagsúlachta (PNB), rud a aithníonn díghrádú agus caillteanas gnáthóg mar phríomhthoisc atá ag laghdú bithéagsúlachta in Éirinn sa lá atá inniu ann. Is fadhb mhéadaitheach é scaipeadh na speiceas ionrach chomh maith[1].
Tá baic i bhfeidhm maidir le tabhairt isteach nó scaipeadh speiceas ionrach áirithe[2]. Tá cuid mhaith de na forálacha beartais sa PNB á gcur i bhfeidhm tríd an gcreat reachtúil atá curtha ar fáil ag na hAchtanna Fiadhúlra, 1976-2000.
Cosaint an Fhiadhúlra[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tá ainmhithe áirithe ag dul in éag de bharr dífhoraisiú agus caillteanas gnáthóg de réir mar atá an daonra ag fás. Is ionann Anaclann Dúlra is ceantar a bhfuil tábhacht leis ó thaobh fiadhúlra, agus tá cosaint aici’ faoin reachtaíocht. Is leis an Stát formhór na nAnaclann Dúlra in Éirinn[3].
Is é an ról atá ag Seirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra na Roinne a bheith ag obair lena comhpháirtithe sa tseirbhís phoiblí agus sa phobal i gcoitinne chun an chomhairle eolaíoch is fearr is féidir a chur ar fáil agus chun a chinntiú go gcuirtear cosaint éifeachtach ar fáil chun fiadhúlra na hÉireann a chaomhnú[4].
Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]
- Ciste Domhanda Fiadhúlra
- An ISS: tearmann do fhiadhúlra agus d’ainmhithe na mara, rónta ach go háirithe.[5]
- Eolas ar an gcomhshaol[6]
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ féach ar http://invasivespeciesireland.com/ chun tuilleadh eolais a fháil
- ↑ mar atá leagtha amach sa Tríú Sceideal de Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Éin agus Gnáthóga) 2011 (I.R. 477/2011)
- ↑ [1]
- ↑ https://www.chg.gov.ie/ga/heritage/national-parks-wildlife/protection-of-wildlife/
- ↑ Rúin ghránna chaomhnóirí an fhiadhúlra, Beo 2008
- ↑ AN FIADHÚLRA Féileacáin & Leamhain sa Ghairdín / WL 30 http://www.noticenature.ie/files/enfo/factsheet/Irish/WL30%20Butterflies%20-%20Irish.pdf