Bithéagsúlacht
Is éard ata i gceist le bithéagsúlacht ná an éagsúlacht plandaí agus ainmhithe i gceantar agus an tslí a n-idirghníomhaíonn siad laistigh de ghnáthóga agus d’éiceachórais (amhail lochanna agus foraoisí dúchasacha).[1] Sainmhíniú eile ná an raon is an ilghnéitheacht cineálacha géiniteacha, speiceas is éiceachóras ar Domhan a athraíonn le héabhlóid.

Géaraíonn gníomhartha daonna luas na bpróiseas athraithe, rud a laghdaíonn speicis nó a dhíothaíonn iad, fiú. Inniu is bagairt eisiach dhomhanda ar an gcine daonna í cailliúint leanúnach na bithéagsúlachta.
Polasaithe
[cuir in eagar | athraigh foinse]Síníodh conradh chun an bhithéagsúlacht a chaomhnú is acmhainní bitheolaíocha a fhorbairt ar bhonn inmharthanach ag Cruinniú Mullaigh an Domhain i 1992.
Reáchtáladh Comhdháil na Náisiún Aontaithe um Bhithéagsúlacht 2024 nó "COP 16" in Cali, sa Cholóim, sa bhliain 2024.[2] Níor síníodh aon chomhaontú suntasach ach rinneach iarracht cuma dhearfach a chur air in áiteanna.[3]
Thug Parlaimint na hEorpa a beannacht don Dlí Athchóirithe Nádúir an Aontais Eorpaigh in 2024.[4]
Ceiliúrtar ar an 22 Bealtaine gach bliain an Lá Idirnáisiúnta um Éagsúlacht Bhitheolaíoch, an Bhithéagsúlacht agus Speicis Choimhthíocha Ionracha.[5]
Bithéagsúlacht in Éirinn
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá an t-ádh le hÉirinn 31,000 speiceas plandaí, ainmhithe agus fungas taifeadta a bheith aici. Tá níos mó ná 20% de na speicis a ndearnadh measúnú orthu in Éirinn i mbaol díothaithe agus tá stádas neamhfhabhrach ag 85% de na 59 gnáthóg is luachmhaire san AE. Tá níos mó ná leath na bplandaí dúchasacha ag meath.[6]
Tuairiscíodh sa bhliain 2024 go raibh drochbhail ar 85% de ghnáthóga sainchosanta an Stáit agus go raibh 46% díobh ag meath d'acht is d'áirithe, agus gnáthóga bláthanna agus luibheanna dúchasacha á scriosadh go seasta – na dumhcha, na heanaigh, na léanta, na móinéir, na portaigh, na turlaigh agus mar sin díobh. Modhanna míchóiriúla feirmeoireachta is siocair leis an meath den chuid is mó, a deirtear – iníor tionsclaíoch, bánú talaimh agus truailliú uisce, srl.[7]
Polasaithe in Éirinn
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rinne an Tionól Saoránach um Bithéagsúlacht moltaí in 2022 (mar sh. go bhféadfaí reifreann a ghairm le bonn bunreachtúil a chur faoi chearta fiadhúlra).
Ritheadh An tAcht um Fhiadhúlra (Leasú), 2023[8] agus an Plean Gníomhaíochta Náisiúnta na hÉireann um Bithéagsúlacht, 2023 don tréimhse 2023-2030.[9][10] Cuireadh dualgais ar gach aon fhoras poiblí sa Stát gníomhú dá réir, lena n-áirítear Bord Iascaigh Mhara, Bord na Móna agus na húdaráis áitiúla. Tá ar gach údarás áitiúil plean bithéagsúlachta dá gcuid féin a chur i dtoll a chéile, a nuashonrú agus a chur i ngníomh. Cuireadh acmhainn bhreise ar fáil don tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra, de réir an phlean, le dul i ngleic le daoine agus le heagraíochtaí a sháraíonn an dlí.[7]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ climatejargonbuster.ie (2021). "Treoir ar Bhéarlagair Aeráide: Treoir A-Z ina bhfuil míniú ar théarmaí maidir le gníomhú ar son na haeráide". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2022-08-15. Dáta rochtana: 2025.
- ↑ "COP16 biodiversity ends without agreement on funding roadmap to rescue nature" (en) (2024-11-02). Dáta rochtana: 2024-11-11.
- ↑ Dearbhú (2024-11-04). "Biodiversity COP 16: Important Agreement Reached Towards Goal of “Making Peace with Nature”" (en-US). United Nations Sustainable Development. Dáta rochtana: 2024-11-11.
- ↑ Nuacht RTÉ (2024-02-27). "Parlaimint na hEorpa ag glacadh leis an Dlí Athchóirithe Nádúir" (as ga-IE).
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Bithéagsúlacht". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 76.
- ↑ npws.ie (2023). "Plean Gníomhaíochta Náisiúnta na hÉireann um Bithéagsúlacht 2023–2030". Dáta rochtana: 2024.
- 1 2 Nuacht RTÉ / Ciarán Lenoach (2024-01-25). "Plean Bithéagsúlachta athnuaite le dúil tuilleadh meatha a chosc" (as ga-IE).
- ↑ oireachtas.ie (2023). "An tAcht um Fhiadhúlra (Leasú), 2023". Dáta rochtana: 2024.
- ↑ "National Biodiversity Action Plan | National Parks & Wildlife Service". www.npws.ie. Dáta rochtana: 2024-02-27.
- ↑ npws.ie (2023). "Plean Gníomhaíochta Náisiúnta na hÉireann um Bithéagsúlacht 2023–2030". Dáta rochtana: 2024.
- ↑ Tionól Saoránach (2022). "Tionól Saoránach um Bithéagsúlacht". Dáta rochtana: 2024.