Éabhlóid

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Portráid de Charles Darwin sna 1830í
Crann na beatha

Is éard atá i gceist leis an éabhlóid (ar a dtugtar éabhlóid bhitheolaíoch nó orgánach) ná na hathruithe i gceann amháin nó níos mó i dtréithe oidhreachtúla na bpobal tríd na glúinte. Is tréithe idirdhealaitheacha faoi leith iad, tréithe ó oidhreacht, lena n-áirítear saintréithe anatamaíocha, bithcheimiceachaiompraíochta. Seans go dtarlódh éabhlóid nuair atá éagsúlacht laistigh de phobal.

Is iad príomhfhoinsí na n-éagsúlachtaí ná sóchán, athchuingir ghéiniteach agus sreabhadh géinte. D'éirigh éagsúlú gach orgánach beo ó shinsear coitianta as éabhlóid, próiseas a rinne Charles Darwin cur síos ar mar «foirmeacha éigríochta is áille agus is iontach».

Ba iad Charles Darwin agus Alfred Russel Wallace a bhunaigh teoiric an roghnaithe nádúrtha sa naoú haois déag. Níor thuig éinne meicníocht na héabhlóide go dtí gur bunaíodh an ghéineolaíocht. Is í an éabhlóid príomhbhunús na bitheolaíochta sa lá atá innu ann.

Naisc[cuir in eagar | athraigh foinse]