Athchuingir ghéiniteach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is éard is athchuingir ghéiniteach ann ná an próiseas trína mbristear móilín d'aigéad núicléach (de ghnáth aigéad dí-ocsairibeanúicléasach (ADN), ach freisin aigéad ribeanúicléasach (ARN)) agus ansin ina gceanglaítear go dtí ceann éagsúil eile é. Is féidir leis tarlú idir móilíní comhchosúla de ADN, mar atá in athchuingir homalógach, nó i móilíní neamhchosúla, mar atá i gcríochcheangail neamh-homalógach. Is modh coitianta é an athchuingir i ndeisiú ADN sa bhaictéir agus san eocarót araon. Tarlaíonn athchuingir sna heocaróit freisin le linn na méóise, áit a éascaíonn sé trasdáileadh crómasómach.