Méóis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ceann de na príomh-mheicníochtaí cilldeighilte is núicléasdeighilte in orgánaigh bheo, agus is é an toradh uirthi ná gaiméití haplóideacha (ina bhfuil leathfhoireann crómasóm) a chruthú in ainmhithe, is spóir ghnéasacha i bplandaí. Le linn méóise, gabhann an núicléas dioplóideach (ina bhfuil foireann crómasóm péireáilte) trí dhá dheighilt i ndiaidh a chéile. Uaidh sin táirgtear 4 chill ghaiméiteach, gach ceann acu le ball amháin de gach crómasóm péireáilte. Is ullmhú é roinnt seo líon na gcrómasóm i dtáirgeadh na ngaiméití haplóideacha don dúbláil a tharlaíonn nuair a thagann an dá ghaiméit, ceann ón athair is ceann ón máthair, le chéile chun siogóit dhioplóideach a chruthú le linn atáirgthe ghnéasaigh. Is iad seo a leanas pais na méóisé: teacht i láthair na gcrómasóm mar shnáithí sa núicléas, péireáil na gcrómasóm chun défhiúsaigh a chruthú, deighilt na ndéfhiúsach, agus gluaiseacht na gcrómasóm singil amach ó chéile. Is próiseas bunúsach í an mhéóis in atáirgeadh gnéasach, a thugann deis athchuingrithe mar is féidir ábhar géiniteach a mhalartú trí thrasnú idir crómasóim homalógacha sa phas ina ndeighleann na défhiúsaigh.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Méóis". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 450.