Dlí Athchóirithe Nádúir an Aontais Eorpaigh
Cineál | clár rialtais agus Green New Deal (en) |
---|---|
Tír | Aontas Eorpach |
Cruthú | 15 Eanáir 2020 |
Láithreán gréasáin | ec.europa.eu… |
Is éard atá i gceist le Dlí Athchóirithe Nádúir an Aontais Eorpaigh (Béarla: EU Nature Restoration Law) ná athchóiriú a dhéanamh ar thalamh ar bhealach nádúrtha.[3] Thug Parlaimint na hEorpa a beannacht don Dlí ar 27 Feabhra 2024. Ghlac Airí Comhshaoil an AE leis freisin i mí an Mhárta 2024).[4][5][6]
An dlí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ghlac Parlaimint na hEorpa in 2024 le dlí suaitheanta an AE chun athchóiriú a dhéanamh ar an dúlra, ag cloí le cuid den phlean a bhí ann cosaint a dhéanamh ar an timpeallacht i ndiaidh agóidíocht na bhfeirmeoirí.[7]
Sa chéad dul síos, caithfidh tíortha an Aontais Eorpaigh (AE) plean a leagan amach faoin gcaoi a ndéanfar athchóiriú ar 20% de thalamh agus réimsí farraige an AE faoin mbliain 2030. Caithfidh siad na pleananna a leagan amach roimh 2027.
Tá an sprioc ann go mbeidh na héiceachórais ar fad curtha san áireamh faoi 2050. Tá spriocanna áirithe aeráide leagtha síos sa dlí nua.[3]
Cur in aghaidh
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is beag fáilte atá á chur ag feirmeoirí roimh an dlí. Creideann roinnt feirmeoirí go mbeidh a slí bheatha siar leis. Ach dúirt an Feisire Eorpach, Sean Kelly go bhfuil geallúint faighte aige ó Choimisinéir Talmhaíochta an AE nach mbeidh aon iallach ar fheirmeoirí géilleadh don dlí seo, agus go mbeadh cúiteamh ann do pé feirmeoir a bheadh sásta a bheith páirteach sa scéim.[3]
Caitheadh i dtraipisí i mí Mhárta 2024 reachtaíocht Eorpach a bhí nach mór aontaithe a chinnteodh go mbeadh an nádúr i réim arís in 20 faoin gcéad d’achar talún agus mhara an Aontais Eorpaigh; baineadh an reachtaíocht sin den chlár plé nuair ba léir nach mbeadh móramh ann di sa Chomhairle Eorpach.[8]
An Dlí in Éirinn
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ritheadh An tAcht um Fhiadhúlra (Leasú), 2023[9] agus an Plean Gníomhaíochta Náisiúnta na hÉireann um Bithéagsúlacht, 2023 don tréimhse 2023-2030.[10][11] Tá ar gach údarás áitiúil in Éirinn plean bithéagsúlachta dá gcuid féin a chur i dtoll a chéile, a nuashonrú agus a chur i ngníomh. Cuireadh acmhainn bhreise ar fáil don tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra, de réir an phlean, le dul i ngleic le daoine agus le heagraíochtaí a sháraíonn an dlí.[12]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "An Chloch Fhionn/Cloghfin" (ga). logainm.ie. Dáta rochtana: 2024-02-28.
- ↑ euractiv.com (20 Meitheamh 2023). "Nature needs to be restored quickly, says Irish minister" (en-IE). Dáta rochtana: 2024.
- ↑ 3.0 3.1 3.2 Nuacht RTÉ (2024-02-27). "Parlaimint na hEorpa ag glacadh leis an Dlí Athchóirithe Nádúir" (as ga-IE).
- ↑ Glacadh leis an dlí seo le farasbarr 54 vóta. Vótáil Fine Gael i bhfabhar ach bhí Páirtí Phobal na hEorpa (European People's Party / EPP) in aghaidh i ndeireadh an lae.
- ↑ RnaG / Tús Áite (2023). "Tús Áite: Dlí Athchóirithe Nádúir." (as ga-IE) (Vótáil Pairlimint na hEorpa 12 IÚIL 23 ar son an Dlí nua Athchóirithe Nádúir le 336 feisire ar a shon, 300 ina choinne agus triúr déag a shéan ón vótáil. Labhraímid faoi seo le Seán Kelly (Feisire Eorpach le Fine Gael).).
- ↑ Catherine Connolly TD (Iúil 2023). "Catherine Connolly TD speaking on the Motion on Nature Restoration Law." (as en-IE).
- ↑ RnaG / Tús Áite (27 Feabhra 2024). "Tús Áite: An Bille Athchóirithe Nádúir i bParlaimint na hEorpa. Agallamh le Seán Kelly" (as en).
- ↑ Alex Hijmans (12 Meitheamh 2024). "Torthaí thoghchán na hEorpa agus an aeráid – osna faoisimh, ach cúpla fainic leis" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-06-13.
- ↑ oireachtas.ie (2023). "An tAcht um Fhiadhúlra (Leasú), 2023". Dáta rochtana: 2024.
- ↑ "National Biodiversity Action Plan | National Parks & Wildlife Service". www.npws.ie. Dáta rochtana: 2024-02-27.
- ↑ npws.ie (2023). "Plean Gníomhaíochta Náisiúnta na hÉireann um Bithéagsúlacht 2023–2030" (ga-IE). Dáta rochtana: 2024.
- ↑ Nuacht RTÉ / Ciarán Lenoach (2024-01-25). "Plean Bithéagsúlachta athnuaite le dúil tuilleadh meatha a chosc" (as ga-IE).