Athrú aeráide san Eoraip

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
athrú teochta bliantúil san Eoraip(1900-2017), C

Tá an t-athrú aeráide san Eoraip ag géarú ar a luas ná sa chuid eile den domhan.[1][2] Tá an Eoraip ag téamh dhá uair níos sciobtha ná an meán domhanda ó 2002 ar aghaidh.[3]

astaíochtaí CO2 san Aontas Eorpach, 1792-2020 t

Taighde[cuir in eagar | athraigh foinse]

Foilsíodh an tuarascáil, An Aeráid san Eoraip 2022,[4] i mBaile Átha Cliath ar 19 Meitheamh 2023 agus tús á chur ansin leis an séú Comhdháil Eorpach um Oiriúnú don Athrú Aeráide. An Eagraíocht Dhomhanda Meitéareolaíochta (WMO) i gcomhar le Seirbhís Copernicus an Aontais Eorpaigh ar an Athrú Aeráide (C3S), a réitigh an tuarascáil.

Sa tuarascáil seo, deirtear go raibh an teocht ar mhór-roinn na hEorpa thart ar 2.3 céim celsius níos teo in 2022 thairis mar a bhí an mheánteocht roimh ré na tionsclaíochta. Deirtear gur mór an sárú sin ar an 1.5 céim a ceapadh mar an uasteocht faoina gcaithfí téamh an domhain a choinneáil faoi. (Ar chomhairle na n-eolaithe socraíodh 1.5 céim celsius mar an t-ardú domhanda is mó ar an teocht a bhí sa domhan idir 1850 agus 1900 chun go bhféadfaí na hiarmhairtí is measa ar an athrú aeráide a sheachaint.).[3]

astaíochtaí CO2 san Aontas Eorpach in aghaidh an duine, 2021 t

Cúrsaí sa bhliain 2022[cuir in eagar | athraigh foinse]

Fuinneamh

Ba í an bhliain 2022 an bhliain ba theo ar an taifead in Éirinn, sa Bheilg, sa Fhrainc, sa Ghearmáin, san Iodáil, i Lucsamburg, sa Phortaingéil, sa Spáinn, san Eilvéis agus sa Bhreatain. Bhí níos lú báistí ná an meán i gcuid mhór den Eoraip in 2022. Cailleadh 880 km3 d’oighear in oighearshruthanna na hEorpa idir 1997- 2022, agus laghdú 34 méadar ar an meán ó thaobh thiús an oighir a bhí i gceist sna hAlpa, an áit ba mheasa a buaileadh.

De réir na tuarascála WMO 2022, tá rian á fhágáil níos mó ná riamh ag an adhaimsir ar chóras fuinnimh na hEorpa.[3]

Léiríodh taighde de chuid ISGlobal gur mharaigh teas an tsamhraidh 2022 61,000 duine san Eoraip, an samhradh ba theo a taifeadadh go dtí 2022 (ach maraíodh an tonn teasa sa bhliain 2003 70k).[5] Chonacthas triomach, toinn teasa agus falscaí a chuaigh ó smacht. Idir and 30 Bealtaine agus an 4 Meán Fómhair 2022 a comhairíodh na básanna. An Iodáil, An Spáinn agus an Ghearmáin na trí thír ba mheasa a buaileadh.[6]

Bhí an teas mór san Eoraip in 2022 ar cheann de na cúiseanna ba mhó leis na básanna breise de dheasca na haimsire san Eoraip. Tá an brú óna leithéid ag éirí níos coitianta agus níos measa ar fud na hEorpa de réir a chéile.

Réitigh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 2022, den chéad uair gineadh san AE níos mó leictreachais ó fhuinneamh  gaoithe agus gréine ná mar a gineadh ó bhreoslaí iontaise. Ach caithfear gearradh siar go mór ar úsáid breoslaí iontaise fós.[3]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheacthtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. World Meteorological Organization (2023-06-19). "Climate change impacts scar Europe, but increase in renewables signals hope for future" (en). public.wmo.int. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2023-07-09. Dáta rochtana: 2023-06-20.
  2. 2.0 2.1 World Meteorological Organisation (Mei 2023). "State of the Climate in Europe 2022". Dáta rochtana: Mei 2023.
  3. 3.0 3.1 3.2 3.3 "An Eoraip ag téamh dhá uair níos sciobtha ná an meán domhanda" (ga-IE). Tuairisc.ie (2023-06-19). Dáta rochtana: 2023-06-20.
  4. The State of the Climate in Europe 2022 report,, de chuid an World Meteorological Organization agus an Copernicus Climate Change Service de chuid an Aontais Eorpaigh
  5. Joan Ballester, Marcos Quijal-Zamorano, Raúl Fernando Méndez Turrubiates, Ferran Pegenaute, François R. Herrmann, Jean Marie Robine, Xavier Basagaña, Cathryn Tonne, Josep M. Antó, Hicham Achebak (2023-07-10). "Heat-related mortality in Europe during the summer of 2022" (as en). Nature Medicine: 1–10. doi:10.1038/s41591-023-02419-z. ISSN 1546-170X. 
  6. Nuacht RTÉ (2023-07-10). "Timpeall na Cruinne" (as ga).