Éiceachóras

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Gach neach beo, chomh maith leis an gcomhshaol go léir mar aonad is ea Éiceachóras. Ciallaíonn sé na himoibrithe idir orgánaigh bheo, an talamh is na mianraí inti, uisce is báisteach, solas na Gréine, teocht is taise, aeráid is aimsir, gaotha is topagrafaíocht na talún.

Go minic nuair a bhíonn an-spleáchas idir orgánaigh in éiceachóras, is féidir go mbeidh sé cobhsaí ar feadh i bhfad. Ach athraíonn éiceachórais nuair a athraíonn an aeráid, nuair a thugtar gnéithe nua isteach ann, agus nuair a chuireann daoine isteach an iomarca air de thaisme nó d'aon ghnó.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Éiceachóras". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 240.