Caomhnú an chomhshaoil

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Caomhnú)
páirtí sa Phrótacal Kyoto, léarscáil 2010

Is éard atá i gceist le caomhnú an chomhshaoil (nó cosaint na timpeallachta) ná cosaint is leasú acmhainní an domhain (plandaí, ainmhithe, aer, uisce, talamh, mianraí is fuinneamh) don am le teacht. (Chlúdódh sainmhíniú níos leithne dearadh na timpeallachta nó fiú cosaint dhaonnúil agus chaomhnú oidhreachta[1]).

Leis an gcomhshaol is mó a luaitear an téarma. Mar shampla, sa Straitéis Caomhnaithe Dhomhanda (1980) fógraíodh go raibh gá le caomhnú na n-acmhainní beo is na héagsúlachta géinití ar mhaithe le próisis riachtanacha eacnamaíochta agus inbhuanaitheacht speiceas is éiceachóras.

Is gá go leanfaidh stoc inmharthana speicis ainmhithe is plandaí, aer glan is uisce íon inólta, agus ithir thorthúil.

Is gá go gcaomhnófar áilleacht an nádúir is an chomhshaoil i gcoitinne freisin, mar bhunús spioradálta an duine anois agus sna glúine le teacht.

Midway, 1942. Ar an 6 Samhain gach bliain, ceiliúrtar an Lá Idirnáisiúnta um Chosc Dhúshaothrú an Chomhshaoil sa Chogaíocht agus sa Choinbhleacht.

Ar an 6 Samhain gach bliain, ceiliúrtar an Lá Idirnáisiúnta um Chosc Dhúshaothrú an Chomhshaoil sa Chogaíocht agus sa Choinbhleacht.[2]











Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. mar shampla, lámhdhéantúsán stairiúil, leabhair, péintéireacht, dealbhóireacht, séadchomharthaí, foirgnimh, ceol is teangacha, srl
  2. Hussey, Matt (2011). "Caomhnú". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 114.