Tubaiste núicléach Fukushima
Tharla Tubaiste núicléach Fukushima, an tubaiste núicléach is measa riamh ar domhan (ó thaobh na sceite radaíochta) do na himoibreoirí Daiichi i Fukushima, in oirthuaisceart oileán Honshu na Seapáine ar an 12 Márta 2011. Is príomhchathair Mhaoracht Fukushima, sa tSeapáin, é Fukushima.

Tōhoku[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tharla an crith talún is mó riamh sa ,tSeapáin, 9.0–9.1 (Mw), ar an 11 Márta i Tōhoku (東北地方太平洋沖地震, Tōhoku-chihō Taiheiyō Oki Jishin). Bhí sé faoi ghrinneall an aigéin timpeall 25km amach ón gcósta. Ní hamháin sin, ach bháigh an súnámaí limistéar leathan tíre, cathracha, bailte agus feirmeacha. Cailleadh níos mó ná 17,000 duine sna tuilte,[1] agus bhí ar 400,000 duine teitheadh as an gceantar.[2]
Ní dóigh go ndearna an crith talún sin ró-dhochar do na himoibreoirí, ach lean an súnámaíé agus milleadh an-chuid de chórais rialaithe na n-imoibreoirí.[2]
Na himoibreoirí[cuir in eagar | athraigh foinse]
Sé imoibreoir a bhí i gceist: milleadh ceathrar cinn go hiomlán agus an dá cheann eile go holc. I lár thubaiste na dtuilte, cailleadh smacht de réir a chéile ar na himoibreoirí agus na humair fuaraithe don bhreosla ídithe sa stáisiún núicléach.
Tharla pléascanna sna humair seo agus i gcuid de na himoibreoirí, agus scaoileadh ábhair radaighníomhacha san aer. Leáigh cuid de na croíleacáin a chuir go mór le déine is troime an sceite.[2]
Iarmhairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
Aslonnaíodh an pobal uile i bhfoisceacht 20-30km in 2011, agus fógraíodh fairsinge 20km timpeall uirthi sin mar theirceantar amach is amach.
Iontas na n-iontas, níl an damáiste fadtéarmach do shláinte na n-ainmhithe sa cheantar ró-dhona, is cosúil. Tá an zón eisiaimh beo le fiadhúlra anois (in 2023). Tá iontas ar eolaithe nach bhfuil an t-éilliú radaighníomhach ró-ard.[3][4]
I gcomparáid leis an Tubaiste núicléach Fukushima sa bhliain 2011, bhí líon na mbásanna díreacha níos airde in Searnóbail, ach bhí an truailliú radaighníomhach níos measa sa tSeapáin.[5]
Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ BBC, 2012
- ↑ 2.0 2.1 2.2 Hussey, Matt (2011). "Fréamh an Eolais" (Coiscéim).
- ↑ Alex K. T. Martin (2023-03-05). "In the shadow of the Fukushima disaster, an unusual experiment in rewilding" (en-US). The Japan Times. Dáta rochtana: 2023-03-12.
- ↑ Knowable Magazine. "Scientists can’t agree about Chernobyl’s impact on wildlife – ONE Only Natural Energy" (en-GB). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2023-03-12. Dáta rochtana: 2023-03-12.
- ↑ "Comparison of the Chernobyl and Fukushima nuclear accidents" (as en) (2022-10-22). Wikipedia.