Radachur radaíghníomhach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ábhair radaighníomhacha a tháirgtear ag pléascthaí núicléacha os cionn talún (mar shampla, i dtástálacha arm, nó mar thoradh ar an timpiste i stáisiún núicléach cumhachta Shearnóbail i 1986, nó an timpiste núicléach i bhFukushima i 2011). Iompraítear na hábhair seo chun siúil ó ionad a sceite ag na gaotha, agus de réir a chéile titeann siad go talamh mar phúdar tirim nó tuaslagtha sa bháisteach. Truaillíonn siad an talamh suas leis na mílte ciliméadar i gcéin. Sa radachur iarmharach ar an timpiste i Searnóbail bhí Cs-34, Cs-37, I-131, Pu-239 is Sr-90.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Radachur radaíghníomhach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 544.