Jump to content

Dídeanaí

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Teifeach)
Teifigh sa Phoblacht Dhaonlathach an Chongó i rith an Cogadh Kivu, 2008. Bhí níos mó ná sé milliún teifeach san Afraic ag an am.

Bíonn brú ar an dídeanaí (nó teifeach) a thír a fhágáil chun éalú ó chogadh, ó ghéarleanúint nó ó thubaiste nádúrtha.[1]

Bíonn ar na milliúin gach bliain a bhfód dúchais a thréigean chun tearmann a lorg. Tá timpeall 25 milliún teifeach ar domhan inniu.

Ceiliúrtar Lá Domhanda na dTeifeach ar an 20 Meitheamh gach bliain.[2]

Campa dídeanaithe, Za'atri sa Iordáin. Is mór an náire an bhail atá ar na teifigh sna campaí seo.

De réir an Choinbhinsiúin, is duine é dídeanaí,[3]

“mar gheall ar eagla ghéarleanúna a bhfuil bunús maith faoi ar chúiseanna a bhaineann le, reiligiún, náisiúntacht, comhaltas de ghrúpa sóisialta ar leith nó tuairimí polaitiúla, go bhfuil sé lasmuigh de thír a náisiúntachta agus nach bhfuil ar a chumas, nó nach bhfuil sé toilteanach, i ngeall ar an eagla sin, leas a bhaint as cosaint na tíre sin”.[4]

(Airteagal 1(A)(2), den Choinbhinsiún). Déanann Coinbhinsiún 1969 Eagraíocht um Aontas na hAfraice (EAA) dídeanaí a shainmhíniú mar aon duine a gcuirtear iachall air a thír nó a tír a fhágáil

“mar gheall ar ionsaí seachtrach, ar fhorghabháil, ar fhorlámhas eachtrach nó ar imeachtaí a shuaitheann an t-ord poiblí go mór, bíodh sé i gcuid dá thír, dá thionscnamh nó dá náisiúntacht nó ina n-iomláine .”

Ar an gcuma chéanna, deir Dearbhú 1985 Cartagena go n-áirítear le dídeanaithe freisin daoine a théann ar teitheadh óna dtír

“toisc go ndearnadh bagairt ar a mbeatha, ar a slándáil nó ar a saoirse trí fhorneart ginearálaithe, trí ionsaí eachtrach, trí choinbhleachtaí inmheánacha, trí mhórsháruithe ar chearta an duine nó trí imthosca eile a shuaith an t-ord poiblí go mór.”

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. growinlove.ie. "[https://www.growinlove.ie/wp-content/uploads/2021/01/IRISH-Lesson-5th-Class.pdf AN GHÉARCHÉIM IMIRCEACH AGUS FREAGAIRT CHABHLACH NA hÉIREANN]". Dáta rochtana: 2021.
  2. "Solidarity with Refugees: 10 Things You Can Do to Help in Ireland » INAR" (en-US). INAR (2015-09-10). Dáta rochtana: 2021-07-29.
  3. historia-europa.ep.e. "Téama Teorainneacha agus droichid - Imirce". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-07-29. Dáta rochtana: 2021.
  4. Nó (aistriúchán eile) 'duine atá lasmuigh den tír ar náisiúnach í nó a bhfuil gnáthchónaí air; a bhfuil eagla seanbhunaithe orthu go ndéanfaí géarleanúint orthu mar gheall ar a mballraíocht pobail, a reiligiún, a náisiúntacht, a mballraíocht i ngrúpa sóisialta áirithe nó a dtuairimí polaitiúla; agus nach féidir nó nach dteastaíonn uaidh cosaint na tíre sin a éileamh nó filleadh ansin mar gheall ar an eagla thuasluaite.'