Dídeanaí

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Teifigh san Phoblacht Dhaonlathach an Chongó i rith an Cogadh Kivu, 2008. Tá níos mó ná sé milliún teifeach san Afraic.

Is duine ar teitheadh óna dtír féin chun cogadh, géarleanúint nó tubaiste nádúrtha a sheachaint is ea dídeanaíteifeach[1]. Bíonn ar na milliúin gach bliain a bhfód dúchais a thréigean chun tearmann a lorg. Is éard atá i ndídeanaí - de réir bhrí Coinbhinsiún a Bhaineann le Stádas Dídeanaithe - duine atá lasmuigh den tír ar náisiúnach í nó a bhfuil gnáthchónaí air; a bhfuil eagla seanbhunaithe orthu go ndéanfaí géarleanúint orthu mar gheall ar a mballraíocht pobail, a reiligiún, a náisiúntacht, a mballraíocht i ngrúpa sóisialta áirithe nó a dtuairimí polaitiúla; agus nach féidir nó nach dteastaíonn uaidh cosaint na tíre sin a éileamh nó filleadh ansin mar gheall ar an eagla thuasluaite. Tá timpeall 25 milliún teifeach ar domhan inniu.

Ceiliúrtar Lá Domhanda na dTeifeach ar an 20 Meitheamh gach bliain.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Géarchéim imirceach na hEorpa

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]