Coinbhinsiún i dtaobh Stádas Dídeanaithe (1951)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Campa dídeanaithe, Za'atri sa Iordáin. Is mór an náire an bhail atá ar na teifigh sna campaí seo.

Síníodh an Coinbhinsiún i dtaobh Stádas Dídeanaithe ar 28 Iúil 1951 sa Ghinéiv, nó go hiondúil, Coinbhinsiún na Ginéive (1951) agus Prótacal na Ginéive (1967).[1]

Teifigh sa Phoblacht Dhaonlathach an Chongó i rith an Cogadh Kivu, 2008. Bhí níos mó ná sé milliún teifeach san Afraic ag an am.
An Choinbhinsiún i dtaobh Stádas Dídeanaithe

Dídeanaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

De réir an Choinbhinsiúin, is duine é dídeanaí,[2]

“mar gheall ar eagla ghéarleanúna a bhfuil bunús maith faoi ar chúiseanna a bhaineann le, reiligiún, náisiúntacht, comhaltas de ghrúpa sóisialta ar leith nó tuairimí polaitiúla, go bhfuil sé lasmuigh de thír a náisiúntachta agus nach bhfuil ar a chumas, nó nach bhfuil sé toilteanach, i ngeall ar an eagla sin, leas a bhaint as cosaint na tíre sin” [3]

(Airteagal 1(A)(2), den Choinbhinsiún).

Non-refoulement[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is é is príomhchuspóir do stádas tearmainn agus dídeanaí ná cosaint in éadan filleadh ar thír ina bhféadfadh baol géarleanúna a bheith ann don duine lena mbaineann.[4] Cuirtear an chosaint seo ar bhonn foirmiúil trí phrionsabal an non-refoulement, a shainítear in Airteagal 33(1) den Choinbhinsiún, mar seo a leanas:

‘Ní dhéanfaidh aon Stát Conarthach dídeanaí a dhíbirt nó a fhilleadh (‘refouler’) ar aon bhealach chuig teorainneacha críocha ina mbeadh a shaol nó a shaoirse faoi bhagairt mar gheall ar a chine, a reiligiún, a náisiúntacht, nó mar gheall ar é a bheith mar chuid de ghrúpa sóisialta nó tuairim pholaitiúil ar leith a bheith aige’.

Feidhmiú san Aontas Eorpach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Leis an gComhchóras Eorpach Tearmainn, ní mór urraim a thabhairt d’oibleagáidí na mBallstát faoi Choinbhinsiún 1951 a ghabhann le Coinbhinsiún na Ginéive agus faoi chonarthaí ábhartha eile, amhail an Coinbhinsiún um Chearta an Linbh.[5] Ní mór prionsabal an non-refoulement atá in Airteagal 33 den Choinbhinsiún i dtaobh Dídeanaithe, a chomhlíonadh leis an gComhchóras freisin.

Ina theannta sin, ní mór do Bhallstáit Chomhairle na hEorpa a ráthú go mbeidh ag an uile dhuine laistigh dá ndlínse féin, lena n-áirítear imircigh, na cearta a chumhdaítear sa Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine.

Eachtraí[cuir in eagar | athraigh foinse]

An 6 Meitheamh 2017, d’eisigh an Chónaidhm Idirnáisiúnta um Chearta an Duine (CICD) ráiteas inar cáineadh an refoulement ar náisiúnaigh Turcacha ag na húdaráis Ghréagacha. De réir na faisnéise a bhí ar fáil do CICD, rinne na póilíní Gréagacha grúpa de náisiúnaigh Turcacha, a raibh sé mar aidhm acu cosaint idirnáisiúnta sa Ghréig a iarraidh chun éalú ó ghéarleanúint sa Tuirc, a thabhairt ar láimh chuig aonad d’fhir armtha agus masctha ar an 2 Meitheamh 2017 in Ervos chun go seolfaí ar ais chuig an Tuirc iad.[4]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. ""Coinbhinsiún na Ginéive (1951) agus Prótacal na Ginéive (1967 )"". téarma.ie. Dáta rochtana: 2021-07-29.
  2. historia-europa.ep.e. "Téama Teorainneacha agus droichid - Imirce". Dáta rochtana: 2021.
  3. Nó (aistriúchán eile) 'duine atá lasmuigh den tír ar náisiúnach í nó a bhfuil gnáthchónaí air; a bhfuil eagla seanbhunaithe orthu go ndéanfaí géarleanúint orthu mar gheall ar a mballraíocht pobail, a reiligiún, a náisiúntacht, a mballraíocht i ngrúpa sóisialta áirithe nó a dtuairimí polaitiúla; agus nach féidir nó nach dteastaíonn uaidh cosaint na tíre sin a éileamh nó filleadh ansin mar gheall ar an eagla thuasluaite.'
  4. 4.0 4.1 "Refoulement ar náisiúnaigh Turcacha ag na húdaráis Ghréagacha" (ga). www.europarl.europa.eu. Dáta rochtana: 2021-07-29.
  5. Parlaimint na hEorpa (EPRS | Seirbhís Taighde Pharlaimint na hEorpa) (Márta 2019). "Saincheist na himirce". Dáta rochtana: 2021.
  6. Office of the President of Ireland. "ag ceiliúradh 70 bliain Coinbhinsiún na Ginéive (1949)" (en). president.ie. Dáta rochtana: 2021-07-29.
  7. "Coinbhinsiún na Ginéive ar Thruailliú Aeir Trasteorann Fadraoin". eur-lex.europa.eu. Dáta rochtana: 2021-07-29.
  8. Brian Ó Broin (2006). "Céasadh príosúnach ag déanamh dochair d’íomhá Mheiriceá" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2021-07-29.