Géarchéim imirceach na hEorpa

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Géarchéim imirceach na hEorpa: De Nieuwe Kerk-Dam, 2015

Thosaigh an Géarchéim imirceach na hEorpa i 2015. Sa bhliain sin, ardaíodh go tubaiste líon inimirce na inimircigh eachtrannach a bhain an tAontas Eorpach amach. Thaistil siad trasna an Mheánmhuir nó thar tír trí Eoraip thiar theas.

léarscáil

Stair roimh 2015[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • 2011-2016, ainrialachas i Libia.

Sa bhliain 2011, mar chuid den Earrach Arabach, thosaigh éirí amach sa Libia i gcoinne réimeas Gaddafi. Feallmharaíodh Gadaffi ar 20 Deireadh Fómhair 2011. Bhí an chuid is mo den tír faoi smacht an Chomhairle Idirthréimhseach Náisiúnta de chuid na reibiliúnach, faoi cheannasaíocht na Ríochta Aontaithe agus Fraince... ar feadh cúpla seachtain. D'imigh Libia le hainrialtacht beagnach láithreach. Agus tá an ainriail i réim sa tír ó shin i leith. Dúirt Barack Obama ar an 7 Márta 2016 go raibh praiseach d'obair a bhí ann, agus chuir sé cuid den locht ar David Cameron agus Nicolas Sarkozy[1].

D'fhógair An Stát Ioslamach na Siria agus an Leiveaint, Cailifeacht Mhoslamach nua, san Iaráic agus in oirthear na Siria. B'shin é an chéad Cailifeacht ó ré na Otamánaigh.[2]

2015[cuir in eagar | athraigh foinse]

Faoi dheireadh 2015, tháinig isteach is amach le milliún iarrthóir tearmainn chun na Eorpa le linn na bliana; bhí cuid mhór díobh ag teitheamh ón gcogadh cathartha sa tSiria. Bhí cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu dá dhroim sin[3]. Ghéaraigh ceannairí an Aontais Eorpaigh ar a n-iarrachtaí rialuithe ar theorainneacha seachtracha a neartú agus líon na n-iarrthóirí tearmainn a laghdú, trí bheith ag obair i gcomhar le stáit chomharsanachta ar nós na Tuirce.

17 D.F. 2013 Malta

Imeachtaí sa bhliain 2015[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thairg Rialtas na hÉireann cabhair do Rialtas na hIodáile le géarchéim na n-inimirceach tar éis bádh breis is 850 nuair a chuaigh bád béal faoi, 85km amach ó chósta Libia i mí Aibreán 2015. Guardian

  • Chaith an LÉ Eithne sé seachtain (Bealtaine-Iúil) amuigh ann roimhe sin agus tuairiscítear gur shábháil sí 3,400 inimircigh i rith na tréimhse sin
Géarchéim imirceach na hEorpa

D'fhág an LÉ Niamh cósta na hÉireann ar 10ú Iúil le criú de 57, beirt oibrithe leighis ina measc. Ba í an dara bád cabhlaigh Éireannach a bhí ar dhualgais tarrthála sa Mheánmhuir ó mhí na Bealtaine.

Dúirt urlabhraí de chuid Eagraíocht Idirnáisiúnta na nImirceach Itayi Virri go raibh 2,000 inimircigh báite go dtí seo sa bhliain 2015 agus iad ag iarraidh an Mheánmhuir a thrasnú. De réir eolais ó Aireacht Intíre na hIodaíle bhí smuigléirí daoine, ón Libia den chuid is mó, freagrach as níos mó ná 100,000 inimircigh a sheoladh trasna na farraige chun na hIodáile i mbliana.

Thosaigh an bád cabhlaigh LÉ Niamh (faoi Leifteanant-Cheannasaí Daniel Wall) ag obair sa Mheánmhuir. Ar an chéad lá, tharrtháil an LÉ Niamh 98 duine ó bhád inséigthe 76 muirmhíle amach ó chósta Tripilí 265 daoine ó bhád inséigthe an lá dár gcionn[4]

Tharrtháil an LÉ Niamh 265 daoine, 13 ban agus 8 páistí ina measc ó bháirse adhmaid amach ó chósta Tripilí. Níos déanaí an lá sin ghlac sí le 114 daoine ó MV Dignity, long de chuid Médecins sans Frontiéres. Bhí 14 de na mná ag iompar agus bean amháin, Grace, i dtinneas clainne. Rugadh a leanbh agus í ar bord agus ghlaoigh sí Destiny uirthí. Tógadh máthair agus leanbh chuig ospidéal sa tSicil agus na daoine eile go Palermo. Irish Times

L.E. Niamh

Tharrtháil an LE Niamh 243 imirceach a bhí ag iarraidh an Mheánmhuir a thrasnú ó chósta na hAfraice. Rinneadh an tarrtháil 80 ciliméadar siar ó thuaidh de phríomhchathair na Libia, Tripilí. Tuairiscítear go raibh 183 fear, 33 bean agus 27 páistí ar bord an bháid adhmaid beag. TheJournal.ie

Níos déanaí an lá céanna, agus an 243 fós ar bord chuidigh an LÉ Niamh le tarrtháil eile ó bháirse a d´fhág cósta na Libia go luath ar maidin. Tógadh 210 inimircigh ar bord, 35 páistí ina measc. Tógadh na daoine eile ar bord long de chuid Médecins sans Frontiéres, an MV Dignity. Níos déanaí fuarthas 14 marbh i mbolg an bháid tar éis do gach duine eile a aistriú ón mbáirse. Creidtear go bhfuair siad bás de bharr aisfisce nó gur brúdh chun bháis iad. Tógadh na daoine a tarrtháladh go calafort Messina, an tSicil. Irish Times

17 D.F. 2013, Malta

Bádh 200 imirceach sa Mheánmhuir i ndiaidh dá long iompú bun os cionn. I bPalermo na Sicile Nuacht RTÉ. Chuaigh an LÉ Niamh i gcabhair le bád iascaireachta. Tuairiscítear go raibh 700 ar bord. Lainseáil an LÉ Niamh dhá bhád inséidte ach sular shroich siad an bád chuaigh sé béal faoi san uisce. Tógadh 367 daoine agus 25 chorp ar bord ón uisce agus tá baol ann gur bádh níos mó ná 185 daoine. Bhí Dignity 1, bád de chuid Médecins sans Frontiéres (MSF), agus na longa Iodálacha an Sirio agus an Mimbelli ag cuidiú leis an tarrtháil. Newstalk

=> Éíst le Leifteanant-Cheannasaí Caoimhín Mac Unfraidh ón tSeirbhís Chabhlaigh ag caint faoin tarrtháil ar Newstalk

Ina 11ú tarrtháil ó thosaigh sí ag obair sa Mheánmhuir, phioc an LÉ Niamh1 25 inimircigh ó bhád inséidte a raibh an iomarca daoine ar bord amach ó chósta Libia. Bhí 26 ban agus 7 páistí i measc na ndaoine a tháinig ón Afraic fho-Shahárach, An Nigéir, Gána, Mailí, Tóga agus An Cósta Eabhair ina measc. Dúirt Leifteanant-Cheannasaí Caoimhín Mac Unfraidh ón tSeirbhís Chabhlaigh nár bhain gortú le héinne. Aistríodh 375 daoine eile ón long Iodálach an Mimbelli ina dhiaidh sin. Nuacht RTÉ

Fuarthas leoraí tréigthe, lámh le teorainn na hUngáire, le breis is 70 corp dreoite. 59 fear, ochtar ban agus ceathrar páistí a bhí i gcúl an leoraí, cailín bliain d'aois ina measc Nuacht RTÉ

  • Aylan Kurdi,  múrphictiúr i Frankfurt am Main
    27 Lúnasa 2015.

Bhí 200 duine ar a laghad básaithe anois sa Mheánmhuir agus iad ag iarraidh an fharraige sin a thrasnú[5]

Bás Aylan Kurdi. Báthadh Aylan Kurdi, 3 bliain d'aois,  i mBodrum. Bhí íomhánna a choirp marbh ar an dtrá i mBodrum feicthe morthimpeall an domhain agus tar éis aird a tharraingt ar ghéarchéim na dteifeach.

Ocht lá níos déanaí, dúirt an tAire Dlí is Cirt Frances Fitzgerald go gcuirfeadh Éire fáilte roimh 4,000 teifeach faoi Chlár Chosanta Teifeach na hÉireann[6]. Ach ní dhearna an rialtas beart de réir a briathair; níor tháinig ach líon beag in Éirínn sa bhliain 2015.

Viktor Orbán (1997)

Bhí "staid éigeandála" fógraithe ag an Ungáir (an príomh-aire Viktor Orbán agus a rialtas a bhí go mór ar an eite dheas), toisc go raibh os cionn 200,000 teifeach agus imirceach tar éis a mbealach a dhéanamh isteach sa tír i mbliana.[7]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]