Ainrialachas

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Dar leis an ainrialachas, ní gá stát a bheith ann, agus déanann sé dochar. Ba bhreá leis na hainrialaithe ról an údaráis i gcaidrimh idir daoine a laghdú, nó fiú deireadh a chur leis..[1] B'fhearr leo sochaí gan stáit ar bith.

Tá an focal ain-riaghailteachd in úsáid i nGaeilge na hAlban, agus is ionann an focal seo agus anarchism an Bhéarla, a thagann ón nGréigis, anarchos.

Stair[athraigh | athraigh vicithéacs]

Úsáideadh an focal anarchism i mBéarla an chéad uair le linn an Cogadh Cathartha Sasanach mar mhasla. Cuireadh smaointe ainrialacha in iúl ón Ré Ársa. Mar shampla, chuir Laozi, fealsamh Sineach, smaointe ainrialacha in iúl ina leabhar Daodejing, scríofa ~400 RCR. Chuir fealsúna Gréagacha, Aristippus agus Zeno, smaointe ainrialacha in iúl freisin.[2]

Chuir go leor gluaiseachtaí Chriostaí ainrialachas in iúl. Mar shampla, bhunaigh na Diggers i Sasana a fhealsúnacht ar na Gníomhartha na nAspal 4:32: "Bhí buíon na gcreidmheach ar aon aigne agus ar aon intinn le chéile. Ní deireadh aon duine acu liom ná leat faoina chuid maoine mar bhí gach ní i bpáirt acu."[3]

Ba é William Godwin (1756-1836) an chéad ainrialaí nua-aimseartha. Ba é Pierre-Joseph Proudhon an chéad ainrialaí féinfhógartha. D'úsáid sé an focal ainrialaí ina saothar "Céard é réadmhaoin" (Fraincis: Qu'est-ce que la propriété?), foilsithe i 1840. Sa shaothar sin, dúirt Proudhon, "Is gadaíocht é réadmhaoin." Bhí tionchar ag an bhfrithcaipitlíochas Proudhon ar an ngluaiseacht ainrialach ó shin. I 1844, d'fhoilsigh Max Stirner an leabhar An t-Ego agus A Reádmhaoin (Géarmainis: Der Einzige und sein Eigentum). Bhí tionchar ag Stirner ar an ainrialachas indibhidiúlach.

In 1864, eagraíodh an Chéad Idirnáisiúnta mar eagrú an lucht oibre radacach san Eoraip. Ba cheannaire é Karl Marx. D'easaontaigh na ainrialaithe le Marx faoin stát áfach. Mholadh Marx deachtóireacht na prólatáireachta mar stát iarchaipitlíoch. Ba cheannaire ainrialach é Mikhail Bakunin sa Chéad Idirnáisiúnta. Ghlac ainrialaithe páirt sa Chomún Pháras i 1871.

Tagairtí[athraigh | athraigh vicithéacs]

Leabharliosta[athraigh | athraigh vicithéacs]



Naisc[athraigh | athraigh vicithéacs]