Jump to content

Balla na hUngáire

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
An "balla"
Teiifigh
Príomh-aire na hUngáire Viktor Orbán
An Pápa Proinsias

Sa bhliain 2015, tógadh balla ar an teorainn theas idir an Ungáir agus an tSeirbia chun inimircigh nó teifigh a choimeád amach. Tá an balla seo ceithre mhéadar ar airde agus 170 km ar fad.[1] D´fhógair Promh-aire na hUngáire Viktor Orbán tógaíl an bhalla i Mí an Mheithimh 2015. Bhí Príomh-aire na Seirbia, Aleksander Vucic agus Seansailéir na Gearmáine Angela Merkel go láidir i gcoinne an bhalla. 'Ní réiteoidh an balla seo fadhb ar bith,' a dúirt siad.

De ghnáth bogann na teifigh / inimircigh ar aghaidh go tíortha eile san Aontas Eorpach ar nós an Ghearmáin nó an tSualainn. Sa bhliain 2015, tháinig 80% díobh as an tSiria, An Iaráic agus An Afganastáin.[2] Mar bhall den Aontas Eorpach, tá an Ungáir suite sa Limistéar Schengen murab ionann is an tSeirbia. Níl gá le pas chun taisteal idir an 26 thír sa Limistéar Schengen. Mar sin nuair a shroicheann inimircigh an Ungáir is féidir leo taisteal go héasca ó thír go tír.

Thóg an Bhulgáir balla den saghas céanna ar an teorainn leis an Tuirc.

  • 'Leagamar ballaí le déanaí san Eoraip. Níl sé ceart nó cóir go bhfuilimid á dtógáil arís.' a dúirt urlabhraí de chuid an AE.[3]
  • Cháin urlabhraí de chuid na Náisiúin Aontaithe, Kitty McKinsey tógáil an bhalla. ´Tá ceart dosháraithe ag gach duine tearmann a lorg agus tearmann sábháilte a ghlacadh i Stát eile, ´a dúirt sí, ´Táimid buartha go gcruthódh an balla seo bac suntasach i gcoinne an chearta seo.´[4]
  • I Mí an Mheithimh 2015, d´éiligh an Pápa Proinsias níos mó measa dár ´deartháireacha agus deirfiúracha atá ag lorg tearmainn i bhfad óna dtíortha féin´. Cháin sé go hindíreach na daoine agus institiúidí a dhúnann an doras in éadan éinne atá ag lorg clainne, éinne atá ag lorg cosanta.[5]

Níos déanaí

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar an 15 Meán Fómhair 2015, bhí "staid éigeandála" fógraithe ag Orbán . Mhaígh sé go raibh os cionn "200,000 imirceach" tar éis a mbealach a dhéanamh isteach sa tír i mbliana, rud nach raibh fíor go baileach (níor fhan siad sa tír, thrasnaigh siad an Ungáir).[6][7]

  1. Patrick Kingsley, Patrick Kingsley on the Serbo-Hungarian border (2015-06-22). "Migrants on Hungary's border fence: 'This wall, we will not accept it'" (en-GB). The Guardian. Dáta rochtana: 2024-09-15.
  2. Agence-France Presse (2015-06-24). "'The boat is full': Hungary suspends EU asylum rule, blaming influx of migrants" (en-GB). The Guardian. Dáta rochtana: 2024-09-15.
  3. Emma Graham-Harrison, Jim Powell (2015-08-08). "Scenes from a tragedy: just another week in Europe's migrant crisis - in pictures" (en-GB). the Guardian. Dáta rochtana: 2024-09-15.
  4. "Hungary to build anti-migrant fence along Serbian border" (en-AU). ABC News (2015-06-17). Dáta rochtana: 2024-09-15.
  5. "Hungary to build border barrier as EU migrant crisis rages - Business Insider". web.archive.org (2015-06-21). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2015-06-21. Dáta rochtana: 2024-09-15.
  6. Nuacht RTÉ (2015-09-15). "Staid éigeandála fógartha ag an Ungáir" (as ga). 
  7. bamf.de (2024-09-15). "BAMF - Bundesamt für Migration und Flüchtlinge - EMN Germany Paper - The changing influx of asylum seekers in 2014-2016: Germany's response". web.archive.org. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2024-09-15. Dáta rochtana: 2024-09-15.