Angela Merkel
Cuma
Is polaiteoir Gearmánach í Angela Merkel a rugadh ar 17 Iúil 1954 i Hamburg ach a chaith a hóige san oirthear taobh amuigh de Bheirlín. D'éirigh sí ina ceannaire ar an CDU - Christlich Demokratische Union nó Aontas Críostaí-Daonlathach sa bhliain 2000 agus in 2005, Seansailéar na Gearmáine, tar éis bua olltoghcháin i gcoinne Gerhard Schröder ar 18 Meán Fómhair 2005. Bhí an bua aici sa chéad olltoghchán eile sa bhliain 2009 freisin agus lean sí uirthi mar sheansailéir i gcomhaontas leis an FDP faoi stiúir Guido Westerwelle an iarracht seo. Atoghadh í mar sheansailéar le tacaíocht ón SPD i mí na Nollag 2013.
D'fhógair Merkel in 2018 go raibh sí ag éirí as.[1] D'fhág sí a post mar Sheansailéar in 2021.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ In 2018, theip ar Merz ceannaireacht an CDU a bhaint amach. Bhí Merz ag iarraidh an páirtí a bhogadh go mór i dtreo na láimhe deise. Ach ba ar éigean a bhí an bua ag Annegret Kramp-Karrenbauer (nó AKK mar a thugtar uirthi) i gcoinne Friedrich Merz (52% in aghaidh 48%). Sheas AKK le hoidhreacht, dearcadh is polasaithe Angela Merkel.
| Is síol faoi dhuine Gearmánach é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |