Helmut Kohl

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaHelmut Kohl

(1996) Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(de) Helmut Josef Michael Kohl
3 Aibreán 1930
Friesenheim, An Ghearmáin Cuir in eagar ar Wikidata
Bás16 Meitheamh 2017
87 bliana d'aois
Oggersheim, An Ghearmáin Cuir in eagar ar Wikidata
Áit adhlacthaOld Cemetery (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de Bhundestag na Gearmáine
26 Deireadh Fómhair 1998 – 17 Deireadh Fómhair 2002
Téarma parlaiminte: 14th German Bundestag (en) Aistrigh
Ball de Bhundestag na Gearmáine
10 Samhain 1994 – 26 Deireadh Fómhair 1998
Téarma parlaiminte: 13th German Bundestag (en) Aistrigh

Toghcheantar: Ludwigshafen/Frankenthal (en) Aistrigh

Ball de Bhundestag na Gearmáine
20 Nollaig 1990 – 10 Samhain 1994
Téarma parlaiminte: 12th German Bundestag (en) Aistrigh

Ball de Bhundestag na Gearmáine
18 Feabhra 1987 – 20 Nollaig 1990
Téarma parlaiminte: 11th German Bundestag (en) Aistrigh

Ball de Bhundestag na Gearmáine
29 Márta 1983 – 18 Feabhra 1987
Téarma parlaiminte: 10th German Bundestag (en) Aistrigh

6 Seansailéir Feidearálach na Gearmáine
1 Deireadh Fómhair 1982 – 26 Deireadh Fómhair 1998
← Helmut SchmidtGerhard Schröder →
Ball de chomh-aireacht: Cabinet Kohl I (en) Aistrigh, Cabinet Kohl IV (en) Aistrigh, Cabinet Kohl V (en) Aistrigh
Ball de Bhundestag na Gearmáine
4 Samhain 1980 – 29 Márta 1983
Téarma parlaiminte: 9th German Bundestag (en) Aistrigh

Ionadaí an Tionóil Pharlaiminte de Chomhairle na hEorpa
Ina hionadaí do: an Ghearmáin

24 Eanáir 1977 – 5 Deireadh Fómhair 1977
Ball de Bhundestag na Gearmáine
14 Nollaig 1976 – 4 Samhain 1980
Téarma parlaiminte: 8th German Bundestag (en) Aistrigh

8 Cathaoirleach an ghrúpa CDU/CSU sa Bhundestag
13 Nollaig 1976 – 4 Deireadh Fómhair 1982
← Karl CarstensAlfred Dregger →
5 Ceannaire ar an Aontas Críostaí-Daonlathach
12 Meitheamh 1973 – 7 Samhain 1998
← Rainer BarzelWolfgang Schäuble →
Aire-Uachtarán na Réine agus an Phalaitíneacht
19 Bealtaine 1969 – 2 Nollaig 1976
← Peter Altmeier (en) AistrighBernhard Vogel →
Ball de Landtag na Réine agus an Phalaitíneacht
1959 – 21 Nollaig 1976 Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnEaglais Chaitliceach Rómhánach
Scoil a d'fhreastail sé/síGoethe-Universität Frankfurt am Main
Ollscoil Heidelberg Cuir in eagar ar Wikidata
Tráchtas acadúilDie politische Entwicklung in der Pfalz und das Wiedererstehen der Parteien nach 1945 (1958 Cuir in eagar ar Wikidata)
Comhairleoir dochtúireachtaWalther Peter Fuchs
Áit chónaitheOggersheim
Teanga dhúchaisan Ghearmáinis
Meáchan150 kg
Airde195 cm Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Suíomh oibre Mainz
Bonn
Beirlín Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmpolaiteoir, eolaí polaitiúil, staraí, Seansailéir na Gearmáine Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaAontas na nDaonlathaithe Críostaí Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaAn Ghearmáinis
Gairm mhíleata
CoinbhleachtAn Dara Cogadh Domhanda
Ghlac sé/sí páirt i
23 Bealtaine 19991999 German presidential election (en) Aistrigh
27 Meán Fómhair 19981998 German federal election (en) Aistrigh
16 Deireadh Fómhair 19941994 German federal election (en) Aistrigh
2 Nollaig 19901990 German federal election (en) Aistrigh
25 Eanáir 19871987 West German federal election (en) Aistrigh
6 Márta 19831983 West German federal election (en) Aistrigh
3 Deireadh Fómhair 19761976 West German federal election (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
CéileHannelore Kohl (1960–2001), bás a c(h)éile
Maike Kohl-Richter (2008–2017), bás an duine Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteWalter Kohl
 ( Hannelore Kohl)
Peter Kohl
 ( Hannelore Kohl) Cuir in eagar ar Wikidata
AthairHans Kohl  agus Cäcilie Kohl
Duine muintearthaWilhelm Renner (athair a mhná céile) Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas
Síniú

Veu de Helmut Kohl (an Ghearmáinis) Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh gréasáinhelmut-kohl.de Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm0463216 Allocine: 36393
Musicbrainz: 6fcb3bdc-58fd-4110-878e-648e599ac9a2 Discogs: 434366 Find a Grave: 180404668 Cuir in eagar ar Wikidata

Bhí an Dr. Helmut Josef Michael Kohl ina Sheansailéir ar an nGearmáin ó 1982 go dtí 1998.

Cuimhneofar ar Helmut Kohl mar gheall ar athaontú na Gearmáine a tharla le linn a thréimhse in oifig, nuair a theip ar an gCumannachas in oirthear na hEorpa. I ndiaidh a bháis, dúirt Jean-Claude Juncker an méid seo: “Ní hé amháin gur cheann urra aontacht na Gearmáine a bhí in Helmut Kohl. Rinne sé a chion – cion níos mó ná a rinne daoine eile – chun stair na hEorpa agus geografaíocht na hEorpa a thabhairt chun réitigh le chéile".[1]

Beatha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Kohl i Ludwigshafen na Gearmáine ar an 3 Aibreán 1930. Ina Caitliceach a tógadh é.

1967

Is i lár na ndéaga de bhlianta a bhí sé nuair a tháinig deireadh leis an Dara Cogadh Domhanda. Ach bhí Kohl páirteach sa Dara Cogadh Domhanda agus é fós ina dhéagóir, ball den Kinderlandverschickung agus ansin den Hitlerjugend. Is minic a dúirt sé go raibh sé slán ón gcuid is measa den chogadh mar gheall ar é a bheith chomh hóg sin.[2]

Maraíodh a deartháir Walter, saighdiúir, sa Chogadh sa bhliain 1944; chuaigh a bhás go smior ann.

Rinne sé staidéar ar an dlí in Frankfurt sular athraigh sé go dtí an stair agus an eolaíocht pholaitiúil ar Ollscoil Heidelberg. Bhí sé ina bhall den eagraíocht, AIESEC.

Chuaigh Kohl le polaitíocht go luath ina shaol, agus bhí ina bhall den Pháirtí Críostaí Daonlathach ó 1947. Ghnóthaigh sé céim dochtúra sa stair.

Gairm[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is i saol na hacadúlachta a chuir sé tús lena shaol oibre, go dtí go ndeachaigh sé bealach an ghnó ina dhiaidh sin agus bealach na polaitíochta sa deireadh thiar.

In 1959 toghadh ina cheannaire é ar chraobh a bhaile dúchais den Aontas Daonlathach Críostaí (CDU), agus ba ghearr gur shaothraigh sé a bhealach aníos tríd an bpolaitíocht áitiúil agus réigiúnach.

Tar éis tamall a chaitheamh i bpolaitíocht stáit, toghadh é chuig an Pharlaimint Fheidearálach. Tar éis dó a bheith ina aireuachtarán ar Dhúiche na Réine agus an Phalaitíneacht (rud a d’fhág gurbh é an ceann rialtais tofa is óige sa Ghearmáin), agus ina chathaoirleach ar CDU, thug sé na chéad chéimeanna i dtreo Sheansailéireacht Iarthar na Gearmáine.[2]

Bhí sé ina cheannaire ar an bhfreasúra ó 1973 ar aghaidh.

Seansailéir[cuir in eagar | athraigh foinse]

1975

In 1982, briseadh an rialtas mar gheall ar vóta mímhuiníne a thionscain CDU. Dá réir sin, thogh an Bundestag (parlaimint na Gearmáine) Kohl ina Sheansailéir. Tar éis vóta mímhuiníne sa Seansailéir Helmut Schmidt rinneadh Seansailéir de Kohl ar 1 Deireadh Fómhair 1982.

Bliain ina dhiaidh sin, fuair sé greim níos doichte ar an gcumhacht trí thoghcháin chónaidhme 1983 a bhaint le farasbarr suntasach.

Cé go raibh na meáin chumarsáide ag magadh faoi agus go raibh freasúra láidir ina choinne, bhí tréimhse cumhachta níos faide ag Kohl mar Sheansailéir ná mar a bhí ag duine ar bith sa Ghearmáin ó aimsir Otto von Bismarck. D'fhan sé i gcumhacht go dtí gur bhuaigh an Páirtí Daonlathach Sóisialta toghchán na bliana 1998.

2010

Is as a thiomantas chun aon stát amháin a dhéanamh den Ghearmáin is fearr atá cuimhne air. Ba é an chéad Seansailéir a chuir fáilte roimh cheann stáit Oirthear na Gearmáine i gcáil taidhleoireachta, agus tar éis thitim Bhalla Bheirlín, ba go diongbháilte a shaothraigh sé athaontú Oirthear agus Iarthar na Gearmáine.[2]

In 1990, shínigh agus dhaingnigh an dá pharlaimint conradh, conradh lenar athaontaíodh an Ghearmáin 45 bliana tar éis do choimhlint an tír a scoilt ina dhá leath, agus conradh a d’fhág go rabhthas níos cóngaraí d’fhíorú na físe a bhí ag Kohl den Eoraip agus í aontaithe.

1995

Bhí scannal mór airgeadais ann áfach tar éis dó éirí as oifig, rud a fhágann smál ar a cháil mar pholaiteoir.

Shíothlaigh Kohl ar 16 Meitheamh 2017 in Oggersheim, sa Ghearmáin.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. https://europa.eu/european-union/about-eu/history/2010-today/2017_ga
  2. 2.0 2.1 2.2 european-union.europa.eu. "Helmut Kohl agus François Mitterrand:ː ceannairí san athmhuintearas". Dáta rochtana: 2022.



Seansailéirí na Gearmáine
Konrad Adenauer | Ludwig Erhard | Kurt Georg Kiesinger | Willy Brandt | Helmut Schmidt | Helmut Kohl | Gerhard Schröder | Angela Merkel