Helmut Schmidt

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Helmut Schmidt (1918 - 2015), sa mbliain 1969.

Polaiteoir de chuid an SPD agus iar-Sheansailéir na Gearmáine ab ea Helmut Heinrich Waldemar Schmidt. Do rugadh é ar an 23ú lá de Nollaig sa mbliain 1918 i gcathair Hamburg na Gearmáine agus do fuair sé bás san áit chéanna ar an 10ú lá de Mhí na Samhna sa mbliain 2015.

Bhí Schmidt ina Sheansailéir ar an mBundesrepublik Deutschland (Gaeilge: Poblacht Chónaidhme na Gearmáine) ón mbliain 1974 go dtí 1982. Tar éis dó éirí as an bpolaitíocht, do thug sé aghaidh ar an iriseoireacht. D'éirigh sé ina chomh-eagarthóir ar Die Zeit (Gaeilge: 'An tAm'), nuachtán seachtainiúil a fhoilsítear in Hamburg, sa mbliain 1983 agus do chaith sé an chuid eile dá shaol sa bpost san.