Luftwaffe

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Bundeswehr Logo Luftwaffe with lettering.svg

Is é is brí leis an bhfocal Gearmáinise Luftwaffe ná "aerfhórsa" - níos cruinne, "aerarm". Bhí an t-ainm sin ar dhá aerfhórsa i stair mhíleata na Gearmáine: aerfhórsa na Naitsithe sna blianta 1933-1946, agus aerfhórsa Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine ón mbliain 1956 i leith. Is é an t-ainm a bhí ar aerfhórsa na Gearmáine Impiriúla ná Luftstreitkräfte, nó "fórsaí aerchogaidh", agus i bPoblacht Dhaonlathach na Gearmáine, thugtaí Luftstreitkräfte der Nationalen Volksarmee - "Fórsaí Aerchogaidh an Airm Náisiúnta Phobail" - ar an aerfhórsa.

Eitleán cogaidh den déanamh Eurofighter Typhoon agus suaitheantas an Luftwaffe uirthi (2007)