Páirtí Sóisialta Daonlathach na Gearmáine

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó SPD)
Bosca Sonraí EagraíochtaPáirtí Sóisialta Daonlathach na Gearmáine
(de) Sozialdemokratische Partei Deutschlands Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Ainm gearrSPD Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálpáirtí polaitíochta sa Ghearmáin
mórpháirtí
páirtí sóisialach daonlathach Cuir in eagar ar Wikidata
Idé-eolaíocht pholaitíochtadaonlathas sóisialach
Eorpachas
frithfhaisisteachas
Atlanticism (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Ailíniú polaitíochtaar chlé ón lár Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Téann in áitGeneral German Workers' Association (en) Aistrigh
Social Democratic Workers' Party of Germany (en) Aistrigh
Social Democratic Party in the GDR (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta a bunaíodh 23 Bealtaine 1863General German Workers' Association (en) AistrighLeipzig Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh a chartlainne
Gníomhaíocht
Ball dePáirtí na Sóisialaithe Eorpach
Gluaiseacht Eorpach na Gearmáine
Idirnáisiúntas Sóisialach
Labour and Socialist International (en) Aistrigh (1923–1940)
An tAontas Forásach (2013–) Cuir in eagar ar Wikidata
Ballraíocht379,861 (2022) Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
UachtaránachtSaskia Esken (2019–)
Lars Klingbeil (2021–) Cuir in eagar ar Wikidata
ArdrúnaíKevin Kühnert Cuir in eagar ar Wikidata
Cathaoirleach an Pháirtí Dhaonlathaigh Shóisialaigh Cuir in eagar ar WikidataNorbert Walter-Borjans Cuir in eagar ar Wikidata
Foilsiú inmhéanachVorwärts (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
ÓgeagraíochtYoung Socialists in the SPD (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Fochomhlacht
Bundestag of Germany (en) Aistrigh
Bundesrat
composition of the German Regional Parliaments (en) Aistrigh 455 /
Parlaimint na hEorpa
Eile
Dath          Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinspd.de Cuir in eagar ar Wikidata
Facebook: SPD Twitter: spdde Youtube: UCSmbK1WtpYn2sOGLvSSXkKw Cuir in eagar ar Wikidata

Is é Páirtí Sóisialta Daonlathach na Gearmáine (Gearmáinis: Sozialdemokratische Partei Deutschlands) (SPD) an páirtí polaitíochta is sine agus is mó sa Ghearmáin, agus breis is 437,000 ball ann sa bhliain 2018.[1]

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhunaigh Ferdinand Lassalle an páirtí sa bhliain 1863, faoin ainm Allgemeiner Deutscher Arbeiterverein (ADAV — Cumann Ginearálta Oibrithe na Gearmáine). Mar sin, tá an SPD ar cheann de na páirtithe polaitíochta is sine ar domhan inniu.

I 1875, chumaisc an ADAV agus an SDAP (Sozialdemokratische Arbeiterpartei — Páirtí Sóisialta Daonlathach an Lucht Oibre) faoin ainm SAP (Sozialistische Arbeiterpartei — Páirtí Sóisialta an Lucht Oibre). August Bebel agus Wilhelm Liebknecht a bhunaigh an SDAP i 1869. Athainmníodh i 1890 é mar an SDP. Ghlac siad páirt i ngach olltoghchán sa Ghearmáin ó 1871. Bhuaigh siad dhá shuíochán sa Reichstag in olltoghchán na bliana sin, ach i 1912, bhuaigh siad 34.8% de na vótaí agus 110 suíochán. Ba é príomhpháirtí an Dara hIdirnáisiúntais é, freisin. Tar éis a bhunaithe, ba é August Bebel an ceannaire ba thábhachtaí don pháirtí. Marxach a bhí ann, cé gur chonraitheoir é freisin.

Bhí gaol láidir ag an SDP leis na ceardchumainn agus chuaigh siad i bhfeidhm ar na hoibrithe. Ó 1878 go dtí 1890, faoi réimeas Otto von Bismarck, bhí cosc ar an bpáirtí de bharr na Sozialistengesetze (Dlíthe na Sóisialaithe). D'éirigh an páirtí níos radacaí de dheasca an choisc sin. Tá teannas ann fós idir lucht iar-Mharxach na heite clé sa pháirtí agus an lucht is lú radacachas ann. Sna 1890í, bhí díospóireacht ar siúl (Revisionismusdebatte) maidir leis an modh ab fhearr stádas na n-oibrithe a fheabhsú: réabhlóid sóisialach amháin, nó modhanna bunreachtúla.

An Chéad Chogadh Domhanda agus Poblacht Weimar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Póstaer de chuid an SPD ó 1919

Ag tús an Chéad Chogaidh Dhomhanda, vótáil páirtí parlaiminte an SPD ar son an chogaidh. Chreid baill áirithe den pháirtí go raibh an polasaí seo i gcoinne phrionsabail an pháirtí. Cuireadh a lán daoine as an bpáirtí, Rosa Luxemburg ina measc, agus bunaíodh grúpaí nua: an USPD (Unabhängige SPDSPD Neamhspleách) agus an Spartakusbund (Conradh na Spartacach). Ag tús na Réabhlóide Gearmánaí, chuir an SPD agus an USPD le chéile chun ceannaire an SPD, Friedrich Ebert, a chur san Uachtaránacht. Mar aon leis an bpáirtí liobrálach, an DPP, agus leis an bpáirtí Caitliceach Zentrum, bhunaigh an SPD Poblacht Weimar i 1919. Tar éis teipidh ar an bpáirtí i dtoghcháin i 1920, níor ghlac siad páirt sa rialtas ach le cúpla tréimhse gearr. Chuir rath an KPD (Kommunistische Partei DeutschlandsPáirtí Cumannach na Gearmáine) isteach ar thionchar an SPD. I 1931, bhunaigh dream de chuid eite chlé an pháirtí an SAPD (Sozialistische Arbeiterpartei Deutschlands — Páirtí Sóisialach Lucht Oibre na Gearmáine). I 1933, fuair an SPD 18.3% de na vótaí, i gcomparáid le 37.9% i 1919.

An Tríú Reich agus an Dara Cogadh Domhanda[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba é an SPD an t-aon pháirtí a vótáil in aghaidh an Acht Údaraithe. Cuireadh cosc ar an bpáirtí arís ó 1933 go dtí deireadh réimeas na Naitsithe. Cuireadh a lán dá bhaill faoi ghlas i gcampaí géibhinn. Mhair an páirtí ar deoraíocht. Tar éis an Dara Cogaidh Domhanda, athbhunaíodh é i ngach ionad áitithe sa Ghearmáin. San ionad Sóivéadach, agus níos déanaí i bPoblacht Daonlathach na Gearmáine (DDR), chumaisc an SPD agus an KPD chun an SED (Sozialistische Einheitspartei Deutschlands — Páirtí Sóisialach Aontachta na Gearmáin) a bhunú. D'fhulaing a lán Daonlathaigh Shóisialta faoi Stailín.

Tar éis an chogaidh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Willy Brandt

Cé go raibh siad i gcoinne an gheilleagar margaidh ar dtús, ghlac SPD an Iarthair leis faoi dheireadh i gclár Bad Godesberg, a cruthaíodh le linn na comhdhála sin i 1959. I 1966, chuaigh an páirtí i gcomhrialtas leis an CDU agus an CSU faoi Sheansailéireacht Kurt Georg Kiesinger (CDU). Tar éis olltoghchán 1969, chuaigh siad i gcomhrialtas leis an FPD. Rinne an Seansailéir, Willy Brandt, iarracht caidrimh idir an Ghearmáin Iartharach agus Bloc an Oirthir (Ostpolitik) a fheabhsú, rud nár thaitin leis an bhfreasúracht choimeádach. D'éirigh Brandt as i 1974 agus tháinig Helmut Schmidt i gcomharbas air. I 1982, d'fhág an FPD an rialtas, agus bhí an SPD i bhfreasúracht le tréimhse fada in a dhiaidh sin. I 1983, bhuaigh an Comhaontas Glas (Grüne) suíocháin sa Bundestag den chéad uair. Ba iad na chéad iomaitheoirí de chuid na heite clé a bhí ag an SPD ó na 1950í.

An Ghearmáin athaontaithe[cuir in eagar | athraigh foinse]

I 1989, le linn athaontú na Gearmáine, bunaíodh an SPD sa DDR.

I 1998, toghadh ceannaire an SPD, Gerhard Schröder, mar Sheansailéir i gcomhrialtas leis an gComhaontas Glas, rud a bhí ag teastáil ó Willy Brandt ó na 1980í. Ceapadh uachtarán an pháirtí, Oskar Lafontaine, ina Aire Airgeadais, ach bhí coimhlint idir Realpolitik an tSeansailéara agus tuairimí Keyensach a aire, agus d'éirigh Lafontaine as i Márta 1999. Tar éis tacaíocht theach uachtarach na parlaiminte, an Bundesrat, a chailleadh an mhí roimhe sin, bhí ar an rialtas aontú an Fhreasúra a fháil maidir leis an gcuid ba mhó de na hábhair thábhachtacha.

Tar éis fhoilsiú chlár leasuithe liobrálacha Schröder (Agenda 2010) i 2003, a cuireadh i bhfeidhm in ainneoin chur i gcoinne láidir go dtí deireadh 2004, tá géarchéim éirithe san SPD. Ní bhfuair an páirtí ach 21.5% de na vótaí sna toghcháin don Pharlaimint Eorpach i 2004. Cé go raibh breis is milliún ball ag an bpáirtí sna 1970í, ní raibh ach 633,000 ball i Lúnasa 2003 agus 437,754 i 2018.[2]

Cathaoirligh ó 1946[cuir in eagar | athraigh foinse]

Kurt Beck - Iar-cheannaire an pháirtí

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Suíomh oifigiúil

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "SPD membership Germany 1990-2018" (en). Statista. Dáta rochtana: 2020-04-14.
  2. "SPD membership Germany 1990-2018" (en). Statista. Dáta rochtana: 2020-04-14.