Jump to content

Realpolitik

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Otto von Bismarck

San eolaíocht pholaitiúil, is é an chiall le Realpolitik ná ‘córas polaitíochta nó prionsabail atá bunaithe ar chúinsí praiticiúla seachas ar chúrsaí morálta nó idé-eolaíocha’.

Gearmáinis atá sa téarma ‘realpolitik’. Ludwig von Rochau, scríbhneoir agus polaiteoir Gearmánach, i leabhar a scríobh sé in 1853,  a chum an focal realpolitik mar chur síos ar chur chuige polaitiúil a chuireann béim ar riachtanais agus ar an saol mar atá sé seachas ar idéil agus ar mhoráltacht.

Baineadh ciall níos teoranta as an bhfocal ina dhiaidh sin mar chur síos ar mhodh oibre Otto von Bismarck mar sheansailéir ar an nGearmáin. Moladh é mar cheannaire a thug tosaíocht i gcónaí do bheartais a bhí indéanta in ionad a bheith ag plé le haidhmeanna a bhí tarraingteach.[1]

Ní chiallaíonn Realpolitik ach ‘fíor-pholaitíocht’ sa bhrí litriúil (agus níl an splanc chéanna sa Ghaeilge ar chor ar bith).[2]

Ní hionann ‘realpolitik’ agus ‘réalachas’.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. Cathal Mac Coille (10 Eanáir 2026). "Náireofar rialtais an AE mura gcuirfear iachall ar Elon Musk a Grok Imagine náireach a chur as feidhm" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2026-01-10.
  2. "‘Realpolitik’, an réaltacht agus foréigean" (en). Independent.ie (2023-11-15). Dáta rochtana: 2023-12-08.