Rosa Luxemburg

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Rosa Luxemburg
Rosa Luxemburg.jpg
Saol
Ainm iomlán Rosalia Luxenburgo
Eolas breithe Zamość (en) Aistrigh, Márta 5, 1871
Náisiúntacht An Ghearmáin
Impireacht na Rúise
Bás Beirlín, Eanáir 15, 1919
Áit adhlactha Zentralfriedhof Friedrichsfelde (en) Aistrigh
Na cúinsí a bhaineann lena b(h)ás dúnmharú (tráma balaistíoch)
Muintir
Céile/Céilí Gustav Lübeck (en) Aistrigh  (1889 -  1903)
Julian Marchlewski (en) Aistrigh  (1893 -
Páirtí/Páirtithe Leo Jogiches
Oideachas
Alma mater University of Zurich (en) Aistrigh
Leibhéal oideachais Doktor Nauk in Juridical Science (en) Aistrigh
Teangacha An Ghearmáinis
Múinteoirí Julius Wolf (en) Aistrigh
Gairm
Gairm polaiteoir, fealsamh, réabhlóidí, socheolaí, eacnamaí, iriseoir, eagarthóir agus political theorist (en) Aistrigh
Áit oibre Vársá, Zürich agus Beirlín
Saothar iomráiteach The Accumulation of Capital (en) Aistrigh
Social Reform or Revolution (en) Aistrigh
Sloinnte R. Kruszynska
Creideamh
Reiligiúin An tAindiachas
Páirtithe polaitíochta Páirtí Sóisialta Daonlathach na Gearmáine
Communist Party of Germany (en) Aistrigh
Independent Social Democratic Party of Germany (en) Aistrigh
Spartacus League (en) Aistrigh
Social Democracy of the Kingdom of Poland and Lithuania (en) Aistrigh
Rosa Luxemburg signature.svg

Ba theoiricí polaitiúil Marxach, fealsúnaí sóisialach (nó Cummanach) agus réabhlóidí Gearmánach í Rosa Luxemburg (5 Márta, 1870187115 Eanáir, 1919).

Mórphearsa pholaitiúil ab ea Luxemburg le linn éirí amach i mBeirlín in Eanáir 1919. Gabhadh Luxemburg agus a comhghleacaí Karl Liebknecht faoi dheireadh agus mharaigh baill den Freikorps iad.

Rinneadh mairtírigh bolscaireachta den bheirt acu ar son an chumannachais ó shin. Tá siad go fóill i mbéal an phobail, nó i gcuimhne na sóisialaithe ar aon nós, agus daoine ag déanamh déithe dóibh anois.

Bhunaigh Luxemburg an nuachtán Rote-Fahne

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh sa Pholainn í agus tugadh Róża Luksemburg (i bPolainnis) uirthi.

Ba theoiricí í don Pháirtí Sóisialta Daonlathach na Gearmáine (SPD) ar dtús.

Ach ag tús an Chéad Chogaidh Domhanda, vótáil páirtí parlaiminte an SPD ar son an chogaidh. Chreid baill áirithe den pháirtí go raibh an polasaí seo i gcoinne phrionsabail an pháirtí. Cuireadh a lán daoine as an bpáirtí, Rosa Luxemburg ina measc. Bunaíodh grúpaí nua: an USPD (Unabhängige SPDSPD Neamhspleách) agus a gcomhghleacaithe, an Spartakusbund (Conradh na Spartacach).

D'fhoilsigh Luxemburg poileimici in aghaidh na cogaíochta agus gabhadh í sa bhliain 1916. Scaoileadh as an bpríosún í ar an 8 Samhain 1918.

Réabhlóid 1918/1919[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'fhéach an Ghluaiseacht Spartacach, an Léig Spartacach nó an Spartakusbund, le réabhlóid shóisialach a chur i gcrích sa Ghearmáin ag deireadh an chogaidh, ach theip uirthi go gasta.

Ag tús na Réabhlóide Gearmánaí, tháinig an SPD agus an USPD le chéile chun ceannaire an SPD, Friedrich Ebert, a chur san Uachtaránacht.

Thar a bheith mí-shásta, ar an 1 Eanáir 1919, bhunaigh Luxemburg agus a comhghleacaí Karl Leibknecht an Páirtí Cumannach na Gearmáine (KPD).

Ar 4 Eanáir 1919, chuir an Léig Spartacach tús le héirí amach i gcoinne rialtais Ebert. An aidhm a bhí acu ná deireadh a chur leis. Bhí Rosa Luxemburg agus Karl Liebknecht i gceannas ar an éirí amach i mBeirlín.

Bás[cuir in eagar | athraigh foinse]

D’úsáid Gustav Noske, Aire Cosanta, an Freikorps chun deireadh a chur leis na Spartacaigh.

Dúnmharaíodh Luxemburg i rith éirí amach i mBeirlín in Eanáir 1919, mar gheall ar a tuairimí polaitíochta. Céasadh Luxemburg chun báis, agus briseadh a blaosc le punt raidhfil. Caitheadh a corp amach sa chanáil, áit ar imigh sí leis an sruth.[1]

Bhí na Saor-Chóir in ann dul i bhfad thar cheasaí ag cur catha ar an lucht oibre radacach. An dóigh ar dhúnmharaigh siad Karl Liebknecht agus Rosa Luxemburg, cinnirí intleachtúla na Spartacach, ní raibh ann ach an cineál gnáthrud nach sílfeadh na fir seo mórán de.

Tar éis toghcháin Eanair 1919, bhuail comhthionóil nua náisiúnta i gcathair Weimar. Bunaíodh Poblacht Weimar.

Oidhreacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá go leor conspóide faoina teoiricí fós. Mar shampla, ina leabhar,[2] scrúdaigh Jacqueline Rose "uathúlacht tuiscint pholaitiúil Luxemburg, gur ghlac sí le teip mar chuid d’athrú stairiúil, a príomhchoincheap spontáineachta mar chroílár an chlaochlaithe réabhlóidigh, agus an dóigh uathúil ar cheangail sí dúshláin an tsaoil phoiblí le muirneacht chroí an duine".[3]

Ach níl daoine eile ar aon tuairim, beag ná mór, faoin na na smaointe seo; thacaigh Luxemburg an deachtóireacht agus an foréigean. Sheas sí an fód ar son an réabhlóideachais agus ar son na saoirse ag am céanna. Ach deirtear lena leithéid nach féidir é a bheith 'ina ghruth is ina mheidhg' ag duine.

B’amhlaidh gur bronnadh stádas an mhairtírigh uirthi ar aon nós. Shéan sí an náisiúnachas agus rinne sí dlúthcheangal idir an streachailt ar son saoirse agus streachailt na n-aicmí.[4]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Ciara Nic Gabhann (2011). "Duais Turner" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2021-01-15.
  2. "Women in Dark Times". www.goodreads.com. Dáta rochtana: 2021-01-15.
  3. Féile Belfast (2019). "ROSA LUXEMBURG AGUS SPIORAD LEANÚNACH NA RÉABHLÓIDE". Dáta rochtana: 2021.
  4. Fearghal Mac Bhloscaidh (2020-04-27). "Luxemburg, Leinín agus an cheist Náisiúnta" (en). BLOSC. Dáta rochtana: 2021-01-15.
  5. "Red Banner issue 49 out now - Indymedia Ireland". www.indymedia.ie. Dáta rochtana: 2021-01-15.