Vársá

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilVársá
Warszawa (pl) Cuir in eagar ar Wikidata
Bratach Armas
Bratach Armas

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 52°13′48″N 21°00′40″E / 52.23°N 21.0111°E / 52.23; 21.0111
Stát ceannasachan Pholainn
Voivodeship of Poland (en) AistrighMasovian Voivodeship (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhchathair de
an Pholainn (1596–) Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán1,860,281 (2021) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús3,596.55 hab./km²
Teanga oifigiúilan Pholainnis Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Achar dromchla517.24 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Suite i nó in aice le limistéar uisceAn Viostúile Cuir in eagar ar Wikidata
Airde103 m Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Leanann sé/síContae Vársá (1999–2002) Cuir in eagar ar Wikidata
Cruthú13 haois
Eachtra thábhachtach
town privileges (en) Aistrigh (1323)
destruction of Warsaw (en) Aistrigh (1944) Cuir in eagar ar Wikidata
Eagraíocht pholaitiúil
• Méara Vársá Cuir in eagar ar WikidataRafał Trzaskowski (2018–) Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poist00-000 Cuir in eagar ar Wikidata
Lonnaithe i gcrios ama
Glaochód22 Cuir in eagar ar Wikidata
Cód NUTSPL127 Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáinum.warszawa.pl Cuir in eagar ar Wikidata
Facebook: warszawa Twitter: warszawa Instagram: miasto_warszawa Cuir in eagar ar Wikidata

Is í Vársá (Warszawa as Polainnis, Warschau as Gearmáinis, Warsaw as Béarla, Varsovie as Fraincis) príomhchathair na Polainne. Bronnadh céimíocht na príomhchathrach uirthi sa bhliain 1596. Tá sí suite cois Abhainn Wisła (Béarla: Vistula, Gearmáinis: die Weichsel), ar aon fhad ó chósta theas Mhuir Bhailt agus ó Shléibhte Charp. Meastar go raibh 1,676,600 duine ina gcónaí sa chathair féin sa bhliain 2004, ach má chuirtear san áireamh iad siúd a raibh cónaí orthu sna cathracha timpeall Vársá, ardófar an figiúr sin go 2,400,000, a bheag nó a mhór. Tá an chathair féin 516.9 ciliméadar cearnach ar achar, ach má chuirtear na cathracha ina timpeall leis an uimhir sin, is é an t-achar a gheofar ná 1226.7 ciliméadar cearnach.

Tá Vársá ina príomhchathair ar Chúige na Masóive freisin, agus í ina cathair thábhachtach tionsclaíochta, nó tá monarchana de chineálacha éagsúla le fáil ansin: déantúsaíocht, miotalóireacht, innealtóireacht leictreach agus déantús carranna. Tá sé fhoras ardoideachais is trí scór i Vársá chomh maith, ar nós Ollscoil Vársá, Ollscoil Teicneolaíochta Vársá, an Ardscoil Gnó agus an tAcadamh Míochaine. Thairis sin, tá breis is deich n-amharclann fichead ag obair sa chathair, ar nós Amharclann Náisiúnta agus Ceoldrámaíochta na Polainne.

Suíomh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá Vársá suite in aice le hAbhainn Wisła ar Ísleán Lár na Masóive (Nizina Środkowomazowiecka), agus í leata ar an dá bhruach den abhainn. Tugtar Praga ar an mbruach thoir. Tá cúpla cnoc suite taobh istigh de theorainneacha na cathrach. Tá aeráid bhog ilchríochach sa chathair, agus an teocht ag luainiú idir -3 céim Celsius i Mí Feabhra agus 19 céim Celsius i Mí Iúil. Is í Mí Iúil an mhí is mó fearthainne sa chathair, chomh maith.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is gnách le muintir na háite a rá go bhfuil ainm na háite, Warszawa, bunaithe ar ainmneacha beirt bhuachaillí, Wars agus Sawa, a bhí ag iascach ar bhruach na habhann, ach is dóchúla go bhfuil an t-ainm ag tagairt do thailte de chuid tiarna talún darbh ainm Warcisław nó Warsz. Cibé scéal é, tógadh an chéad chúpla dún, Bródno agus Jazdów, i lár na Meánaoiseanna. Nuair a rinne Bolesław a Dó, Diúc Płock, léirscrios ar Jazdów sa bhliain 1281, cuireadh bun le háitreabh nua in aice le Warszowa nó Warszewa, baile beag iascaireachta cois na habhann. Shocraigh Diúic na Masóive síos anseo i rith na ceathrú haoise déag, agus sa deireadh, rinneadh príomhchathair na Masóive de Varsá sa bhliain 1413. Nuair a chuaigh teaghlach na nDiúc seo in éag, sa bhliain 1526, cuireadh an cúige ar fad le tailte na Corónach, is é sin, tailte Rí na Polainne nach raibh ina bhfeod ag aon mhionphrionsa. Sa bhliain 1529, thionóil Dáil na Polainne (Sejm) an chéad uair sa chathair seo, agus sa bhliain 1569, shocraigh an Dáil síos anseo go seasta. Trí bliana ina dhiaidh sin, shínigh uaisle na Polainne Comhcheangal Vársá, is é sin, conradh a chinntigh saoirse na gcreideamh éagsúil i Ríocht na Polainne. Bhí a leithéid de chaoinfhulaingt as an ngnáth ar fad i saol na linne, ó bhí lucht na gcreideamh difriúil ag marú a chéile i gcogaí móra ar fud na hEorpa.

An Phríomhchathair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Nuair a chuaigh an Pholainn is an Liotuáin in aon stát le chéile, tháinig sé isteach áisiúil príomhchathair a ghairm de Vársá, toisc an áit a raibh an chathair seo suite. Agus ceart go leor rinneadh príomhchathair di sa bhliain 1569, nuair a d'aistrigh an Rí Zygmunt Waza, nó Sigismund Vasa, ó Chracó go Vársá. Sa bhliain 1795, agus an Tríú Críochdheighilt ag dul ar an bPolainn, shealbhaigh an Phrúis an chathair. Dhá bhliain déag ina dhiaidh sin, chuir fórsaí Napoleon ruaigeadh ar na Prúisigh, agus bunaíodh Ard-Diúcacht nua Vársá timpeall na cathrach. Tháinig deireadh le coinscleo Napoleon i gceann aimsire, áfach. Nuair a tháinig maithe agus móruaisle na hEorpa le chéile i gComhdháil Vín chun caoi a chur ar chosúlacht na hilchríche arís i ndiaidh na n-athruithe móra i mblianta an réabhlóideachais, bhunaigh siad Ríocht na Polainne nó "Ríocht na Comhdhála", a raibh Vársá mar phríomhchathair agus impire na Rúise mar rí aici.

Cearnóg an Chaisleáin i Vársá

Faoi Bhráca na Rúise[cuir in eagar | athraigh foinse]

Siúd is go raibh muintir Vársá faoi bhráca na Rúise, tháinig borradh mór ar an áit sa naoú haois déag. Thosaigh forbairt na tionsclaíochta, agus tógadh cuid mhaith foirgintí gáifeacha, mar an Amharclann Mhór (Teatr Wielki) agus Belweder, ina bhfuil cónaí ar Uachtarán na Polainne inniu. Sa bhliain 1816, d'ordaigh Impire na Rúise agus Rí na Polainne, Alastair a hAon, ollscoil a chur ar bun sa chathair.

Ar ndóigh, bhí na náisiúnaithe rúnda ag tógáil uisce faoi thalamh lena dtír dhúchais a shaoradh ón mbráca. Ó b'í Vársá lárionad cultúrtha agus polaitiúil na tíre, ní díol iontais a bhí ann gur chruinnigh an t-iomlán dearg acu anseo. D'éirigh siad amach i gcoinne na Rúise sa bhliain 1830 agus arís sa bhliain 1863. Cloíodh na ceannaircí seo le lámh láidir, agus le díoltas a imirt ar mhuintir na príomhchathrach, thosaigh an tImpire ag scrios fothuithe cultúrtha Vársá. Dúnadh an Ollscoil agus scoireadh cumann an léinn. Tógadh freisin eaglais cheartchreidmheach, agus an meas ag muintir na háite ar an eaglais seo gur shiombaile a bhí ann do chumhacht na Rúise.

Mar sin féin, bhí an chathair ag forbairt agus ag dul chun cinn ó thaobh na heacnamaíochta agus na teicneolaíochta de, go háirithe ag druidim chun deiridh don naoú haois déag, nuair a tháinig Sokrates Starynkiewicz i gceannas ar Vársá mar Ard-Mhéara. B'as Taganrog do Starynkiewicz, agus Rúiseach a bhí ann go smior: ní raibh mórán measa aige ar an gcreideamh Caitliceach ná ar an bPolainnis. Ina dhiaidh sin, théigh a chroí leis an gcathair, agus chuir sé caol air Vársá a fhorbairt agus a thabhairt chun nua-aoiseachais, go háirithe ó thaobh an infreastruchtúir de. Rinneadh feabhas ar chóras an tséarachais agus ar an téamh lárnach, agus tógadh an chéad chóras iompair phoiblí, na tramanna, le lár na cathrach a cheangal de na bruachbhailte.

San am céanna, bhí an Rúiseachas á chur chun cinn ag an lucht rialtais. Dúnadh na scoileanna Polainnise, agus cuireadh an Rúisis in áit na teanga dúchasaí go poiblí. Is dócha gur chuir an cineál seo ollsmachtúlacht go mór le ceann de na fadhbanna a bhí ag déanamh scime don Ard-Mhéara féin, is é sin, an t-éagumas léitheoireachta agus scríbhneoireachta. Thaispeáin daonáireamh na bliana 1882 go raibh an chuid ba mhó de mhuintir na cathrach dall ar an teanga scríofa, cibé cé acu Polainnis nó Rúisis a bhí i gceist. Leis an bhfadhb a throid, bhí náisiúnaithe cultúrtha, ar nós an scríbhneora Stefan Żeromski, ag teagasc léitheoireachta do na hoibrithe bochta. B'éigean dóibh an obair seo a chleachtadh faoi chúla téarmaí, ó nach raibh glacadh le litríocht na Polainnise san Impireacht.

„Deutschland siegt an allen Fronten”, 1940, Vársá

„Deutschland siegt an allen Fronten”, 1940, Vársá

Sa chéad chogadh domhanda, fuair na Gearmánaigh an ceann is fearr ar na Rúisigh ar dtús, agus ghlan na fórsaí Rúiseacha as an áit i dtús Mhí Lúnasa, 1915. Shealbhaigh na Gearmánaigh Vársá, agus chuaigh Polannaigh áitiúla i gceann an Bhardais. Nuair a theip an cogadh ar na Gearmánaigh, ansin, b'iad na náisiúnaithe Polannacha a tháinig i seilbh a bpríomhchathrach féin faoi cheannas an Mharascail Józef Piłsudski.

Idir an Dá Chogadh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Nuair a d'imigh an gobharnóir Gearmánach Hans Beseler as Vársá faoi rún ar an deichiú lá de Mhí na Samhna 1918, tháinig náisiúnaithe Piłsudski i gceannas ar an bpríomhchathair. Ní raibh deireadh tagtha leis an saol crua go fóill, nó díreach i ndiaidh an chéad chogadh domhanda, phléasc cogadh nua amach idir an Pholainn agus an Rúis Shóivéadach faoi theorainn thoir na Polainne. D'fhéach na Sóivéadaigh le Vársá a ionsaí is a fhorghabháil i samhradh na bliana 1920, ach má d'fhéach féin, d'éirigh leis na Polannaigh an t-arm Rúiseach a stopadh i Radzymin, fiche éigin ciliméadar soir ó thuaidh ó lár na cathrach, ar an séú lá déag de Mhí Lúnasa, 1920. Is gnách leis na Polannaigh "an mhiorúilt chois Abhainn Wisła" (cud nad Wisłą) a thabhairt ar an gcath áirithe seo, ó bhí na fórsaí Rúiseacha i bhfad níos líonmhaire ná an t-arm Polannach a chuir ruaigeadh orthu. Le déanaí, áfach, fuair na staraithe amach nach miorúilt a bhí ann ach an dearg-ádh: tháinig na Polannaigh trasna ar an mbanda minicíochta ar a raibh na Sóivéadaigh ag craoladh a gcuid orduithe, agus bhris siad cód rúnda an namhad. Mar sin, fuair siad amach an áit a raibh na Sóivéadaigh i bhfoscadh, agus ansin, chuir siad an banda minicíochta sin ó mhaith ar na Rúisigh lena gcuid craolacháin féin.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]