Prág

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Prág
An Órchathair
Prág

Caisleán Prág san oíche

Suíomh

50°05′ Thuaidh 14°25′ Thoir

Rialtas
Tír: Flag of the Czech Republic.svg Poblacht na Seice
Ceantar: Praha
Méara: Bohuslav Svoboda (ODS)
Déimeagrafaic
Achar: 496 km²
Daonra: 1,218,644
Dlús daonra: 2,457/km²
Crios ama: CET/CEST (UTC+1/+2)
www.cityofprague.cz

Is í Prág (nó Praha as Seicis) príomhchathair na Seice agus an chathair is mó sa tír sin. Is é ainm oifigiúil na cathrach ná "Hlavní město Praha" nó "Prág, an phríomhchathair".

Tá Prág suite cois abhainn Vltava i lár na Boihéime agus bhí sí ina lárionad polaitiúil, eacnamaíochta agus cultúrtha sa stát Seiceach ar feadh níos mó ná 1100 bliain. Tá thart ar 1,2 milliún duine ina gcónaí sa chathair agus tá timpeall 1,9 milliún duine ina gcónaí i limistéar metrapolaiteach na cathrach.

Luadh lárionad stairiúil Phrág i liosta Suíomh Oidhreachta Domhanda EOECNA i 1992. Dár le Taifid Domhanda Guinness, is é Caisleán Prág an tseanchaisleán is mó sa domhan. Tá roinnt leasainmneacha ag Prág mar "máthair na cathracha" (Praga mater urbium, nó "Praha matka měst" as Seicis), "cathair na céadta spuaice" agus "an órchathair."

Stair[athraigh | edit source]

Trasnaíonn stair Phrág na mílte bliain. Le linn na hama sin, d’fhás an chathair ón gCaisleán Vyšehrad go dtí príomhchathair ilchultúrtha nuastát Eorpach, Poblacht na Seice.

Seanphrág[athraigh | edit source]

Bunaíodh agus áitrídh an limistéir ina bhfuil Prág suite sa lá atá inniu ann i Ré Paileoilitice. Timpeall 200 RC, bhí áit lonnaithe ag na Ceiltigh i ndeisceart an cheantair agus glaodh "Závist" air. Ach níos moille bhog treibhí Gearmáinic isteach. Bhuaigh na Slavaigh ar an limistéar i rith an 4ú haois IC (ach chloígh na hAvar Eoráiseacha iad do thréimhse). Dár le finscéal, bunaíodh Prág le Banphrionsa Libuše agus a fear Přemysl, a bhunaigh an ríshliocht leis an ainm céanna. Ach cé go bhfuil an finscéal seo fíor nó nach bhfuil, tá sé soiléir go mbunaíodh céad núicléas Phrág i gcríoch an 9ú haois mar chaisleán ar chnoc ar bhruach deas an Vltava: glaotar "Vyšehrad" ("ardchaisleán") air chun é a idirdhealú ó chaisleán eile a chuireadh suas níos moille ar an mbruach eile, Caisleán Prág todhchaí.

Faoin Impirie Otto II, d'éirigh an chathair ina deoise i 973. Go dtí go hardaíodh Prág go hard-deoise i 1344, bhí sí faoi dlínse na hArd-Deoise Mainz. Gan mhoill d’ardaigh an chathair ina hionad do diúic, agus níos moille rí na Boihéime.

B’ionad tábhachtach do thrádáil é agus áitíodh ceannaithe ó timpeall na hEorpa ann, Giúdaigh san áireamh. Mheabhraigh an ceannaí agus taistealaí Giúdach, Ibrahim ibn Ya’qub, é i 965. Maireann an Sean Úrsynagogue a bhunaíodh i 1270 fós.

Tógadh an chéad droichead trasna an Vltava i 1170 faoi réimeas an Rí Vladislav II. Glaodh "Droichead Judith" air ach thit sé síos i 1342. Tógadh an Droichead Séarlais níos moille ar a bunshraitheanna.

I 1257, faoi Ri Otakar II, bunaíodh Malá Strana ("Ceathrú Bheag") i bPrág sa cheantar todhcaí "Hradčany": bhí na Gearmánaigh ina gcónaí sa cheantar sin. Bhí ceart acu an dlí a chur i bhfeidhm go neamhspléach de bhun na Cearta Magdeburg. Bhí an ceantar nua seo suite trasna na habhann ó Staré Město ("Seanbhaile"). Bhí stádas buirge ag Staré Město agus bhí sé cosanta le ballaí agus daingnithe.

Ré Shéarlais IV[athraigh | edit source]

Séipéal Týn

Bhí rath agus bláth ag Prág i rith an 14ú haois agus le linn réimis Shéarlais IV. Bhí Séarlais IV ina bhall den ríshliocht Lucsamburg nua. D’ordaigh sé foirgníocht na hÚrbhaile (Nové Město) in aice leis an Seanbhaile. Cuireadh an Droichead Séarlais suas chun an ceantar nua seo a cheangal le Malá Strana. Is iad Ardeaglais Naomh Vitus (an t-ardeaglais gotach is sinne in Eoraip Láir atá suite laistigh den chaisleán) agus Ollscoil Shéarlais (an ollscoil is sinne in Eoraip Láir) ceann de na séadchomharthaí a chuireadh suas faoi Shéarlais. Faoi Shéarlais, ba phríomhchathair fíor na hImpireachta Naofa Rómhánach í Prág. Bhuail an chathair a mboinn féin. Bhí ceannaithe Gearmánacha agus Iodálacha, chomh maith le baincéirí, ina gcónaí sa chathair. D’éirigh an córas sóisialta anordúil, áfach, de bharr an ghild ceirde agus an méid daoine bochta a bhí sa chathair.

I rith réimis Rí Wenceslas IV (1378-1419), chraobhscaoil Jan Hus, diagaire agus léachtóir ag Ollscoil Shéarlais, i bPrág. I 1402, thosaigh sé ag tabhairt seanmóirí i tSéipéal na Beithile. Bhí Hus faoi spreagadh John Wycliffe agus bhí siad díriú ar reifirméisean na heaglaise. Ach d’éirigh Hus ró dhainséarach do na húdaráis polaitiúla agus reiligiúnda. Mar sin, toghraíodh go Chomhairle Constance é, cuireadh faoi thriail do heiriceacht é agus bhí sé dóite ag an gcuaille i Konstanz i 1415. Ceithre bliain níos moille, caitheadh comhairleoirí an cathrach taobh amuigh d’fhuinneog an Halla Baile Nua mar agóid polaitiúil nuair a éirigh na daoine amach faoi ordú an tsagairt Jan Želivský. Tharla na Cogaidh Hussite de réir báis Hus. I 1420, threoraigh Jan Žižka, chomh maith le trúpaí Hussite ó Phrág, ceannaircigh tuathánacha agus bhuaigh siad ar an Rí Boihéamach Sigismund, i rith Catha Cnoic Vítkov.

An dá bliain ina dhiaidh sin, neartaigh Prág a ról mar chathair cheannaíochta. Tógadh roinnt foirgneamh tábhachtacha Gotacha mar Halla Vladislav i gCaisleán Prág.

Ré Hapsburgach[athraigh | edit source]

I 1526, tugadh Ríocht na Boihéime go Teach Hapsburg: bhí torthaí troma i mBoihéim agus ansin i bPrág mar ba Chaitlicigh iad na Hapsburgaigh agus bhí smaoinimh Protastúnacha ag dul i bhfeidhm i bPrág. Ní raibh na fadhbanna sin ró-thábhactach faoin Impire Naofa Rómhánach Rudolf II a thoghadh Rí na Boihéime i 1576 agus a roghnaigh Prág mar a áit cónaithe. D’fhan sé ina chónaí i gCaisleán Prág agus choiméad sé cúirteanna ait le hasarlaithe, astralaithe agus pearsaí aisteacha. Bhí grá ag Rudolf do healaín agus d’éirigh Prág ina príomhchathair ar chultúr na hEorpa. Tréimhse rathúla do Phrág ab ea an tréimhse seo agus bhí a lán daoine cáiliúla ina gcónaí ann mar na hastralaithe Tycho Brahe agus Johann Kepler, an péintéir Arcimboldo, na hailceimiceoirí Edward Kelly agus John Dee, an file Elizabeth Jane Weston agus daoine eile.

I 1618, tharla an Defenestration is cáiliúl i bPrág agus shaighid é sin An Cogadh Tríocha Bliain. Athrídh an Hapsburg Ferdinand II agus d’éirigh Frederick V, Toghthóir Palaitíneach ina Rí Boihéime. Ach chaill an t-arm Seiceach i gCath an Sléibhe Báin (1620) a bhí gar don chathair, agus mar sin bhí na daoine i bPrág agus i mBoihéim ina gcónaí i dtréimhse chrua ina díothaíodh lamháltas reiligiúnda agus d’éirigh an Frithreifirméisean Caitliceach ceannasach i ngach gné an tsaoil. I 1621 cuireadh 27 tiarna Seiceacha (a bhí gafa i gCath an Sléibhe Báin) chun báis i gCearnóg na Seanbhaile. D’fhulaing an chathair chomh maith faoi na Sacsanaigh (1631) agus áitíocht na Sualannach (1648). Ina theannta sin, tar éis Síochán an Westphalia, bhog Ferdinand an chúirt go Vín agus mheath Prág. D’ísligh a daonra ó 60.000 go 20.000 de bharr an chogaidh.

I 1689, scriosadh an chathair de dheasca thine mhór. Ach mar gheall ar sin athchóiríodh agus atógadh an chathair. I 1713-1714, bhris mórphlá amach i bPrág don uair deireanach. Lean an t-ardú eacnamaíochta ar aghaidh tríd an aois ina dhiaidh sin agus bhí 80.0000 daoine ina gcónaí sa chathair i 1771. Ba cheannaithe saibhir iad mórán de na daoine sin, agus bhí a lán uasail le tionscnaimh Gearmánacha, Spáinneacha agus Iodálacha ina gcónaí sa chathair, leis. Shabhraigh na daoine sin an chathair lena lán páláis, eaglaise agus gairdíní agus cruthaíodh stíl Barócach a bhí aitheanta timpeall an domhain. I 1784, faoi Joseph II, thángthas na ceithre bardas, Malá Strana, Nové Město, Staré Město agus Hradčany le chéile chun eagras amháin a chruthú. Níor aontaíonn an ceantar Giúdach, Josefov, don chathair go dtí 1850. Bhí éifeacht láidir ag an Réabhlóid Thionsclaíoch i bPrág mar bhí na monarcha in ann leas a bhaint as na mianaigh gual agus oibreacha iarainn a bhí suite i réigiúin in aice le Prág. Cruthaíodh an chéad bruachbhaile, Karlín, i 1817 agus fiche bliain níos moille chuaigh an daonra thar 100.000. Tógadh an chéad nasc iarnróid i 1796-1842.

Chuaigh na réabhlóidí a tharla in Eoraip timpeall 1848 i bhfeidhm ar Phrág, ach cuireadh faoi chois iad. I na blianta a leanann, d’éirigh an gluaisteacht náisiúnta Seiceach coitianta go dtí go fuair sé tromlach sa Chomhairle Baile i 1861.

An 20ú hAois[athraigh | edit source]

Ag tús an 20ú haois, ba iad na tailte Seiceacha na tailte is táirgiúile san Impireacht Ostro-Ungárach agus thosaigh roinnt polaiteoir Seiceacha ag iarraidh an tír a scartha ón Impireacht Hapsburgach.

An Chéad Poblacht[athraigh | edit source]

Chríochnaigh an Chéad Chogadh Domhanda le briseadh na hImpireachta Ostro-Ungáracha agus le cruthú na Seiceslóvaice. Roghnaíodh Prág mar phríomhchathair na tíortha agus roghnaíodh Caisleán Prág mar ionad an uachtaráin (Tomáš Masaryk). Ag an am sin, príomhchathair Eorpach fíor ab ea Prág le tionscal forbartha go maith. I 1930, bhí an daonra tar éis árdú go 850.000.

An Dara Cogadh Domhanda[athraigh | edit source]

D’ordaigh Hitler an t-arm Gearmánach dul isteach i bPrág ar 15ú Márta 1939 agus d’fhógair sé Boihéim agus Moravia mar chosantóireacht Gearmánach ó Chaisleán Prág. Le linn an chuid is mó de stair Phrág, cathair ileitneach ab ea Prág le daonra tábhactach Seiceach, Gearmánach (ag caint Seicis agus/nó Gearmáinis den chuid is mó) agus Giúdach. Ó 1939, nuair a d’áitígh Gearmáin Naitsíoch an chathair, agus i rith an Dara Cogadh Domhanda, theith formhór na Giúdach nó maraíodh san Uileloscadh iad.

I 1942, feallmharaíodh Reinhard Heydrich, ceann de na fir ba chumhachtaí sa Ghearmáin Naitsíoch le linn Oibriú Antrapóideaigh. D’ordaigh Hitler bearta díoltais fuillteacha. Ag deireadh an chogaidh, d’fhulaing Prág roinnt aerbhuamáil ón Aerfhórsa S.A. Maraíodh níos mó ná 1.000 duine agus scriosadh na céadta foirgneamh, monarcha agus sprioc stairiúil. D’éirigh Prág amach ó na háititheoirí Naitzíocha ar an 5ú Bealtainne 1945. Ceithre lá níos moille, tháinig na Sóivéadaigh isteach sa chathair. Theith an chuid is mó den dhaonra Gearmánach agus díbríodh a lán Gearmánach eile tar éis an chogaidh.

Prág i rith an Chogaidh Fhuair[athraigh | edit source]

Bhí Prág suite i gcríoch a bhí faoi smacht polaitiúil agus míleata an Aontais Sóivéadaigh. Tharlaigh 4ú Comhdháil na Scríbhneoirí Seicigh sa chathair i 1967 agus ghlac siad le dearcadh láidir i gcoinne na réime. De dheasca sin, dhearbhaigh rúnaí nua an Pháirtí Chummanaigh, Alexander Dubček margadh nua do shaol a chathair agus a tír, ag tosú leis an séasúr neamhbhuan, “sóisialachas le haghaidh daonna”. B’aidhm an Earraigh Phrág ná athchóiriú na institiúide i slí daonlathach. Ach de thoradh sin, rinne an tAontas Sóivéadach agus a chomhghuaillí ionradh ar an tSeiceslóvac agus an phríomhchathair i Lúnasa 1968 le 7 tanc agus chuir said aon iarraidh athchóiriú faoi chois.

Ré tar éis na Réabhlóide Veilbhite[athraigh | edit source]

I 1989, bhí léiriú mac linn síochánta i bPrág ach bhris na poilíní é. De deasca sin, tharla an Réabhlóid Veilbhit. I 1993, tar éis deighilte na Seiceslóvaice, d’éirigh Prág ina príomhchathair ar Phoblacht na Seice nua. Ag deireadh na 90idí, d’éirigh Prág arís ina lárionad cultúrtha in Eoraip agus chuaigh domhandú i bhfeidhm uirthi. I 2000, bhí agóidí frithdhomhandú i bPrág (timpeall 15.000 agóideoir) ach d’éirigh sé foréigneach i rith Chomhdháil IMF agus Bhainc Domhanda. I 2002, bhí bá i bPrág.

Nithe is Díol Spéise do Thurasóirí[athraigh | edit source]

Ó thit an Chuirtín Iarainn, tá Prág tar éis éirí ceann de na cinn scríbe turasóir is coitianta in Eoraip agus ar Domhain. Is í an 6ú cathair is coitianta do thurasóirí tar éis Londain, Páras, Róimh, Maidrid agus Beirlín. Ní scriosadh Prág chomh dona is a scrios cathair eile sa réigiún i rith an Dara Chogaidh Domhanda agus mar sin, maireann a hailtireacht stairiúil fós. Ceann de na sprioc is coitianta ná:

  • An Seanbhaile (Staré Město) leis an gCearnóg Seanbhaile
  • An Clog Réalteolaíoch
  • Droichead Séarlais
  • An Sean Úrsynagogue gotach ó 1270
  • Úrbhaile (Nové město) leis an gCearnóg Wenceslas
  • Malá Strana (Ceathrú Bheag)
  • Caisleán Prág (an caisleán is mó ar domhain) le hArdeaglais Naomh Vitus
  • Josefov (an seancheantar Giúdach) leis an Seanreilig Giúdach agus an Sean Úrsynagogue
  • Dealbh eachaíochta i bpáirc Vítkov, Žižkov – Prág 3
  • An Balla Lennon
  • Vinohrady
  • Músaem an feallmharú Heydrich i líméar Séipéil na Naomh Cyril agus Methodius
  • An Músaem Náisiúnta
  • Caisleán Vyšehrad
  • Petřínská rozhledna – túr scrúdú ar chnoc Petřín atá mar an Túr Eiffel
  • Anděl – comharsanacht gnóthach sa chathair le lárionad siopadóireachta agus ailtireacht nua-aimseartha
  • Túr Teilifíse i Žižkov le deic scrúdú – Prág 3
  • An Reilig Nua Giúdach in Olšany, an áit ina bhfuil uaigh Franz Kafka – Prág 3
  • An Metronome
  • An Teach Rince (Foirgneamh Fred agus Ginger)
  • An Músaem Mucha le hoibreacha Art Nouveau le Alfons Mucha
  • Áiteanna ag baint le scríbhneoirí cáiliúla a bhí ina gcónaí sa chathair, mar Franz Kafka (mar shampla Músaem Franz Kafka)

Cultúr[athraigh | edit source]

Lárionad cultúrtha na hEorpa is ea é Prág go traidisiúnta arna óstáil roinnt ócáidí cultúrtha.

Is iad seo a leanas ceann de na príomhinstitiúidí cultúrtha:

  • An Amharclann Náisiúnta (Národní Divadlo)
  • Amharclann na nEastát (Stavovské nó Tyršovo nó Nosticovo divadlo), áit inar taibhíodh Don Giovanni le Mozart don chéad uair.
  • Rudolfinum (an áit ina seinntear Ceolfhoireann Fhiolarmónach Phrág)
  • An Teach Bardais (an áit ina seinntear Ceolfhoireann Shiansach Phrág)
  • Amharclann Smetana (an áit ina taibhítear Ceoldráma Stáit Phrág (Státní opera))
  • An Músaem Náisiúnta (Národní muzeum)
  • Músaem Phríomhchathair Phrág
  • Músaem na nGiúdach i bPrág
  • Músaem Mucha
  • Músaem na nEalaíon Maisiúil i bPrág
  • Músaem Náprstek (Náprstkovo Muzeum)
  • Gailearaí Josef Sudek
  • An Leabharlann Náisiúnta
  • Gailearaí Náisiúnta

Iompar[athraigh | edit source]

Tá córas iompair iomlánaithe i bPrág le Meitreo Prág (le 57 stáisiúin san iomlán), Córas Tram Prág (tram stáiriúil uimhir 91 san áireamh), busanna, an funicular i bPetřín go dtí Cnoc Petřín agus 5 bád farantóireachta. Tá comhchóras ticéid ag gach seirbhís agus reáchtálann Comhlacht Teoranta Idirthuras Poiblí Prág (Dopravní podnik hl. m. Prahy, a.s.) an córas iompar.

Iompar d’Iarnród[athraigh | edit source]

Croílár an chórais iarnróid Seicigh is ea í an chathair le seirbhisí go dtí a lán cathrach i bPoblacht na Seice agus thar lear. Tá córas iarnróid comaitéir ann chomh maith ar a dtugtar "Esko Prág" a freastalaíonn ar limistéar metrapolaiteach Prág.

Tá dhá stáisiúin traenach idirnáisiúnta i bPrág - Hlavní nádraží agus Praha-Holešovice. Stopann seirbhisí idircathrach ag na príomhstáisiúin Praha-Smíchov agus Masarykovo nádraží. Chomh maith le sin, tá roinnt stáisiún bruachbhailteach níos lú ann.

Aer[athraigh | edit source]

An taerfort is mó i bPoblacht na Seice ná Aerfort Idirnáisiúnta Ryzyně, ceann de na haerfort is gnóthaí i Lár agus Oirthear na hEorpa. Croílár na haeriompróir Aerlíne Seiceach agus na haerlíne phraghas íseal SkyEurope agus Smart Wings is ea Aerfort Idirnáisiúnta Ryzyně.

Naisc sheachtracha[athraigh | edit source]