Vilnias
![]() | |||||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
Vilnius (lt) Вїлнѧ (mis) ![]() | |||||||||
|
|||||||||
![]() ![]() | |||||||||
| |||||||||
Mana |
«Unitas, Iustitia, Spes» ![]() | ||||||||
Ainmnithe in ómós |
Abhainn Vilnia ![]() | ||||||||
Suíomh | |||||||||
| |||||||||
| |||||||||
Príomhchathair de |
Principality of Vilnius (en) ![]() An Liotuáin Grand Duchy of Lithuania (en) ![]() Lithuanian–Belorussian Soviet Socialist Republic (en) ![]() Republic of Central Lithuania (en) ![]() Vilnius Voivodeship (en) ![]() Vilnius County (en) ![]() Lithuanian Soviet Socialist Republic (en) ![]() Polish–Lithuanian Commonwealth (en) ![]() Vilensky Uyezd (en) ![]() Vilnius City Municipality (en) ![]() Contae Vilnius Vilna Governorate-General (en) ![]() Lithuania Governorate (en) ![]() Poblacht Shóivéadach Shóisialach na Liotuáine Vilnius District Municipality (en) ![]() Vilna Governorate (en) ![]() ![]() | ||||||||
Daonra | |||||||||
Iomlán |
574,147 (2018) ![]() | ||||||||
Tíreolaíocht | |||||||||
Achar dromchla |
401 km² ![]() | ||||||||
Suite i nó in aice le limistéar uisce |
Neris agus Abhainn Vilnia ![]() | ||||||||
Airde |
112 m ![]() | ||||||||
Sonraí stairiúla | |||||||||
Cruthú | 13 century | ||||||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||||||
• Ceannaire an rialtais |
Remigijus Šimašius (Aibreán 22, 2015) ![]() | ||||||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||||||
Cód poist |
01001 ![]() | ||||||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||||||
Glaochód |
5 ![]() | ||||||||
Eile | |||||||||
| |||||||||
Láithreán gréasáin |
vilnius.lt ![]() |
Is í Vilnias (Vilnius as Liotuáinis, Wilno as Polainnis) príomhchathair na Liotuáine, agus an chathair is mó sa tír le daonra de 553,904 duine (Nollaig 2005). Tá Vilnias suite in oirdheisceart na Liotuáine (54°41′ Thuaidh 25°17′ Thoir) ag cumar aibhneacha Vilnia agus Neris. Nuair a bhí an Liotuáin níos mó ba í seo lár tíreolaíoch na tíre.
Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]
Ní fios go díreach cathain ar bunaíodh í ach déantair taigairt di i litreacha an Ard-Diúca Gediminas sa bhliain 1323. Bhain Vilnias buaic a cumhachta amach le linn do Sigismund August a bheith i réim nuair a bhog sé a chuairt ann sa bhliain 1544. Bhí na Rúisigh i gceannas ar feadh i bhfad agus ba bheag Liotuánach a chónaigh sa chathair go dtí an 20ú haois.
Ghabh an Pholainn seilbh ar Vilnias tar éis an Chéad Chogadh Domhanda go dtí gur ghlac an Aontacht Shóivéideach seilbh uirthi arís i 1939. Rinne an Ghearmáin ionradh ar an Liotuáin i mí Mheithimh 1941 agus cuireadh dhá ghetto ar bun chun na Giúdaigh a dhíothú. Trí bliana ina dhiaidh sin ghabh an Arm Dearg an chathair arís agus bhí an Liotuáin i seilbh na Rúise go dtí gur fhógair Ard-Chomhairle Phoblacht Shóisialach na Liotuáine a neamhspleáchas ar an 11 Márta 1990.
Rinne na Sóivéidigh iarracht an éirí amach a chur faoi chois ach ghéill siad aitheantas don Liotuáin faoi dheireadh i mí Lúnasa na bliana 1991. Tá an-fhorbairt déanta ar Vilnias ó shin agus is cathair nua-aimseartha Eorpach anois í agus athnuachan déanta ar a lár stairiúil.