Ríocht na Boihéime

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Armas

Ba stát é Ríocht na Boihéime, dá ngairtear uaireanta Ríocht na Seice' (An tSeicis: České království; An Ghearmáinis: Königreich Böhmen; An Laidin: Regnum Bohemiae), a bhí suite i réigiún na Boihéime i Lár na hEorpa, agus i láthair na huaire tá a chríoch mar chuid de Phoblacht na Seice.

Nuair a bhí sé in ard a réime, bhí codanna den Ostair, den Ghearrmáin, den Ungáir, den Iodáil, den Pholainn, den Slovaic, den Slóivéin, agus den Úcráin ina sheilbh. Ba ríocht í san Impireacht Naofa Rómhánach, agus bhí a Rí ina ‘ Princeps Elector’ de chuid na hImpireachta go dtí gur dhíscaoileadh í sa bhliain 1806.

Toghadh go leor de ríthe na Boihéime freisin mar Impirí Naofa Rómhánacha. Bhí a phríomhchathair Prág go héifeachtach i gceartlár na hImpireachta ag deireadh an 14ú haois, agus ag deireadh an 16ú agus tús an 17ú haois.

Ón bhliain 1526, bhí an ríocht rialaigh an Teaghlach Habsburg agus a chomharba an Teaghlach Habsburg-Lorráin an ríocht go leanúnach.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]