Olaf Scholz
Cuma
Is polaiteoir Gearmánach é Olaf Scholz (a rugadh 14 Meitheamh 1958 ) a bhí ina Sheansailéir ar an nGearmáin ón 8 Nollaig 2021 go dtí 2025.
Mar bhall den Sozialdemokratische Partei Deutschlands (SPD) (Gaeilge: Páirtí Sóisialta Daonlathach), bhí sé ina Leas-Seansailéir faoi Angela Merkel agus ina Aire Airgeadais Cónaidhme ó 2018 go 2021. Ba é an Chéad Mhéara ar Hamburg ó 2011 go 2018 agus ina leascheannaire ar an SPD ó 2009 go 2019.
Tar éis toghchán feidearálach na Gearmáine sa bhliain 2021, bhunaigh Scholz a rialtas feidearálach trína pháirtí féin a chur i gcomhrialtas le Bündnis 90/Die Grünen, agus an Freie Demokratische Partei, socrú ar a tugadh " Ampelkoalition"
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Angela Merkel
- Friedrich Merz
- Seansailéir na Gearmáine