Ferdinand Lassalle
Ferdinand Lassalle | |||
---|---|---|---|
![]() | |||
Bealtaine 23, 1863 - Lúnasa 31, 1864 ← luach ar iarraidh - Bernhard Becker → | |||
Saol | |||
Ainm iomlán | Ferdinand Johann Gottlieb Lassal | ||
Eolas breithe | Wrocław, 11 Aibreán 1825 | ||
Náisiúntacht | an Phrúis | ||
Bás | Carouge, 31 Lúnasa 1864 | ||
Áit adhlactha | Old Jewish Cemetery (en) ![]() | ||
Cúis bháis | dúnmharú duel (en) ![]() | ||
Muintir | |||
Athair | Heyman Lassal | ||
Máthair | Rosalie Heizfeld | ||
Siblíní | liosta iomláin | ||
Oideachas | |||
Alma mater | Ollscoil Humboldt Bheirlín | ||
Teangacha | An Ghearmáinis | ||
Gairm | |||
Gairm | scríbhneoir, polaiteoir, eacnamaí, dlíodóir agus fealsamh | ||
Fostóirí | Ollscoil Humboldt Bheirlín | ||
Saothar iomráiteach | Lassallism (en) ![]() Iron law of wages (en) ![]() | ||
Daoine le tionchar air/uirthi | Georg Wilhelm Friedrich Hegel agus Karl Marx | ||
Ballraíocht | Alte Breslauer Burschenschaft der Raczeks (en) ![]() General German Workers' Association (en) ![]() | ||
Gluaiseacht | sóisialachas daonlathach | ||
Cleamhnú | |||
Páirtithe polaitíochta | General German Workers' Association (en) ![]() | ||
![]() |
Saineolaí dlí, fealsamh, polaiteoir agus ceannaire de chuid an tsóisialachais sa Ghearmáin ab ea Ferdinand Lassalle (Wrocław, 11 Aibreán, 1825 - an Ghinéiv, 31 Lúnasa 1864).
Polaitíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]
Ba chuid mhór dá sheasamh polaitiúil an stádas a bhí ag Lassalle mar fhear léinn an dlí.[1] Bhí a leagan den sóisialachas in iomaíocht le smaointe Marx agus Lenin. D'fhéach Lassalle ar an stát mar ionstraim bhuan chun an ceartas sóisialta a bhaint amach. Mar sin, bhí an ceart vótála na bhfear uile ríthábhtach mar chéim i dtreo an tsóisialachais.
Bhunaigh Lassalle an páirtí Allgemeiner Deutscher Arbeiterverein (ADAV — Cumann Ginearálta Oibrithe na Gearmáine) sa bhliain 1863. Ba shruth ar leith é laistigh den ghluaiseacht as ar tháinig an SPD, nó Páirtí Sóisialta Daonlathach na Gearmáine, atá ann fós. Mar sin, tá an SPD ar cheann de na páirtithe polaitíochta is sine ar domhan inniu.
Bás anabaí[cuir in eagar | athraigh foinse]
Chas Lassalle le bean óg, Helene von Dönniges, sa bhliain 1864. Bhí sé i ndán dóibh go bpósfaí iad. Ach bhí fearg mhillteanach ar athair Helene agus d'imigh sí léi[2] (de réir foinsí áirithe eile, cuireadh Helene faoi ghlas)[3].
Bhí sí geallta cheana, don phrionsa, Iancu Racoviță. Throid Lassalle, ar bheagán taithí, comhrac aonair leis an prionsa. Ach fuair Lassalle goin a báis.
Phós Helene agus Iancu an bhliain dár gcionn ach d'éag Iancu gan mhoill; is iomaí caint a tharraing saol Helene níos déanaí.
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ "UCD School of Law". www.facebook.com. Dáta rochtana: 2020-04-14.
- ↑ "Helene von Dönniges" (as de) (2016-10-30). Wikipedia.
- ↑ "Count von Racowitza" (as en) (2019-07-10). Wikipedia.