Balla Bheirlín
![]() | ||||
---|---|---|---|---|
Lipéad sa teanga dhúchais | (de) Berliner Mauer | |||
Sonraí | ||||
Cineál | Cordon (en) ![]() ![]() ![]() ![]() | |||
Cuid de | Inner German border (en) ![]() ![]() | |||
Foirgníocht | 13 Lúnasa 1961 ![]() | |||
Dáta díscaoilte, díothaithe nó scartáilte | 9 Samhain 1989 ![]() | |||
Croineolaíocht | ||||
13 Lúnasa 1961 | construction of the Berlin Wall (en) ![]() | |||
9 Samhain 1989 | fall of the Berlin Wall (en) ![]() | |||
Tréith | ||||
Staid úsáide | scartáilte nó scriosta dúnta go buan | |||
Déanta as | coincréit threisithe | |||
Costas | 400,000,000 M | |||
Tomhas | 3.6 (![]() ![]() | |||
Suíomh geografach | ||||
Limistéar riaracháin | Beirlín, An Ghearmáin agus Beirlín Thoir, An Ghearmáin Thoir | |||
| ||||
Heritage monument in Berlin (en) ![]() | ||||
Láithreán gréasáin oifigiúil | berlin.de… | |||
D’fhág Balla Bheirlín (An Ghearmáinis: Berliner Mauer) Beirlín scoilte ina dhá leath as 1961 go dtí 1989/1900. Ba shiombail chumhachtach é an ‘Cuirtín Coincréiteach’ seo ar na difríochtaí idé-eolaíocha, sóisialta agus eacnamaíochta a bhí le sonrú idir iarthar agus oirthear na hEorpa.[1]
Labhair na Stáit Aontaithe go láidir in éadan an bhalla sa tréimhse iarchogaidh. Ach ní dhearna siad ní ba mhó ná sin. Cinnte bhí eagla orthu go dtosófaí cogadh.
Nuair a thit Balla Berlin sa bhliain 1989/1990, bhí sé ar cheann de na heachtraí ba shuntasaí i stair an fichiú haois.[2] Nuair a tháinig deireadh leis an gCogadh Fuar, ceann de na siombailí ba chumhachtaí don athrú mór seo ab ea an dóigh ar chuir an chosmhuintir an balla de dhroim an tsaoil.[3]
Cúlra[cuir in eagar | athraigh foinse]
Bhí stádas Bheirlín Thiar ina cnámh spairne sna 1940idí. Sna tréimhse 1949-1990, bhí an chathair dealaithe ina dhá cuid, Beirlín Thoir agus Beirlín Thiar. Ba í Beirlín Thoir príomhchathair Dhaonphoblacht na Gearmáine, ach bhí stádas Bheirlín Thiar ina cnámh spairne. Ba é dearcadh mhuintir na cathrach féin gur ceann de stáit de Phoblacht Chónasctha na Gearmáine a bhí ann, ach ní raibh na cumhachtaí forghabhála, an tAontas Sóivéadach ach go háirithe, sásta glacadh leis seo. Ba é polasaí Dhaonphoblacht na Gearmáine, ach go háirithe, Selbständige Politische Einheit West-Berlin ("Slánaonad Polaitiúil Neamhspleách Bheirlín Thiar") a thabhairt ar an leath thiar den chathair.
Ar 24 Meitheamh 1948, d’ordaigh Stailín go ndruidfí gach bóthar, iarnród agus bealach uisce isteach go Beirlín Thiar. Tugadh ‘fadhbanna teicniúla’ mar fháth oifigiúil ar an chinneadh seo.
Sa bhliain 1949, tharla aertharlú chun Beirlín Thiar a shábháil. Tógadh dhá mhilliún tona earraí isteach le linn na tréimhse seo. Cuireadh deireadh leis ar 12 Bealtaine 1949.[1]
1960[cuir in eagar | athraigh foinse]
Bhí Beirlín suite i lár na coda Sóivéadaí den Ghearmáin. Ach bhí daoine ábalta éalú ón oirthear ag úsáid iarthar Bheirlín mar bhealach éalaithe. Deirtear go raibh níos mó ná dhá mhilliún i ndiaidh éalú ón oirthear ar an bhealach seo (ar feadh 1949-1961). Ar ndóigh, ní raibh cead ag na daoine seo an tír a fhágáil.
Chuir eachtraí 1960 le teannas agus le héiginnteacht mhuintir na Gearmáine. Dá bharr sin, theith níos mó daoine go hiarthar Bheirlín. Agus mar gheall air sin, bhí ganntanas lucht saothair in oirthear na cathrach dá bharr. Lean an tuile seo ar aghaidh fiú nuair a thóg na húdaráis sconsa i 1960.
Bhí na figiúirí seo ina ábhar buartha ag muintir APSS i 1960 ar dhá chúis:
• Bhí APSS ag cailleadh daonra/lucht oibre;
• Thug sé le fios gurbh fhearr le daoine maireachtáil faoin chóras chaipitleach ná faoin chóras chumannach. De bharr infheistíocht na Meiriceánach bhí iarthar Bheirlín mar a bheadh fógra beo ann don chaipitleachas. Bhí go leor de mhuintir an Oirthir ag lorg an chineáil saoil a gheall an caipitleachas dóibh.
I 1960 d’fhreastail Nicíte Cruistsiof ar chruinniú i bPáras le ceannairí an Iarthair. Rinne sé iarracht iad a mhealladh le Beirlín a fhágáil. Ach tháinig deireadh leis an chruinniú seo nuair a d’fhógair sé gur scaoil na Rúisigh eitleán spiaireachta U2 ón spéir agus é ag eitilt os cionn thailte APSS.
1961[cuir in eagar | athraigh foinse]
D’aithin Cruistsiof nach dtiocfadh leis an teitheadh a cheadú ní ba mhó.. D’ordaigh an Ceannaire Rúiseach go dtógfaí balla ollmhór idir iarthar agus oirthear na cathrach. Ag an am céanna, bhí an SPSS ag súil le brú a chur ar an Iarthar le tarraingt amach as Beirlín
Scoilteadh Beirlín go buan i Lúnasa 1961: bhí tús curtha le tógáil an bhalla ar an 13 Lúnasa 1961. Cuireadh gardaí armtha ar bharr an bhalla agus scaoileadh daoine a rinne iarracht éalú. Mar gheall air sin, thit líon na dteifeach go suntasach.
Dúirt na Rúisigh ag an am gur cumhachtaí an Iarthair ag baint úsáid as Beirlín Thiar mar ionad le haghaidh gníomhaíocht réabhlóideach in éadan na Gearmáine Thoir.
Labhair SAM go láidir in éadan an ghnímh se. Ach ní dhearna siad ní ba mhó ná sin ar eagla go dtosófaí cogadh. Ach ba léir go raibh an babhta seo den chogadh fhuar bainte ag na Sóivéadaigh. Labhair an tUachtarán Kennedy faoi Bhalla Bheirlín ag an am: dúirt sé "dá mba mhian leis na Rúisigh ionsaí a dhéanamh orainn ní ag cur sconsaí in airde a bheadh siad . . . níl mise ag dul a bheith chomh buartha sin faoi seo".
1963: Óráid JFK i mBeirlín Thiar[cuir in eagar | athraigh foinse]
Ar an 26 Meitheamh 1963, chuaigh Kennedy ar chuairt reatha go dtí Beirlín Thiar. Bhí na sluaite daoine amach ar na sráideanna, agus thóg Kennedy óráid i gcoinne an chumannachais. Deirtear go raibh daoine ar an taobh eile den bhalla ag tabhairt bualadh bos dó, chun agóid a dhéanamh i gcoinne na Rúiseach[4].
Dúirt Kennedy go léirigh an balla loiceadh an chumannachais. Tá cáil ag an óráid inniu mar gheall ar na bhfocail stairiúla "Ich bin ein Berliner". Thug uachtarán SAM 'Beirlíneach' air féin, ag léiriú a chuid tacaíochta do mhuintir iarthar na cathrach.
Meastar go raibh 5/6 den daonra amach ag éisteacht le Kennedy ar an lá seo.
1960idí - 1989[cuir in eagar | athraigh foinse]
Thaispeáin eachtraí san Ungáir i 1956 go raibh sé dodhéanta ag tíortha Oirthear na hEorpa briseadh saor ó smacht na gCumannaithe.
I mBeirlín, áfach, ní thiocfadh a rá go raibh seo amhlaidh maidir le daoine aonair. D'éalaigh daoine ón ansmacht de réir a chéile.[5]
1989-1990[cuir in eagar | athraigh foinse]
Thit Balla Bheirlín i 1989. Nuair a tháinig deireadh leis an gCogadh Fuar, ceann de na siombailí ba chumhachtaí don athrú mór seo ab ea an dóigh ar chuir an chosmhuintir an balla de dhroim an tsaoil.
I mí Dheireadh Fómhair 1989, bhí cuid mhór teannais i Moscó. Agus d’éirigh ceannaire na Gearmáine Thoir, Erich Honicker, as a phost.
De réir mar a chuaigh ardteannas ann, thosaigh daoine i ndeisceart na Gearmáine ag sárú teorainneacha. D’imigh a lán Gearmánach Oirthearach tríd an Ungáir agus an Ostair isteach chuig an Ghearmáin Thiar.Bhí pobail an Chuirtín Iarainn bréan de bhlianta den chos ar bolg agus den mheath gheilleagrach, bhí siad ag amharc ar a raibh ag titim amach sa Rúis agus suim mhór acu ann. Murab ionann agus an cás do Bheirlín i 1960, níor cuireadh ina gcoinne beag ná mór nuair a bhris an pobal saor. Tuigeadh dóibh go raibh saoirse ar fáil dóibh féin ach iad í a ghlacadh.
I mí Dheireadh Fómhair, thug Míchail Gorbaitsov cuairt ar Bheirlín Thoir agus spreag na daoine le brú ar son an daonlathais.
Osclaíodh Balla Bheirlín, rud a lig do dhaoine gluaiseacht soir siar trí Bheirlín go saoráideach. Ó 9 Samhain amach, bhí daoine in ann ag dul anonn agus anall thar an teorann, gan rialú teorann. Tháinig teifigh ina sluaite trasna na teorann.

Ach leagadh Balla Bheirlín níos déanaí, sa bhliain 1990. Ar 23 Eanáir 1990, chuir saighdiúirí teorann tús leis an obair go neamhoifigiúil,[3] chun na píosaí is fearr le graifítí a dhíol. Bhí suim ag na bailitheoirí ealaíne sa séadchomhartha stairiúil agus bhí 'obair chaomhnaithe' ar an 'ealaín' de dhíth.[6] Ag an am céanna, bhí údaráis na cathrach ar an ngannchuid.
Ar 19/20 Feabhra, cuireadh tús le leagan Balla Bheirlín ar an mórchóir... nuair a scrios na péas 2km idir Checkpoint Charlie agus an Geata Brandenburg agus cuireadh suas eangach chosanta ina áit.[7]
Eisíodh an ordú scartála níos déanaí, agus thosaigh an obair ar bhonn oifigiúil, ar an 13 Meitheamh 1990. Níl rud ar bith fágtha inniu, beagnach;[8] thapaigh muintir na cathrach gach deis chun lorg an uafáis a ghlanadh as an áit.[2]
Ar 3 Deireadh Fómhair 1990, athaontaíodh an Ghearmáin.
Tionchar[cuir in eagar | athraigh foinse]
Dúirt an fealsúnaí Francis Fukuyama gurbh é beart deiridh na staire é. Is é an teagasc a bhí aige siúd go raibh an bua sa deireadh ag an nua-liobrálachas agus ag córas an rachmais agus gur mar sin a d’fhanfadh cúrsaí sa domhan go deo aríst.[9] Cheap Fukuyama go raibh na ceisteanna faoin chaipitleachas agus faoin liobrálachas réitithe nuair a thit Balla Bheirlín, rud nach fíor ar chor ar bith.[10]
Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ 1.0 1.1 St Marys, Béal Feirste. "An Cogadh Fuar". Dáta rochtana: 2020.
- ↑ 2.0 2.1 Méabh Ní Thuathaláin (7 Samhain 2019). "An fear a rinne tuairisc Ghaeilge ó Bhalla Bheirlín an lá a leagadh é ar an láthair arís" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-02-20.
- ↑ 3.0 3.1 cogg.ie. "An Ghearmáin". Dáta rochtana: 2022.
- ↑ aisaonad, St Marys, Belfast
- ↑ "Escape from East Berlin" (as en) (2019-10-13). Wikipedia.
- ↑ AP. "Berlin Wall, 23 Eanáir 1990". AP Images. Dáta rochtana: 2022-01-23.
- ↑ "Chronicle of the Berlin Wall 1990 | Chronicle of the Wall". www.chronik-der-mauer.de. Dáta rochtana: 2020-04-29.
- ↑ Tá iarsmalann ann ː. "The Wall Museum East Side Gallery" (en). www.visitberlin.de. Dáta rochtana: 2022-01-23.
- ↑ Seosamh Ó Cuaig (5 Samhain 2019). "Ní raibh mórán trua ag na gardaí teorann ón taobh thoir dom – cuimhní ar Bhalla Bheirlín" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-02-20.
- ↑ Scríobh sé an leabhar "The End of History"