Ich bin ein Berliner

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Fís: 26 Meitheamh 1963 i mBeirlín

Agus é ar cuairt ar Bheirlín Thiar ar an 26 Meitheamh 1963, thug uachtarán SAM, John F Kennedy, Beirlíneach air féin, ag léiriú a chuid tacaíochta do mhuintir iarthar na cathrach,

Tá cáil ar an óráid go háirithe mar gheall ar na bhfocail stairiúla "Ich bin ein Berliner" ("Is Beirlíneach mé" as Gaeilge). Bhí na sluaite daoine amach ar na sráideanna, agus thóg Kennedy óráid i gcoinne an chumannachais. Deirtear go raibh daoine ar an taobh eile den bhalla ag tabhairt bualadh bos dó an am, chun agóid a dhéanamh i gcoinne na Rúiseach.[1] Dúirt Kennedy go léirigh an balla loiceadh an chumannachais.

na nótaí a bhí ag Kennedy i 1963, iarsmalann Kennedy, Beirlín

Meastar go raibh 5/6 den daonra amach ag éisteacht le Kennedy ar an lá seo.

Labhair SAM go láidir in éadan an bhalla. Ach ní dhearna siad ní ba mhó ná sin. Cinnte bhí eagla orthu go dtosófaí cogadh.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]