Francis Fukuyama
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | (en) Yoshihiro Francis Fukuyama 27 Deireadh Fómhair 1952 72 bliana d'aois Hyde Park, Illinois |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Harvard Ollscoil Kansai Ollscoil Cornell State College Area High School (en) |
Céim acadúil | dochtúireacht |
Teanga dhúchais | Béarla |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Fealsúnacht, eacnamaíocht, eolaíocht pholaitiúil, eacnamaíocht agus polaitíocht agus polaitíocht an Domhain |
Gairm | scríbhneoir, eacnamaí, fealsamh, blagálaí, eolaí polaitiúil, grianghrafadóir |
Fostóir | Ollscoil Johns Hopkins Ollscoil George Mason Ollscoil Kansai |
Mac/iníon léinn de chuid | Samuel P. Huntington agus Allan Bloom |
Teangacha | Béarla |
Saothar | |
Saothar suntasach | |
Teaghlach | |
Athair | Yoshio Fukuyama |
Gradam a fuarthas
| |
Suíomh gréasáin | fukuyama.stanford.edu |
Fealsamh, eacnamaí agus eolaí polaitíochta Meiriceánach is ea Yoshihiro Francis Fukuyama, a rugadh ar 27 Deireadh Fómhair 1952 in Chicago, Illinois. Tá tionchar sách mór aige ar dhioscúrsa polaitíochta an lae inniu, as a théis um “dheireadh na staire” go háirithe. Tá Fukuyama ina Chomhalta Sinsearach ag an Freeman Spogli Institute for International Studies ag Ollscoil Stanford faoi láthair. Is ball freisin é den Fhóram Idirnáisiúnta i gcomhair Léann Daonlathach de chuid na Dearlaice Náisiúnta i gcomhair Daonlathais. Bhíodh sé ina bhall de roinn na heolaíochta polaitiúla sa RAND Corporation.
A luathshaol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh Francis Fukuyama i Hyde Park, comharsanacht i Chicago. Chuir a sheanathair ar thaobh a athar faoi ar chósta thiar Mheiriceá i ndiaidh imeacht ón tSeapáin chun an Cogadh Rúis-Sheapánach a sheachaint. Rith sé siopa ansin gur cuireadh i gcampa é le linn an Dara Cogadh Domhanda. Oileadh athair Francis, Yoshio Fukuyama, mar mhinistéir san Eaglais Phobalda. Fuair sé dochtúireacht i socheolaíocht in Ollscoil Chicago agus mhúin sé cúrsaí creidimh. Rugadh a mháthair, Toshiko Kawata Fukuyama, in Kyoto na Seapáine. Iníon Shiro Kawata í, fear a bhunaigh Roinn na hEacnamaíochta in Ollscoil Kyoto agus arbh é an chéad uachtarán ar Ollscoil Chathair Osaka é. D'fhás Francis aníos in Manhattan mar pháiste aonarach, gan chur amach rómhór aige ar chultúr na Seapáine agus gan an tSeapáinis a fhoghlaim. Chuaigh a thuismitheoirí a chónaí in State College, i bPennsylvania, sa bhliain 1967.
Oideachas
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bronnadh céim bhaitsiléara i gclasaicí air in Ollscoil Cornell. Rinne sé staidéar ansin ar an bhfealsúnacht pholaitiúil faoi Allan Bloom. Ina dhiaidh sin, thug sé aghaidh ar Ollscoil Yale mar ar rinne sé litríocht chomparáideach, sé mhí i bPáras faoi Roland Barthes agus Jacques Derrida i measc daoine eile, ach níor mhair a shuim san ábhar sin. D'aistrigh sé go hOllscoil Harvard ansin agus rinne sé staidéar ar an eolaíocht pholaitiúil faoi Samuel P. Worthington agus Harvey Mansfield. Bronnadh Ph.D. san eolaíocht pholaitúil air in Ollscoil Harvard as a théis faoi bhagairtí Sóivéadacha sa Mheánoirthear. Sa bhliain 1979 chuaigh sé leis an RAND Corporation. Bhí baint aige leis an Telluride Association agus Ollscoil George Mason. Bhí sé ina ollamh agus ina stiúrthóir san Paul H. Nitze School of Advanced International Studies in Ollscoil Johns Hopkins in Washington, D.C. ar feadh 10 mbliana. Sa bhliain 2010 chuaigh sé le Stanford, i gCalifornia.
Deireadh leis an stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá cáil faoi leith ar Fukuyama de bharr a leabhar úd The End of History and the Last Man (1992), leabhar inar áitigh sé go bhfuil deireadh tagtha nach mór le gach troid idé-eolaíoch mar bhí bua ag an daonlathas liobrálach i ndiaidh deireadh an Chogaidh Fhuair agus titim Bhalla Bheirlín. Scríobh sé gur b’fhéidir go dtiocfadh stad le héabhlóid idé-eolaíoch an chine dhaonna, is é sin go mbeadh liobrálachas polaitiúil agus eacnamaíoch i réim i ngach áit sa todhchaí.
Cháin roinnt mhaith daoine an téis seo. Scríobh Ralf Dahrendorf gur thug aiste Fukuyama a 15 nóiméad de chlú do Fukuyama agus b’shin é.[1] Mhol cuid smaointeoirí Fukuyama, áfach. Dúirt Amitai Etzioni go raibh Fukuyama ar an dornán inlteachtóirí a maireodh a smaointe.[2] An phríomhchúis le cáineadh na n-intleachtóirí, b’fhéidir, ná gur ionsaí a bhí in The End of History ar an iarnua-aoiseachas atá láidir sna hollscoileanna le blianta anus.
Bhí Fukuyama ceangailte le fada leis an nua-choimeádachas, ar a laghad ó na 1980idí agus eisean ina chomhairleoir don Uachtarán Ronald Reagan. Chuidigh sé le forbairt Dúnghaois Reagan. I ndiaidh ionsaithe 9/11 sa bhliain 2001, bhí Fukuyama orthu siúd a mhol cur chuige láidir don Uachtarán George W. Bush sa Mheán Oirthear. De réir a chéile, agus eisean ag amharc ar thorthaí na dúngaoise céanna chomh maith leis an mbealach a bhí Bush agus a fhoirean á cur i gníomh, tháinig díomá air. Deir sé go bhfuil a chuid tuairimí féin níos cóngaraí don chur chuige ar a dtugtar Réalachas Wilson, dúnghaois an Uachtaráin Woodrow Wilson a raibh páirt níos mó ann don idéalachas agus don 'chumhacht bhog'. D'fhógair sé sa bhliain 2008 go gcaithfeadh sé a vóta do Barack Obama mar uachtarán.
Leabharliosta
[cuir in eagar | athraigh foinse]- The End of History and the Last Man. Free Press, 1992. ISBN 0-02-910975-2
- Trust: The Social Virtues and the Creation of Prosperity. Free Press, 1995. ISBN 0-02-910976-0
- The Great Disruption: Human Nature and the Reconstitution of Social Order. Free Press, 1999. ISBN 0-684-84530-X
- Our Posthuman Future: Consequences of the Biotechnology Revolution. Farrar, Straus and Giroux, 2002. ISBN 0-374-23643-7
- State-Building: Governance and World Order in the 21st century. Cornell University Press, 2004. ISBN 0-8014-4292-3
- America at the Crossroads: Democracy, Power, and the Neoconservative Legacy (Yale University Press, 2006). ISBN 0-300-11399-4
- After the Neo Cons: Where the Right went Wrong. Profile Books, 2006. ISBN 1-86197-922-3 (N.B. Foilsíodh an leagan seo i SAM mar America at the Crossroads féach thuas)
- Falling Behind: Explaining the Development Gap between Latin America and the United States, ed. (Oxford University Press, 2008). ISBN 978-0-19-536882-6
- The Origins of Political Order. Profile Books, 2011. ISBN 978-1846682568
- Political Order and Political Decay: From the Industrial Revolution to the Globalization of Democracy. Farrar, Straus and Giroux, 2014. ISBN 978-0-374-22735-7
Aistí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- "The End of History?" The National Interest, Samhradh, 1989
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Dahrendorf (1990) Reflections on the revolution in Europe lch. 37
- ↑ "History's Pallbearer". The Guardian.
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Blag Francis Fukuyama ag The American Interest Curtha i gcartlann 2013-11-17 ar an Wayback Machine
- Leathanach baile Francis Fukuyama ag Ollscoil Stanford
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |