Mainz
Is í Mainz príomhchathair an stáit Tír na Réine agus an Phalaitíneacht sa Ghearmáin.
Tá an chathair suite cois abhainn na Réine in oirthear an stáit ar an teorann leis an stát Hessen. Bhí timpeall 200,000 duine ina gcónaí inti sa bhliain 2011 agus is í Mainz an chathair is mó i dTír na Réine agus an Phalaitíneacht.
Tá ceanncheathrú stáisiún teilifíse ZDF lonnaithe i Mainz agus na stiúideonna is tábhachtaí chomh maith. Tá an ZDF ar cheann de na stáisiúin teilifíse is mó san Eoraip.
Chomh maith le sin, tá ollscoil thábhachtach ann freisin. Bunaiodh Ollscoil Mainz nó Ollscoil Gutenberg (Gearmáinis: Johannes Gutenberg-Universität), mar a thugtar anois uirthi, sa bhliain 1477. Faoi láthair, tá breis is 35,000 mac léinn ag freastal ar an ollscoil.
Íomhánna[cuir in eagar | athraigh foinse]
Mainz (ar dheas) agus Wiesbaden (ar chlé) ón spéir.
Colún ó Ré Rómhánach (Gearmáinis: Jupitersäule)
Dealbh Gutenberg le Bertel Thorvaldsen (1837) ar Chearnóg Gutenberg (Gutenbergplatz)
Daoine aitheanta[cuir in eagar | athraigh foinse]
- Johannes Gutenberg, clódóir Gearmánach a rugadh i Mainz timpeall 1400.
- Franz Bopp (1791-1867), teangeolaí Gearmánach a rugadh i Mainz.
Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]
![]() |
Tá a thuilleadh meán ag Cómhaoin Wikimedia a bhaineann le: Mainz. |
![]() |
Is síol faoi thíreolaíocht na Gearmáine é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |